réaltfhisiceoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is réaltfhisiceoir Éireannach í Susan McKenna-Lawlor a rugadh ar 3 Márta 1935. Is ollamh emeritus le fisic thurgnamhach í in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
(2015) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Márta 1935 89 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | réalteolaí, réaltfhisiceoir |
Gradam a fuarthas |
Rugadh Susan i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1935. Rinne sí staidéar ar an bhfisic thurgnamhach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.[1]
Scríobh McKenna-Lawlor an t-alt suirbhé: Astronomy in Ireland from 1780 (“Réalteolaíocht in Éirinn ó 1780”) do Vistas in Astronomy in 1968.[2]
Ba í McKenna-Lawlor an príomhthaighdeoir do thurgnamh ar an misean Giotto faoi scáth Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa. Sa bhliain 1986, bhunaigh sí an comhlacht ionstraimíochta spáis Space Technology Ireland Ltd (STIL), leis an gcaipitlí fiontair Dermot Desmond. Táirgeann STIL ionstraimí do mhisin spáis agus is í McKenna-Lawlor an stiúrthóir bainistíochta.
Bhí McKenna-Lawlor i gceannas ar fhoireann idirnáisiúnta d'eolaithe a thóg brathadóir na gcáithníní go raibh in ann fuinneamh a bhrath idir 30 cilileictreonvolta agus roinnt meigi-leictreonvoltaí don spásárthach Sóivéadach Phobos in 1988. De thoradh an rath a bhí air seo, d’iarr na heolaithe Sóivéadacha gléas den chineál céanna a chur ar aghaidh chun misean Mars sa bhliain 1994.[3]
D'fhorbair sí ionstraimí chun monatóireacht a dhéanamh ar an ngaoth gréine ar Mhars don mhisean ESA Mars Express.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.