Isaac Newton

fisiceoir agus matamaiticeoir Sasanach (1642–1727) From Wikipedia, the free encyclopedia

Isaac Newton

Fisiceoir agus matamaiticeoir Sasanach ab ea an Ridire Isaac Newton (4 Eanáir, 1643 - 31 Márta, 1727), a rugadh i Woolsthorpe.[1] Bhí sé ar dhuine de na heolaithe ba thábhachtaí ar domhan.[2]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Sir
Isaac Newton
Thumb
(1689)
Beathaisnéis
Breith25 Nollaig 1642 (Iúlach)
Mainéar Woolsthorpe
Bás20 Márta 1727 (Iúlach)
84 bliana d'aois
Kensington
Áit adhlacthaAbtheach Westminster
12 Uachtarán an Chumainn Ríoga
1703 – 1727
 John Somers, 1st Baron Somers (en) Hans Sloane 
Ball de pharlaimint Shasana
Nollaig 1701 – 1702
Toghcheantar: Ollscoil Cambridge
Master of the Mint (en)
Eanáir 1700 – 31 Márta 1727
Warden of the Mint (en)
1696 – Eanáir 1700
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana
1689 – 1690
Toghcheantar: Ollscoil Cambridge
Ollamh Lúcásach le Matamaitic
1669 – 1702
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachSasanaigh
ReiligiúnNontrinitarianism (en)
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Cambridge - Máistir Ealaíon (16671668)
Coláiste na Tríonóide, Cambridge - Baitsiléir Ealaíon (16611665)
The King's School, Grantham (en) (16551659)
Ollscoil Cambridge
Comhairleoir dochtúireachtaIsaac Barrow, Benjamin Pulleyn agus luach ar iarraidh
Áit chónaitheSasana
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic, meicnic, matamaitic, réalteolaíocht, eolaíocht nádúrtha, meicnic neamhaí, imtharraingt, optaic, anailís mhatamaiticiúil agus móiminteam
Suíomh oibre Cambridge
Londain
Gairmmatamaiticeoir, fealsamh
FostóirOllscoil Cambridge (luach anaithnid)
Ball de pháirtí polaitíochtaFuig
Ball de
Spéis aige/aici iMóiminteam, meicnic neamhaí, optaic agus imtharraingt
Mac/iníon léinn de chuidIsaac Barrow agus Benjamin Pulleyn
Mac/iníon léinnRoger Cotes, John Flamsteed agus William Whiston
Faoi thionchar
TeangachaAn Laidin agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairIsaac Newton Sr.  agus Hannah Ayscough
Duine muintearthaCatherine Barton (neacht)
Gradam a fuarthas
Síniú
Thumb


Dún

Tháinig sé na prionsabail is bun le gluaisní réad ar domhan is na reanna spéire. Chuir na dlíthe a nocht sé sa saothar seo bonn faoi dhul chun cinn na fisice is na meicnice go dtí an atá anois ann.

Mhínigh a chuid dlíthe, ar nós dlíthe na gluaiseachta is dlí na himtharraingthe, fithis na reann timpeall na gréine agus fithis na Gealaí timpeall an domhain.

Cheap Newton agus Leibniz an mionchalcalas timpeall an ama céanna agus go neamhspleách ar a chéile.

Thumb

Saothar

Thumb

D'fhoilsigh Newton a mhórshaothar Philosophiae Naturalis Principia Mathematica ("Prionsabail Mhatamaiticiúla na Fealsúnachta Aiceanta") sa bhliain 1687. Sa leabhar seo, thosaigh sé leis na coincheapanna bunúsacha mais móiminteam, luasghéarú is fórsa, na trí bhundlí gluaisne, agus dlí na himtharraingthe, chun cur síos go cuimsitheach ar ghluaisne na bpláinéad is na réalta agus gluaisne réad ar domhan.

Leis na huirlisí seo, mhínigh sé fithisí na bpláinéad is na ngealach, gluaisne na gcóiméad, gluaisne réada atá ag titim faoi dhomhantarraingt, meáchan, na taoidí, agus fiú boilsc an domhain ag an meánchiorcal.

Thaispeáin sé den chéad uair go bhfuil an fórsa imtharraingthe díreach i gcomhréir le hiolrú an dá mhais is i gcomhréir inbhéartach leis an bhfad eatarthu ceamaithe.

Chun a smaointe a láimhseáil go matamaiticiúil, d'fhionn sé an calcalas difreálach. D'oibrigh sé amach conas a shuimíonn dathanna chun dath bán a chumadh, agus thaispeáin an feiniméan seo le priosma.

Thumb

Bhí a shaothar bunaithe ar shaothar is fionnachtana a réamhtheachtaithe Copernicus, Kepler is Galileo Galilei.

Mar a dúirt sé féin, "Más rud é go bhfaca mé níos faide, rinneas é trí sheasamh ar ghuaillí fathach."

Dlí na himtharraingthe agus an úllord

Deir scéal go raibh Newton ina shuí in úllord lá amháin agus go bhfaca sé úll ag titim go talamh.[3] Thosaigh sé ag smaoineamh ar an bhfáth a dtitfeadh rudaí. Shocraigh sé go raibh fórsa dofheicthe ag an domhan agus ag an úll a tharraing rudaí eile chucu.

Bhí fórsa an Domhain ábalta an t-úll a tharraingt go talamh toisc go raibh an domhan chomh mór sin agus go raibh fórsa an Domhain i bhfad níos cumhachtaí ná fórsa an úill. Ní raibh fórsa an úill láidir go leor chun an domhan a tharraingt chuige. Tugaimid domhantarraingt mar ainm ar an bhfórsa seo a bhíonn thart ar rudaí

Tionchar

Lean coincheapanna Newton mar chroílár na heolaíochta ar feadh 300 bliain. Nuair a leasaigh Einstein iad, ní treascairt a bhí i gceist ach teoiricí comhlántacha, chun a dtarlaíonn i ngluaisne na gcáithníní fo-adarnhacha is gluaisní ag luasanna atá gar do luas an tsolais, a mhíniu.

Saol

Fuair Newton bás "ina chodladh" ar an 31 Márta 1727. Tá sé curtha in Abteach Westminster.

Féach freisin

Tagairtí

Íomhánna

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.