Teileascóp
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ionstraim optúil chun íomhánna formhéadaithe a dhéanamh de réada cianda. Seans go raibh a leithéid ann níos luaithe, ach tháinig sé in úsáid fhorleathan san Eoraip go luath sa 17ú céad tar éis do Galileo is Lippershey samplaí rathúla a dhéanamh timpeall 1608.

Cruthaíonn teileascóp réalteolaíoch íomhá inbhéartaithe den fhrithne ach le réimse níos mó radhairc is formhéadú níos mó ná teileascóip dhomhanda (le híomhá ingearach).

I dteileascóp athraonta, úsáidtear lionsa chun na gathanna solais a fhócasú, modh oibre a d'úsáid Galileo den chéad uair sa réalteolaíocht. Ina fhoirm nua-aoiseach le hiomrall crómatach na lionsaí ceartaithe, bíonn an teileascóp seo in úsáid fhorleathan, i measc amaitéarach go háirithe.

I dteileascóp frithchaiteach, is le scáthán parabóileach a fhócasaítear na gathanna solais, modh oibre a d'úsáid Newton sa réalteolaíocht den chéad uair, de bhrí gur thuig sé gur réiteach é ar iomrall crómatach na lionsaí.
D'fhorbair William Herschel (1738-1822) bealaí chun scátháin mhóra phríomhúla a theilgean i 1783. Is teileascóip mar seo na teileascóip is mó ar Domhan go léir.

Nuair a bhíonn gnóthaí ar leith le déanamh, cosúil le grianghrafadóireacht, bíonn córas lionsaí is scáthán in úsáid, mar áta i gceamara Schmidt. Bailíonn radaiteileascóip astaíochtaí raidió cosmacha ó fhoinsí neamhaí agus déanann anailís orthu. Mias pharabólóideach bhailithe instiúrtha a bhíonn sa teileascóp seo, le brathadóir lárnach atá ceangailte le haimplitheoirí.
Is féidir foinsí na dtonnta raidió a léiriú trí chóras anailíse íomhánna mar phictiúir cosúil le grianghrafanna. I radathrasnamhéadar bíonn grúpa aeróg instiúrtha a tharchuireann a gcomharthaí chuig comhghlacadóir, agus is féidir íomhánna d'fhoinsí tonnta raidió sa chosmas le híogaire is cruinneas níos fearr a fháil leis seo.
Bíonn teileascóip do shaghsanna eile radaíochta (infridhearg, ultraivialait, X-ghathach is eile) in úsáid freisin, cuid acu ar shatailítí os cionn atmaisféar an Domhain.[1]
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.