réaltbhuíon atá infheicthe i rith na bliana sa chuid is mó den leathsféar thuaidh From Wikipedia, the free encyclopedia
Is réaltbhuíon é an Béar Mór (an Camchéachta, an Céachta, nó an tSeisreach) atá infheicthe i rith na bliana ó gach áit ar leathsféar thuaidh an Domhain. Ursa Major an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn an béar is mó. Baineann an realtbhuíon seo le miotas Callisto.
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −30° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Aibreán an infheictheacht is fearr
Dún
Comhdhéanann na seacht réalta is gile dá chuid an astaireacht cháiliúil sin dá ngairtear in Éirinn agus sa Bhreatainan Camchéachta nó an Céachta (.i. the Plough as Béarla). As Gaeilge, tugtar an tSeisreach freisin air, a chiallaíonn an rud céanna. San am atá thart, thugtaí an seanainm Charles's Wain air, a chiallaíonn "Vaigín Shéarlais Mhóir". Baintear úsáid as an ainm seo i gCríoch Lochlann sa lá atá inniu ann: Karlavagnen.
Ceaptar gurbh é an bhunbhrí don ainm coitianta Gearmánach seo ná vaigín na mbodach (the churls' wagon, as Béarla) i gcomórtas le vaigín na mban (.i. an Béar Beag). Seans ann, áfach, gur ainmníodh as Séarlas Mór é, mar a dúradh thuas. Sa Rómáin, tugtar Carul Mare ("Vaigín Mór"), i gcomórtas le Carul Mic ("Vaigín Beag"), nó an Béar Beag.
I Meiriceá Thuaidh tugtar an Liach Mhór (The Big Dipper) go coitianta air, toisc go gcomhdhéanann na réaltaí is gile dá chuid imlíne léiche móire.
I ré na Sean-Róimhe tugadh Septentriones go coitianta ar seacht réalta an Chéachta. As Laidin, ciallaíonn an focal seo "seacht ndamh an chéachta", ach "an tuaisceart" ab fhíorbhrí leis. Anois is arís, thugtaí an t-ainm céanna ar na seacht réalta a chomhrinne astaireacht na Léiche Bige ar réaltbhuíon an Bhéir Bhig in aice láithreach.
Sa réalteolaíocht Hiondúch, tugtar (Vrihat) Sapta Rishi air, a chiallaíonn "na Seacht Saoithe (Móra)".
an Liach Mhór: Ó cheann na Léiche Móire go dtí an lámh, ainmnítear na seacht réalta Dubhe, Merak, Phecda (nó Phad), Megrez, Alioth, Mizar, agus Alkaid (nó Benetnash), agus tugtar an chéad seacht ainm Bayer faoi seach dóibh: Alfa, Beta, Gamma, Delta, Epsilon, Zeta agus Eta Ursae Majoris. Is neamhghnách an dáileadh seo d'ainmneacha Bayer, toisc go dtugtar an litir α go coitianta ar an gcéad nó an dara réalt is gile ar an réaltbhuíon. Is í Alioth, áfach, dá ngairtear freisin ε UMa, an réalt is gile ar an mBéar Mór.
Mizar: tá réalta choimhdeachta ag Mizar dá ngairtear Alcor; bhaintí úsáid fadó as an réalta dhúbailte leathan seo mar scrúdú súl. Ar mbeith di ar méid 4.1 nó mar sin, b'fhurasta Alcor a aimsiú ag an tsúil fhornocht de ghnáth, ach toisc go bhfuil sí i ngar do Mizar is deacra an dá cheann a thaifeach. Déanta na fírinne, is ilréaltaí iad araon Mizar agus Alcor – an chéad déréalta theileascópach agus an chéad déréalta speictreascópach a aimsíodh ar an spéir ina measc. Ba é an réalteolaí IodálachGiovanni Battista Riccioli a d'aimsigh don chéad uair, sa bhliain 1650, gur dhéréalta theileascópach í Mizar; agus ba é an réalteolaí MeiriceánachEdward Charles Pickering a d'aimsigh, sa bhliain 1889, gur dhéréalta speictreascópach í freisin.
