Galar tógálach dainséarach víreasach is ea an confadh a oibríonn ar an néarchóras. Zónóis atá ann, is é sin, galar ar féidir leis an duine é a tholgadh ó ainmhí.
Tá an confadh ar cheann de na galair zónóiseacha is marfaí ar domhan agus faigheann nach mór 60,000 duine bás gach bliain mar gheall air.[1]
Tá an confadh ar cheann de na galair is mó a chuireann eagla ar na daoine ar fud an domhain, nó nuair a thiocfaidh an galar chun solais ar an othar, ní bheidh le déanamh ach maolú ar a phianta roimh an mbás. Is féidir, áfach, an confadh a stopadh trí vacsaín a thabhairt dó sula n-aithnítear airíonna an ghalair air.