From Wikipedia, the free encyclopedia
Is drámadóir agus scríbhneoir scannán Briotanach é Sir Tom Stoppard. Ar 3 Iúil 1937 a rugadh é in Zlín na Seicslóvaice. Sa bhliain 2008, rangaigh an The Daily Telegraph é mar uimhir 11 ar a liosta sin acu "na 100 duine is cumhachtaí i gCultúir na Ríochta Aontaithe".[1]
D'éirigh le teaghlach Stoppard éalú ón tSeicslóvaic an lá a rinne na Naitsíoch ionraic ar an tír sa bhliain 1939. Thug siad aghaidh ar Shingeapór. D'fhan athair Tom, ar dhochtúir é, chun cuidiú le arm na Breataine sa choimhlint i gcoinne na Seapánaigh. Fuair a athair bás ag na Seapánaigh, i gcampa géibhinn dar le Tom. Chuir an teaghlach fúthu san Astráil ar feadh tamaill, ansin d'aistrigh siad go dtí an India agus chaith siad na blianta 1943–1946 sa tír úd. D'fhreastail sé ar scoil ilchine in Darjeeling agus tugadh ainmneacha i mBéarla dósan agus dá dheartháir Petr, chomh maith le sloinne Sasanach. Ag deireadh an chogaidh, sa bhliain 1946, chuaigh siad go Sasana. D'fhreastail sé ar scoileanna in Nottingham agus in Eabhrac.
Agus é ina fhear óg, d'oibrigh sé ar dtús mar iriseoir, ansin mar léirmheastóir drámaí agus ansin, sa bhliain 1960, mar dhramadóir.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.