Réalteolaí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é is réalteolaí ann ná duine a dhéanann staidéar agus taighde ar an réalteolaíocht, is é sin, ar na réaltaí, ar na reanna neimhe agus ar na dlíthe nádúrtha a stiúrann iad. An té a rachaidh leis an réalteolaíocht mar shlí bheatha, caithfidh sé an fhisic agus an mhatamaitic a fhoghlaim go maith freisin, ós rud é go mbeidh scileanna sna heolaíochtaí seo ag teastáil go géar uaidh.
![]() | |
Cineál fostaíochta | eolaí |
---|---|
Réimse oibre | réalteolaíocht |

Inniu, úsáidtear a lán gléasanna teicneolaíochta i dtaighde réalteolaíochta, ar nós teileascóp Hubble agus na ríomhairí, le maolú ar an strus a bhaineann leis an taobh matamaiticiúil den réalteolaíocht.
Réalteolaithe tábhachtacha
Réalteolaí | Fionnachtana |
---|---|
Nioclás Copairnic (1473-1543) | B'é Copairnic (Polainnis: Mikołaj Kopernik) an chéad réalteolaí tábhachtach sna nua-aoiseanna a chuir an grianlárnachas chun cinn mar thuiscint ar ghluaiseachtaí na bpláinéad. |
Galileo Galilei (1564-1642) | B'é Galileo Galilei ba túisce a bhain úsáid as an teileascóp le taighde a dhéanamh ar na reanna neimhe. B'eisean a chuir an chéad sonrú sna ceithre ghealach is mó de chuid Iúpatair. |
Isaac Newton (1643-1727) | D'fhoilsigh sé Philosophiae Naturalis Principia Mathematica, mórshaothar eolaíochta, inar leag sé amach dlíthe nádúrtha na gluaiseachta. |
Subramanayan Chandrasekhar (1910-1995) | Chuir sé teoiric coibhneasachta Albert Einstein in oiriúint don réalteolaíocht. D'áirigh sé teorainn Chandrasekhar agus rinne sé an-fhorbairt ar thuiscint na heolaíochta ar na dúphoill. |
Jocelyn Bell Burnell (1943 - ) | Is réalteolaí Éireannach í Bell Burnell. D'aimsigh sí an chéad radaphulsár. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.