![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/12/Philippe_Pinel_%25C3%25A0_la_Salp%25C3%25AAtri%25C3%25A8re.jpg/640px-Philippe_Pinel_%25C3%25A0_la_Salp%25C3%25AAtri%25C3%25A8re.jpg&w=640&q=50)
Síciatracht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhair agus le galar meabhrach nó galar intinne.
![]() | Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Tugtar síciatraí ar dhochtúir leighis a chleachtann síciatracht.
Tugtar síceolaí ar dhuine a traenáladh i ngnáth-shíceolaíocht agus i síceolaíocht galra meabhrach, de ghnáth gan traenáil sa leigheas. Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le hothair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titimeas, galar Parkinson, nó stróc.
Seachas galar meabhrach ar nós scitsifréine nó mire thaghdach, bíonn freastal ag síciatrithe orthu siúd a mbíonn trioblóid míshuaimhneachas, trioblóid clainne, pósta nó cúpla orthu, chomh maith leo siúd a mbíonn dementia (gealtachas le cailliúint scileanna agus cuimhne) nó mallintinneacht orthu.
Déanann síciatrigh áirithe speisialtiacht le hobair le gasúir agus leanaí, le sean-aoisigh, leo siúd a bhfuil trioblóid acu a bhaineann le drugaí nó le biotáille, nó leo siúd atá i dtrioblóid leis an dlí. Déanann cuid eile speisialacht ag obair le daoine a bhfuil tinnis coirp orthu, nó leo siúd atá i ndiaidh bheith i dtionóisc nó a raibh meall san inchinn acu a rinne dochar don inchinn.