Réaltaí Treoracha: tugtar na Réaltaí Treoracha ar an dá réalta dá ngairtear freisin Dubhe agus Merak, a chomhdhéanann ceann amháin den Chéachta, toisc go dtaispeánann siad treo na Réalta Thuaidh, nó Polaris. Tá an fad uilleach idir Dubhe agus Polaris cúig huaire chomh mór leis an bhfad uilleach idir Merak agus Dubhe. Taispeánann an Céachta freisin an bealach chuig réaltaí agus réaltbhuíonta éagsúla eile. Mar shampla, lean den lámh go dtí a deireadh agus ansin lean den chúrsa céanna agus sroichfidh tú Arcturus (αBoötis) agus Spica (αVirginis). Is féidir é seo a chuimhneamh le cabhair ón gcuimhneolaíocht seo a leanas: "Lean den arc chuig Arcturus agus sín é chuig Spica." Is féidir an Céachta a úsáid freisin chun an treo a aimsiú chuig Capella (αAurigae) agus chuig réaltbhuíon an Chúpla.
Réaltbhraisle Ghluaisteach Ursa Major: ach amháin Dubhe agus Alkaid, tá dualghluaisne chéanna ag na réaltaí eile de chuid an Chéachta, a thaispeánann an treo go dtí comhphointe ar réaltbhuíon an tSaighdeora. Aithníodh cúpla réalta eile a bhfuil an dualghluaisne chéanna acu, agus tugtar Réaltbhraisle Ghluaisteach Ursa Major orthu go léir. Tá an réaltbhraisle seo ar an réaltbhraisle oscailte is gaire don Ghrian, ach tá sí chomh gar sin nach furasta a fheiceáil gur réaltbhraisle di ar chor ar bith.
Trí Léim na Gasaile: I dteannta an Chéachta, tá astaireacht eile ar réaltbhuíon an Bhéir a thagann ó sheanchas Arabach – .i. "trí léim na gasaile", sraith trí phéire réaltaí ina líne, a fhaightear le taobh theorainn thiar theas na réaltbhuíne, méara coise an bhéir:
ν agus ξ UMa, Alula Borealis agus Alula Australis, an "chéad léim" – is déréalta í ξ UMa
λ agus μ UMa, Tania Borealis agus Tania Australis, an "dara léim"
ι agus κ UMa, Talitha Borealis agus Talitha Australis, an "tríú léim"
W UMa: is í an réalta seo is fréamhshamhail le haicme éigin réaltaí athraitheacha, aicme dhéréaltaí theagmhála is uraitheacha dá ngairtear réaltaí W Ursae Majoris. Comhathraíonn WUMa í féin ó mhéid 7.75 go méid 8.48 i dtréimhse ocht n-uaire an chloig nó mar sin.
47 UMa: tá córas pláinéadach ag 47 UMa le trí phláinéad dhearbhuithe san áireamh agus iad 2.54 uair agus 0.76 uair chomh mór le hIúpatar.
Tá an iomaí réaltra geal le feiceáil ar réaltbhuíon an Bhéir Mhóir, ina measc M81 (Réaltnéal Bode, atá ar cheann de na réaltraí is gile sa spéir) agus M82 atá in aice le chéile os cionn cheann an Bhéir, agus M101, réaltra bíseach álainn ar an taobh thiar thuaidh de ηUMa dá ngairtear Réaltra an Rotha Phionnaí. Tá amuigh is istigh ar 50 réaltra ar an réaltbhuíon seo atá infheicthe trí theileascóipamaitéaracha, agus an chuid is mó díobh níos doiléire ná an 10ú méid.
M97: tá an réaltnéal pláinéadach geal M97, dá ngairtear freisin Réaltnéal an Ulchabháin mar gheall ar a chuma fhótagrafach, le feiceáil le taobh bhun cheann na Léiche Móire.
Tá an Béar Mór ar na 48 réaltbhuíon atá ar chatalógTholamaes. Tá sé freisin ar na réaltbhuíonta is fearr a bhfuil eolas go fada leitheadach orthu, agus é a bheith luaite ag filí mar Hóiméar, Spenser, Shakespeare, agus Tennyson. Tá sé luaite freisin in eipic na Fionlainne dá ngairtear an Kalevala, agus léirigh an t-ealaíontóir Vincent Van Gogh an Céachta i bpictiúr dá chuid dá ngairtear Oíche Réaltach Os Cionn na Rhone.
