Dlíthe gluaisne Newton
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá na dlíthe gluaiseachta ar na trí dlíthe a chum Ridire Isaac Newton le linn dó bheith ag cur le chéile a Principia Mathematica. Is iad seo a leanas na trí dlíthe a chum sé:

An chéad dlí
Dlí na Táimhe (Inertia). Fanfaidh gach corp ar fos nó ag gluaiseacht faoi threoluas tairiseach mura ngníomhaíonn fórsa seachtrach neamhchothrom air.
An dara dlí
Nuair a gníomhaíonn fórsa neamhchothrom ar chorp bíonn ráta athraithe móimintim an choirp i gcomhréir dhíreach leis an bhfórsa agus gníomhaíonn sé in aon treo leis an bhfórsa.
An triú dlí
Má chuireann corp A fórsa i bhfeidhm ar chorp B, ansin cuireann corp B fórsa urchomhaireach atá ar cóimhéid leis i bhfeidhm ar chorp A, i.e. bíonn an gníomhú agus an frithghníomhú ar cóimhéid agus urchomhaireach lena chéile.
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.