Véineas (pláinéad)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Véineas an dara pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras. B'í Véineas bandia an ghrá agus na háilleachta ag na Rómhánaigh (Afraidíté ag na Gréagaigh, Ishtar na Babalóine). Ós í Véineas an pláinéad is gile sa spéir, b'eol do dhaoine í a bheith ann ó thús ama. Tugadh Réalt na Maidne agus Réalt an Tráthnóna ar Véineas chomh maith. Níl gealach ar bith aige. Tá an lá níos faide ná an bhliain ann (243 lá de chuid an domhain), agus ós rud é go bhfuil Véineas ag rothlú thar a hais i dtreo chontrártha, feictear an Ghrian ag éirí san iarthar agus ag dul faoi san oirthear. Tá an pláinéad beagnach ar aon mhéid leis an Domhan agus tá an t-atmaisféar tiubh trom, 90 uair níos dlúithe ná atmaisféar an domhain. Is í dé-ocsaíd charbóin an gás is flúirsí san atmaisféar, rud a chiallaíonn go bhfuil an iarmhairt ceaptha teasa i bhfad níos láidre ar Véineas ná ar an Domhan. Mar sin, tá an teocht an-ard ar fad ann, os cionn 400 °C. Gleannta míne is mó atá ar an dromchla. Ar ndóigh, tá sé róthe le farraigí ar bith a bheith ann.
Véineas | |||
---|---|---|---|
Cineál | pláinéad laistigh an ghrianchórais agus pláinéad laistigh | ||
Eapainm | Véineas | ||
Réad tuismitheora | An Ghrian | ||
Aois | J2000.0 | ||
Sonraí fithiseacha | |||
Apaipsis | 0.72823 AU 108,942,109 km | ||
Pearaipsis | 0.71843 AU (arg (ω): 131.60247) 107,476,259 km (arg (ω): 131.60247) | ||
Ais mhór a | 108,208,930 km agus 0.723332 AU | ||
Éalárnacht e | 0.00677672[1] | ||
Tréimhse fhithiseach P | 224.7 d[2] agus 19,414,148 s[3] | ||
Tréimhse shionodúil | 583.92 d | ||
Meán-Aimhrialtacht M | 50.115 °[4] | ||
Claonadh i | 3.39467605 ° ↔ Solar equator (en) 3.39471 ° ↔ éiclipteach 2.19 ° ↔ invariable plane (en) [1] | ||
Fad an nóid éirithigh Ω | 76.67984255 °[1] | ||
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||
Fad ón Domhan | 261,000,000 km (apaigí) 38,000,000 km (peirigí) 108,000,000 km (mód, meán, airmheán)[5] | ||
Ga | meánchiorcal: 6,051.8 km[6] | ||
Trastomhas | 12,103.6 km[7] | ||
Leacú | 0 | ||
Méid dhealraitheach (V) | −4.8 (banda V)[4] | ||
Trastomhas uilleach | 9.7 "–66 "[8] | ||
Achar dromchla | 460,230,000 km²[4] | ||
Mais | 4,867.5 Yg | ||
Toirt | 928,430,000,000 km³[4] | ||
Meándlús | 5.243 g/cm³[4] | ||
Imtharraingt dromchla | 8.9 m/s²[4] | ||
Dronairde (α) | 18h 11m 2.4s[4] | ||
Diallas (δ) | 67° 9′ 36″[4] | ||
Ailbéideacht | 0.689 0.59 (luach anaithnid)[5] | ||
Teocht an dromchla |
| ||
Cuid de | Grianchóras laistigh | ||
Le cuid |
Cuireadh an chéad spáslong go Véineas sa bhliain 1962 agus is iomaí árthach eile a cuireadh ann ó shin, an spásárthach Venera 7 de chuid na Rúise, an chéad árthach a thuirling ar phláinéad choimhthíoch, ina measc. Taiscéalaithe gan daoine a bhí iontu ar fad, ar ndóigh. Rachadh sé rite le duine daonna coinníollacha Véineas a sheasamh, fiú dá gcaithfeadh sé culaith spáis.