Mearcair (pláinéad)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Mearcair an pláinéad is gaire don Ghrian sa ghrianchóras, agus is é is mírialta fithis i ndiaidh Phlútóin.
Mearcair | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Cineál | pláinéad laistigh agus pláinéad laistigh an ghrianchórais | ||||||
Fionnachtaí | luach anaithnid | ||||||
Dáta fionnachtana | luach anaithnid, luach anaithnid | ||||||
Eapainm | Mearcair | ||||||
Réad tuismitheora | an Ghrian | ||||||
Réad linbh | |||||||
Aois | J2000.0 | ||||||
Sonraí fithiseacha | |||||||
Apaipsis | 0.4667 AU 69,817,445 km | ||||||
Pearaipsis | 0.3075 AU (arg (ω): 29.124) 46,001,009 km (arg (ω): 29.124) | ||||||
Ais mhór a | 57,909,176 km agus 0.38709893 AU[1] | ||||||
Éalárnacht e | 0.20563593[2] | ||||||
Tréimhse fhithiseach P | 87.969 d[3] | ||||||
Tréimhse shionodúil | 115.88 d | ||||||
Meán-Aimhrialtacht M | 174.796 ° | ||||||
Claonadh i | 7.00497902 ° ↔ éiclipteach[2] | ||||||
Fad an nóid éirithigh Ω | 48.33076593 °[2] | ||||||
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||||||
Fad ón Domhan | 82,000,000 km (peirigí) 217,000,000 km (apaigí) | ||||||
Ga | meán: 2,439.7 km[4] meánchiorcal: 2,439.7 km[4] molach: 2,439.7 km[4] | ||||||
Trastomhas | 4,878 km[5] | ||||||
Leacú | 0 | ||||||
Méid dhealraitheach (V) | 1.9 (banda V)[6] | ||||||
Trastomhas uilleach | 4.5 "[7]–13 "[7] | ||||||
Achar dromchla | 74,800,000 km²[8] | ||||||
Mais | 330 Yg | ||||||
Toirt | 60,830,000,000 km³[8] | ||||||
Meándlús | 5.427 g/cm³[8] | ||||||
Imtharraingt dromchla | 3.7278 m/s² | ||||||
Dronairde (α) | 18h 44m 2.4s[6] | ||||||
Diallas (δ) | 61° 24′ 50.4″[6] | ||||||
Ailbéideacht | 0.068 (ailbéideacht Bond)[9] | ||||||
Teocht an dromchla |
| ||||||
Cuid de | Grianchóras laistigh | ||||||
Le cuid |
Pláinéad carraigeach é Mearcair a bhfuil croí iarainn ina lár agus maintlín de charraig shileacáite air. Tá Mearcair ar an dara pláinéad is lú sa ghrianchóras, má áirítear Plútón mar phláinéad ar aon nós. Tá méid dhealraitheach Mhearcair ag luainiú idir −0.4 agus 5.5, agus is é an fadú is mó a dhealaíonn ón nGrian ar an spéir é ná 28.3°. Is é is ciall dó seo go gcloíonn Mearcair leis an nGrian chomh cóngarach is nach féidir linn é a aithint ach le clapsholas. Níl muid ró-eolach ar Mhearcair, nó níor tháinig aon spásárthach nó spástaiscéalaí ina ghaire i ndiaidh Mariner 10. Mhapáil an ceann sin 40-45% de dhromchla Mhearcair sna blianta 1974-1975, ach ní dhearnadh léarscáiliú ar bith ar an gcuid eile den phláinéad.
Tá Mearcair cosúil go leor lenár nGealach féin, chomh criathraithe agus atá sé le cráitéir, agus ní féidir a mhaíomh go mbeadh atmaisféar aige. Níl aon satailít nádúrtha aige ach an oiread. Bíonn an teocht ar dhromchla an phláinéid ag luainiú idir 90 agus 700 K, is é sin, -180 agus 430 °C. Ós rud é go bhfuil croí iarainn ag an bpláinéad, agus é, fiú, réasúnta mór i gcoibhneas an phláinéid féin, tá réimse maighnéadach ag Mearcair agus é thart ar 1 % de réimse maighnéadach an Domhain. Is é an pointe foghréine an áit is teo, agus is iad na cráitéir timpeall na bpol na cinn is fuaire.
B'iad na Rómhánaigh a bhaist an t-ainm Mearcair ar an bpláinéad seo, chomh sciobtha agus atá sé ag dul ar aghaidh ar an spéir, cosúil le Mearcair nó Mercurius, teachtaire na ndéithe, i miotaseolaíocht na sean-Róimhe. Roimh an gcúigiú haois roimh bhreith Chríost, shíleadh réalteolaithe na Gréige nach aon rinn neimhe amháin a bhí ann, ach dhá cheann.
Is é an t-ainm atá ag na Sínigh agus ag a gcuid comharsan ar Mhearcair ná Réalt an Uisce, siúd is gur deacair aon áit a shamhlú a bheadh chomh gann in uisce le Mearcair. Rasoom a bhí ag Edgar Rice Burroughs ar Mhearcair ina chuid leabhar faoi John Carter, ach ní raibh aon ról ar leith ag an bpláinéad seo in eachtraí an laoich. Is dócha nár chuir Mearcair riamh fantaisíocht na scríbhneoirí ag obair, ós rud é go bhfuil a fhios ag an saol le fada gur pláinéad tirim seasc atá ann.