From Wikipedia, the free encyclopedia
Ciallaíonn an aeráid na gnáthchoinníollacha aimsire i réigiún in achar ama an-fhada— 30 bliain nó níos mó, de ghnáth. An difear mór idir an aeráid agus an aimsir, an méid ama i gceist. Féadfaidh an aimsir athrú ó nóiméad go nóiméad, ó lá go lá, ach is ionann an aeráid agus meán na haimsire in imeacht achar ama níos faide i limistéar sonrach.[1]
Is éard atá i gceist leis an aeráid ná na coinníollacha fadtéarmacha aimsire mar theocht, taise, gaoth, báisteach nó sneachta, a bhíonn i réim thar achar áirithe ama. Tugtar clíomeolaíocht ar staidéar eolaíoch ar na feiniméin seo.[2]
Rialaíonn fuinneamh radaithe ón ngrian í ar domhan. I bhfoirm radaíochta a fhaigheann an domhan an fuinneamh seo, agus ionsúnn an domhain cuid de, rud a théann a dhromchla. Athastaíonn an dromchla cuid den bhfuinneamh seo i bhfoirm solais infridheirg (de réir dlí Wien, le tonnfhaid níos lú ná radaíocht na gréine mar nach bhfuil dromchla an domhain chomh te le dromchla na gréine), agus ar an meán tarlaíonn cothromaíocht idir ionsú is athastú fuinnimh. Muna mbeadh a leithéid de chothromaíocht ann, théifí dromchla an domhain as cuimse.
Tagann gluaisní an domhain thart ar an ngrian agus a ais san áireamh. De bhrí go bhfuil ais an domhain claonta i dtaca lena fhithis thart ar an ngrian, ní hionann an oiread griansolais a thiteann ar an dá leathsféar an t-am ar fad i rith na bliana. Cuireann sé seo leis na hathruithe aeráide is bun leis na séasúir éagsúla sna leathsféir, samhradh sa leathsféar theas nuair atá sé ina gheimhreadh sa leathsféar thuaidh, agus a mhalairt.[2]
Tagann athruithe móra san aeráid thar thréimhsí an-fhada ama freisin, de bharr leathnú nó cúlú na n-oighearchaidhpeanna ar domhain, oIlbhrúchtaí bolcán, nó b'fhéidir imbhuailtí astaróideach.
Meastar go bhfuil an chothromaíocht idir ionsú is athastú fuinnimh curtha as a riocht i láthair na huaire ag astaíochtaí troma dé-ocsaíd charbóin is gáis cheaptha teasa eile san atmaisféar le cúpla céad bliain, agus go bhfuil forthéarnh domhanda ar siúl is athrú suntasach iarmharach aeráide.[2]
Is féidir Criosanna aeráide a shainmhíniú i dtéarmaí teochta agus déine báistí chun cur síos a dhéanamh ar a leithéid agus gaineamhlach, Steip na hEoráise, Foraoisí báistí agus oighearchaidhp pholach.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.