From Wikipedia, the free encyclopedia
Buaicphointe an spreagtha ghnéasaigh is ea súnás[1]. Tarlaíonn súnás nó orgasam mar bhuaic na comhriachtana nó nuair a bhíonn duine (is cuma más fear nó bean atá ann) ag tabhairt sámhais dóibh féin. De ghnáth, bíonn drithlíní ar chraiceann agus áiteanna eile ar an gcorp, mothúcháin de shuaimhneas, áthas, agus dea-shláinte; é sin ar fad mar thoradh ar chaidreamh collaí.
Nuair a bhíonn bean ar tí súnás a bheith aicí, éiríonn a faighin an-fhliuch. Luisníonn a haghaidh agus méadaíonn a cíocha agus éiríonn a siní crua, uaireanta. Braitheann sí sámhas iontach ag spalpadh trína corp go han-tapa. Critheann a faighin uaireanta.[2]
Cabhraíonn súnás (brú matánach) chun seamhan a bhrú suas chuig ceirbheacs na mná
Nuair a bhíonn fear ar tí súnás a bheith aige, éiríonn a bhod níos crua, teannann a chadairne agus teannann a thóin agus na matáin ina ucht. Nuair a shroicheann fear súnás, seadtar nó tiomáintear seamhan ón bpéineas. Díreach nuair a tharlaíonn an súnás, scaoiltear steall mór síl amach go tapa as barr a bhoid. Leanann trí nó ceithre steall eile an chéad cheann. Braitheann an fear sámhas iontach ina bhod ag an dtráth sin agus braitheann sé sámhas ar fad a choirp chomh maith.
Is é an seadadh buaicphointe an spreagtha ghnéasaigh do na fir. Má tá caidreamh collaí ann idir fear agus bean, cuirtear an péineas i bhfaighin na mná agus scaoileadh seamhan isteach san fhaighin in aice leis an gceirbheacs.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.