From Wikipedia, the free encyclopedia
Bitheolaí a saolaíodh i Whitby Shasana ab ea William Bateson (8 Lúnasa 1861 – 8 Feabhra 1926). Rinne sé taighde ar bhunúis eolaíoch na géinitice. Ba é Bateson a chum an focal "géinitic" sa bhliain 1907.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 Lúnasa 1861 Whitby, England |
Bás | 8 Feabhra 1926 64 bliana d'aois Buirg Londan Merton, England |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Naomh Eoin Scoil Rugby |
Comhairleoir dochtúireachta | Francis Maitland Balfour |
Áit chónaithe | Sasana |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Géineolaíocht |
Gairm | géineolaí, bitheolaí |
Tréimhse oibre | 1880 – 1926 |
Fostóir | Ollscoil Cambridge |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Mac léinn dochtúireachta | Reginald Crundall Punnett |
Teaghlach | |
Páiste | Gregory Bateson |
Athair | William Henry Bateson agus Anna Bateson |
Siblín | Mary Bateson, Margaret Heitland agus Anna Bateson |
Gradam a fuarthas |
Bhí baint ag Bateson ar feadh a shaoil le St. John's College (Cambridge). Máistir ag St. John's a bhí ina athair, William Henry Bateson. D'fhreastail William ar Rugby School agus ansin St. John's College, mar ar bhain sé céim onóracha bhaitsiléara amach sa bhliain 1883.
Fuair sé post mar mhúinteoir ansin agus rinneadh comhalta an Choláiste de ní ba dhéanaí.
D'oibrigh Bateson go dian chun teoiricí Gregor Mendel a chur chun cinn. Thaispeáin sé gur trí na géinte a bhronntar cuid de thréithe an athar agus na máthar ar a gclann, i ndiaidh do Hugo de Vries agus Carl Correns teacht in athuair ar shaothar Mendel sa bhliain 1900.
Rinne Bateson turais go dtí na Stáit Aontaithe agus an Áise Láir le taighde a dhéanamh.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.