Le linn ré na sclábhaíochta i nDeisceart DomhainStáit Aontaithe Mheiriceá, chomhairlítí do na sclábhaithe a bhí ag iarracht éalú chuig Tuaisceart na bPoncán "an buidéal mealbhacáin a leanúint" ("to follow the gourd", .i. an Liach Mhór thimpholacha) chun na saoirse.
Ar feadh na haimsire ionannaítear an réaltbhuíon seo le béar ag sibhialtachtaí éagsúla ar fud an Domhain. I miotaseolaíocht na Gréige tá baint éigin ag an Béar Mór, i dteannta an Bhéir Bhig in aice láithreach, le bunús mhiotas Callisto.
Níos luaithe ná sin, áfach, ní béar a bhí ann ar chor ar bith de réir mhiotaseolaíocht na Gréige; ina áit sin, ionannaíodh na trí réalta gheala atá suite ar an eireaball (.i. Alioth, Mizar agus Alkaid) le húlla ag fás ar chrann (uaireanta léirígh na réaltaí eile is doiléire de chuid na réaltbhuíne an crann). San am céanna, comhcheanglaíodh na réaltaí de chuid an Bhéir Bhig leis na Heispirídí. Seans ann, mar sin de, go bhfuil baint éigin ag an dá ghrúpa réaltaí seo, i dteannta na Meá, an Aoire agus an Dragain, le bunús mhiotas úlla na Heispirídí, ceann de Dhá Shaothar DéagEarcail.
Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
α/50 UMa 1.81: Dubhe nó Dubh nó Dubb nó Thahr al Dubh al Akbar nó Ak
< ظهر الدب الأكبر (Araibisz̧ahr ad-dubb al-akbar) = Droim an Bhéir is Mó
β/48 UMa 2.34: Merak nó Mirak
<? (Araibisal-maraqq) = an Leasrach (?an Cliathán) [de chuid an Bhéir]
γ/64 UMa 2.41: Phad nó Phecda nó Phegda nó Phekha nó Phacd
< الفخذ الدب (Araibisal-faxð al-dubb) = Ceathrú an Bhéir
δ/69 UMa 3.32: Megrez nó Kaffa
< المغرز (Araibisal-maghriz) = Fréamh, nó Ionlocadh, [Eireaball an Bhéir]
ε/77 UMa 1.76: Alioth nó Aliath
< ?truailliú den fhocal Araibiseal-jawn = "an Capall Dubh", a thugtaí ar dtús ar Mizar (ba iad Mizar agus Alcor "an Capall is an Marcach")
ζ/79 UMa – dúbailte 2.23 & 3.95: Mizar nó Mizat nó Mirza
< ?truailliú den fhocal al-jawn = "an Capall Dubh", a thugtaí ar dtús ar Mizar. (ba iad Mizar agus Alcor "an Capall is an Marcach")
η/85 UMa 1.86: Benetnasch nó Alkaid nó Elkeid
< القائد البنات النعش (Araibisal-qā’id al-banāt an-nacš) = Treoraí Iníonacha Cróchair [ba iad na trí réaltaí ar lámh an Chéachta, .i. Alkaid, Mizar agus Alioth, Iníonacha an Chróchair (.i. na Mná Caointeacháin)]
< الفقرة الثالثة (Araibisal-fiqra[h]) = an Veirteabra
κ/12 UMa 3.57: Talitha Australis nó Al Kaprah nó Alphikra Australis
< القفزة الثالثة (Araibisal-qafzat aθ-θāliθah) = an Tríu Léim (de Chuid na Gasaile) + Laidinaustrālis = Theas
