Siabhránacht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Siabhránacht (nó bréagchéadfa) a thugtar ar aireachtáil chéadfach gan aon spreagadh don orgán cuí céadfach. Is féidir aon cheann de na céadfaí a bheith i gceist — radharc, éisteacht, boladh, blas, tadhall — agus siabhránacht dúlagair freisin. Tarlaíonn siabhránacht le linn meabharghalair ar nós scitsifréine, le linn mearbhaill, le linn tinnis coirp no úsáid drugaí nó biotáille, nó le nimhiú. Sa chás is soiléire, bíonn duine ina lándúiseacht agus an aireachtáil taobh amuigh den cholainn. Ciallaíonn sé seo cailliúint teagmhála le réaltacht, ach is féidir lena leithéid tarlú nuair a bhíonn duine faoi chumha, mar shampla. Thug an lia Francach Jean-Étienne Esquirol (1772-1840) an téarma isteach den chéad uair.[1]
Fíricí Gasta Cineál, Speisialtacht leighis ...
Cineál | psychopathological symptom (en) , briseadh, perceptual distortion (en) agus comhartha ginearálta |
---|---|
Speisialtacht leighis | síciatracht, medical psychology (en) agus síciteiripe |
Aicmiú | |
ICD-10 | R44 |
ICD-9 | 780.1 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 19769 |
MedlinePlus | 003258 |
Patient UK | Odd-Ideas-Delusions-and-Hallucinations |
MeSH | D006212 |
UMLS CUI | C0018524 agus C0235153 |
Dún