An méadú i meánteocht an domhain agus an t-athrú aeráide atá ag tarlú faoi láthair de bharr losgadh guail agus ola ón bhlian 1850. From Wikipedia, the free encyclopedia
Na téarmaí athrú aeráide, téamh domhanda agus forthéamh domhanda ciallaíonn siad uilig an t-ardú i meánteocht an domhain de dheasca ardú CO₂ san aer ón Réabhlóid Thionsclaíoch i leith, agus na athraithe aeráide a eascraíonn uaidh seo, athraithe atá ag éirí i bhfad níos measa sna blianta beaga anuas.[1] De réir na heolaíochta, an duine agus a spleáchas ar ghual, ola agus gás nádúrtha is cúis leis an téamh domhanda gan stad agus an t-athrú aeráide.[2]
Tá fás i meánteocht an domhain le feiceáil leis na blianta,[3] agus athraithe aeráide dá dheasca sin. Má éiríonn an domhan níos teo, tá dainséar ann go n-athróidh sé sin cúrsaí báistí, srl agus go dtiocfaidh ardú ar leibhéal na farraige. Tá imní ar eolaithe freisin go n-éireoidh na ceantair thirime níos tirime fós, srl.
Ó 1970 ar aghaidh ardaíodh meánteocht an domhain (an t-aer, an talamh, is an fharraige) timpeall 1 °C. I 12 bhliain den 13 bhliain 1998-2009 bhí an mheánteocht níos mó ná riamh ó tosaíodh ar dhéanamh taifead.
Ciallaíonn sé seo go bhfuil an domhan ina iomláine ag fáil níos mó fuinneamh téite ón ngrian ná mar atá sé ag cailliúint trí aisradaíocht amach sa spás. Is de bharr athrú san iarmhairt cheaptha teasa ag an atmaisféar an téamh seo.[4]
Thar roinnt mílte bliain bhí cothromaíocht idir an méid teasa a ghabh an t-atmaisféar agus an méid a aisradaíodh gach bliain. Ach anois, mar thoradh ar bhreis dé-ocsaíd charbóin is meatáin (gáis cheaptha teasa) a bheith á sceitheadh san atmaisféar ag daoine, tá an tseanchothromaíocht idir ionchur is aschur teasfhuinnimh á cur as a riocht, agus an suaitheadh ag méadú in aghaidh na bliana.
D'fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith ann
Is deacair na torthaí sóisialta is polaitiúla uile a shamhlú, ach is féidir go mbeidh siad millteanach.[4]
Le 6 bliana anuas, bhí breis agus 2,000 eolaí ó breis agus 130 tír timpeall an domhain ag scríobh na meastóireachta is déanaí agus is cinnte fós maidir le hathrú aeráide. Is í seo an Cheathrú Tuarascáil Measúnúcháin den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide [PIRAA nó an IPCC] ó bhunaigh na Náisiúin Aontaithe agus an Eagraíocht Mheiteareolaíoch Dhomhanda é i 1988.
Tá sé soiléir ón tuarascáil seo a foilsíodh i bPáras ar an 4ú Feabhra 2007 nach bhfuil aon amhras anois ann ach go bhfuil athrú aeráide ag tarlú agus gurb é ardú an mhéid CO2 agus gáis eile san atmaisféar le 250 bliain anuas is ciontaí.
Tá leibhéil an CO2 san atmaisféar chomh maith leis na harduithe sna meánteochtaí domhanda níos airde anois ná am ar bith le 650,000 bliain. Ó 1850, tharla 11 de na 12 lá ba theo ó 1995. Tá an PIRAA ag tuar go n-ardófar teochtaí domhanda 3 °C eile faoi 2100. Creideann go leor eolaithe nach bhfuil againn ach 10 mbliana le polasaithe a chuir i bhfeidhm le hathrú aeráide tubaisteach a sheachaint.
Bheadh torthaí ollmhóra i gceist le hardú teochta 4 °C i dtíortha atá ag forbairt: gorta, fairsingiú fásaigh, imeacht na gcéadta speiceas, méadú ar ghalair cosúil le maláire agus tuilte ar thalamh íseal, ag cruthú na céadta milliún teifeach timpeallachta.
In Éirinn, sa ghearrthéarma ciallaíonn sé seo go mbeidh níos mó drochaimsire ann; go mbeidh sé níos fliche i rith an gheimhridh agus níos teo i rith an tsamhraidh. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ganntanas uisce in oirthear na tíre agus tuilte san iarthar.
Má tá muid ag iarraidh arduithe leibhéal farraige tubaisteacha a sheachaint, caithfear leá na n-oighearshruth móra sa Ghraonlainn agus san Antartaice a laghdú. Má leánn ceann amháin nó an dá oighearshruth seo, ardóidh leibhéil na farraige agus beidh an chuid is mó de mhórchathracha an domhain chomh maith le tíortha ar thalamh íseal, go leor acu le daonraí arda cosúil leis An Bhanglaidéis, faoi uisce.
D'fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) tuarascáil maidir le hathrú aeraide in Éirinn i mí Márta 2007.
Tuarann an tuarascáil na hathruithe diúltacha seo a leanas má ardaíonn an teocht domhanda suas le 2° Celsius:
Tá sé geallta go mbeidh ceantair chathrach i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh faoi uisce faoi lár an chéid seo. Dar leis an tuarascáil, tá báisteach níos troime geallta ó thús an fhómhair go deireadh an gheimhridh in iarthair na tíre. Leis sin, tá sé tuartha ag an EPA go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha eile in ndán do iarthair na hÉireann má ardaíonn teochta suas go 2° Celsius: deireadh le hiascaireacht agus feirmeoireacht bhradáin (de bharr ardú theocht na farraige), sciorrthaí portaigh/talún níos coitianta (mar go dtiocfaidh scoilteanna doimhne sna portaigh/sa talamh i rith an tsamhraidh agus líonfaidh na scoilteanna le báisteach i rith an gheimhridh), d'fhéadfadh tionscal na feamainne a bheidh i mbaol (de bharr ardú theocht na farraige). Tá stoirmeacha níos láidre tuartha chomh maith.
Ag comhdháil faoin aeráid i bPáras i mí na Nollag 2015, gheall 195 thír go bhfeacfaidís leis nach dtiocfadh méadú níos mó ná 2°C ar theocht an domhain (i gcomparáid leis an ré réamhthionsclaíoch).[5]
Ar 1 Meitheamh 2017, d’fhógair na Stáit Aontaithe, faoi stiúir Donald Trump, a rún tarraingt siar ó chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.