< truailliú den fhocal القفزة (Araibisal-qafzah) = an Léim
< الفقرة الثالثة (Araibisal-fiqra[h]) = an Veirteabra
λ/33 UMa 3.45: Tania Borealis nó Alkafzah Borealis
< القفزة الثانية (Araibisal-qafzat aθ-θāniyah, nó at-tāniyah) = an Dara Léim (de Chuid na Gasaile) [القفزة ina aonar is ea al-qafzah] + Laidinboreālis = Thuaidh
μ/34 UMa 3.06: Tania Australis nó Alkafzah Australis
< القفزة الثانية (Araibisal-qafzat aθ-θāniyah, nó at-tāniyah) = an Dara Léim (de Chuid na Gasaile) [القفزة ina aonar is ea al-qafzah] + Laidinaustrālis = Theas
ν/54 UMa 3.49: Alula Borealis
< القفزة الأولى (Araibisal-qafzat al-´ūla´) = an Chéad Léim (de Chuid na Gasaile) + Laidinboreālis = Thuaidh
α/50 UMa 1.81; β/48 UMa 2.34; γ/64 UMa 2.41; δ/69 UMa 3.32; ε/77 UMa 1.76; ζ/79 UMa – dúbailte 2.23 & 3.95; η/85 UMa 1.86; θ/25 UMa 3.17; ι/9 UMa 3.12; κ/12 UMa 3.57; λ/33 UMa 3.45; μ/34 UMa 3.06; ν/54 UMa 3.49; ξ/53 UMa – dúbailte 3.79, 4.41; ο/1UMa3.35; π¹/3 UMa 5.64; π²/4 UMa 4.59; ρ/8 UMa 4.74; σ¹/11UMa5.15; σ²/13UMa4.80; τ/14 UMa – dúbailte 4.67, 4.7; υ/29UMa3.78; φ/30UMa4.59; χ/63 UMa 3.69; ψ/52 UMa 3.00; ω/45 UMa 4.66; b/5 UMa 5.72; c/16 UMa 5.18; d/24 UMa 4.54; e/18UMa4.80; f/15UMa4.46; h/23 UMa 3.65; A/2 UMa 5.47
1/ο UMa 3.35; 2/A UMa 5.47; 3/π¹ UMa 5.64; 4/π² UMa 4.59; 5/b UMa 5.72; 6 UMa 5.57; 8/ρ UMa 4.74; 9/ι UMa 3.12; 10 UMa 3.96; 11/σ¹UMa5.15; 12/κ UMa 3.57; 13/σ²UMa4.80; 14/τ UMa – dúbailte 4.67, 4.7; 15/fUMa4.46; 16/c UMa 5.18; 17 UMa 5.28; 18/eUMa4.80; 22 UMa 5.77; 23/h UMa 3.65; 24/d UMa 4.54; 25/θ UMa 3.17; 26 UMa 4.47; 27 UMa 5.15; 28 UMa 6.51; 29/υUMa3.78; 30/φUMa4.59; 31 UMa 5.27; 32 UMa 5.74; 33/λ UMa 3.45; 34/μ UMa 3.06; 35 UMa 6.32; 36 UMa 4.82; 37UMa5.16; 38 UMa 5.12; 39 UMa 5.79; 40 UMa 7.22; 41 UMa 6.34; 42 UMa 5.57; 43 UMa 5.66; 44 UMa 5.12; 45/ω UMa 4.66; 46UMa5.02; 47 UMa 5.03; 48/β UMa 2.34; 49 UMa 5.06; 50/α UMa 1.81; 51 UMa 6.01; 52/ψ UMa 3.00; 53/ξUMa–dúbailte3.79,4.41; 54/ν UMa 3.49; 55 UMa 4.76; 56 UMa 4.99; 57 UMa 5.30; 58 UMa 5.94; 59 UMa 5.56; 60 UMa 6.09; 61 UMa 5.31; 62 UMa 5.73; 63/χUMa3.69; 64/γ UMa 2.41; 65 UMa – dúbailte 6.54, 7.16; 66 UMa 5.83; 67 UMa 5.22; 68 UMa 6.34; 69/δ UMa 3.32; 70UMa5.54; 71 UMa 5.82; 72 UMa 7.09; 73 UMa 5.68; 74 UMa 5.37; 75 UMa 6.07; 76 UMa 6.02; 77/ε UMa 1.76; 78 UMa 4.93; 79/ζUMa– dúbailte 2.23 & 3.95; 80/g UMa 3.99; 81 UMa 5.60; 82 UMa 5.46; 83 UMa 4.63; 84 UMa 5.68; 85/η UMa 1.86; 86UMa5.70
Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.