scríbhneoir Francach From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Francach ab ea Anatole France (1844 - 1924), nó François Anatole Thibault mar atá a ainm scríte ar a theastas baiste.
Do rugadh é ar an 16ú lá d'Aibreán i bPáras na Fraince agus do fuair sé bás ar an 12ú lá de Dheireadh Fómhair i Saint-Cyr-sur-Loire, común atá suite gar do Thours na Fraince. Deirtear gurbh eisean duine desna scríbhneoirí ab fhearr agus is tábhachtaí a bhídís ag obair le linn na Troisième République (Gaeilge: 'An Tríú Poblacht'), mar a thugtar ar thréimhse staire na Fraince idir 1870 agus 1940.
Do chum Anatole France cuimse saothar - léirmheastóireacht liteartha, aistí, drámaí, úrscéalta, gearrscéalta agus dánta ina measc. Is iad na húrscéalta Le Crime de Sylvestre Bonnard, membre de l'Institut (1881), L’Île des Pingouins (1908), Les Dieux ont soif (1912) agus an leabhar dírbheathaisnéiseach Le Livre de mon ami (1885) cúpla ceann desna saothair dá chuid. Do moladh Duais Nobel na Litríochta dó sa bhliain 1921 mar aitheantas ar a shaothar iomlán.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.