Cráitéar
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ísliú ciorclach i ndromchla reanna phláinéadaigh é cráitéar.[1] Rinneadh an chuid is mó díobh ar Mhearcair, an Ghealach agus na satailítí nádúrtha de chuid na bpláinéad trí imbhuailtí dreigítí nó cóiméad i bhfad ó shin. Tá cráitéir bholcánacha ar an nGealach, Mars, Véineas agus Io (ceann de shatailítí Iúpatair) freisin. Tá cráitéir ar Domhan a tharla mar thoradh ar imbhuailtí dreigítí (mar shampla, Cráitéar na Dreigíte) agus pléascthaí bolcánacha (mar shampla, Loch an Chráitéir in Oregon).[2]