réaltbhuíon de chuid an stoidiaca ar an meánchiorcal neamhaí From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceann de réaltbhuíonta an stoidiaca é an Tarbh (♉). Taurus, a chiallaíonn tarbh, an t-ainm Laidine a thugtar air. Is réaltbhuíon mhór é an Tarbh, a shuíonn go feiceálach ar spéir an gheimridh idir an Reithe, atá ar an taobh thiar de, agus an Cúpla, atá ar an taobh thoir de; tá Peirséas agus an tAra suite ar an taobh thuaidh de; tá an Bodach ar an taobh thiar theas de; agus tá an Abhainn is an Míol Mór ar an taobh thoir theas de.
Ainm Laidine (IAU) | Taurus |
---|---|
Nod | Tau |
Ginideach Laidine | Tauri |
Siombalaíocht | an Tarbh |
Dronairde | 4 h |
Diallas | 15° |
Achar | 797 céim cearnach Céim 17ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 3 |
Réalta is gile | Aldebaran (α Tau) (méid 0.9) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −65° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Eanáir an infheictheacht is fearr |
Tá adharca an Tairbh ag síneadh siar, léirithe ag Elnath (β Tau, atá páirteach de réir seanchais idir an Tarbh agus an Ara) agus ζ Tau.
De réir mhiotaseolaíocht na Gréige, is ionann an réaltbhuíon seo agus an riocht-tairbh a ndeaca Séas ann chun Europa banphrionsa Fhéiníceach a fhuadach; agus mar sin de ba é Taurus athair an Mhíonótáir. Mar sin, ós rud é gur gá ceantar na spéire dá ngairtear an Mhuir a thrasnú chun an Tarbh a shroicheadh ar dhul tríd an stoidiaca, bíonn baint éigin ag an réaltbhuíon seo le bunús mhiotas an Tairbh Chréataigh, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.
De réir mhiotaseolaíocht na Measpatáime, áfach, tugadh MUL.GUD.AN.NA [gu4.an.na] ar an réaltbhuíon seo, a chiallaíonn Tarbh na bhFlaitheas nó Tarbh Anu. Ionannaíodh an réaltbhuíon leis an tarbh a raibh Gilgamesh ag troid leis.
Ní hionann comhartha astralaíoch an Tairbh a nglacann an Domhan Thiar leis agus an réaltbhuíon réalteolaíoch is an comhartha astralaíoch Hiondúch atá ar aon ainm leis. Tá an chéad cheann ar an stoidiaca trópaiceach (Aibreán 20 - Bealtaine 20) agus tá an dara ceann ar an stoidiaca réaltach (Bealtaine 14 - Meitheamh 19).
De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin ag an Tarbh le dúil chlasaiceach an Cré, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na cré é (mar aon leis an Maighdean agus an nGabhar). Is ceann é freisin de na ceithre chomhartha dhaingne (i dteannta na Scairpe, an Leoin, agus an Uisceadóra). Is é an Scairp is frithchomhartha polach leis. Is é an Tarbh áitreabh Véineas agus ardú na Gealaí.
Dár ndóigh, is é an tarbh a mbaintear úsáid as mar shiombail an Tairbh.
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Tarbh an muineál agus na guaillí.
an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc |
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.