polaiteoir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba pholaiteoir é Spiro Theodore Agnew (/ˈspɪroʊ ˈæɡnjuː/; 9 Samhain 1918 – 17 Meán Fómhair 1996). a bhí ina Leas-Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá ó 1969 go 1973 (leasuachtarán de Richard Nixon). Rinne sé imghabháil cánach. Cuireadh faoi smál é agus d'éirigh sé as a phost sa bhliain 1973.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Spiro Theodore Agnew 9 Samhain 1918 Baltimore, Maryland |
Bás | 17 Meán Fómhair 1996 77 bliana d'aois Berlin, Maryland |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Leoicéime) |
Áit adhlactha | Dulaney Valley Memorial Gardens (en) , Section 2, Garden of the Last Supper |
39 Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe | |
20 Eanáir 1969 – 10 Deireadh Fómhair 1973 ← Hubert Humphrey – Gerald R. Ford → | |
Gobharnóir Maryland | |
25 Eanáir 1967 – 7 Eanáir 1969 ← J. Millard Tawes – Marvin Mandel → | |
Feidhmeannach de chuid Baltimore County , Maryland | |
1962 – 1966 – Dale Anderson → | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Easpagóideach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Johns Hopkins Scoil Dlí Ollscoil Baltimore Forest Park High School (en) Ollscoil Baltimore |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, dlíodóir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Poblachtach |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Dara Cogadh Domhanda |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Eile | |
Céile | Judy Agnew (1942–1996), bás an duine |
Ciontaíodh i | neamh-chomhlíonadh cánach |
Croineolaíocht | |
Bealtaine 1974 | disbarment (en) |
Gradam a fuarthas | |
I mBaltimore, Maryland a rugadh é. Rinne sé staidéar ar an dlí i Scoil Dlí Ollscoil Bhaile an Tí Mhóir. Bhí sé ina shaighdiúir in Arm SAM sa Dara Cogadh Domhanda. Bronnadh céim air sa bhliain 1947 agus glaodh chun Bharra Maryland air.
Níor éirigh leis mar dhlíodóir ar dtús agus bhí sé ag obair mar imscrúdaitheoir árachais agus mar bhleachtaire siopa sular fhill sé ar an dlí sa bhliain 1952, ag díriú ar dhlí fostaíochta.
Chuaigh sé leis an bpolaitíocht trí mheán an Pháirtí Phoblachtaigh, den chuid is mó, de réir cosúlachta, toisc go raibh na deiseanna is fearr chun dul chun cinn ann.
Tar éis dó a bheith i sraith postanna polaitíochta áitiúla, toghadh ina Ghobharnóir ar Maryland gan choinne sa bhliain 1966 (ar an iomlán, de bharr scoilt sa Pháirtí Daonlathach). Mar sealbhóir oifige sna bruachbhailte agus mar Ghobharnóir, bhí snáithe trína ndearna sé sa pholaitíocht mar gheall ar an neamhréir idir an tacaíocht a thug sé do chearta sibhialta agus an samhnas a chuir modhanna na gluaiseachta cearta sibhialta air (ag teacht leis an tiomantas d'fhógair sé do riail agus reacht).
Roimh thart ar mhí Aibreáin 1968 measadh go coitianta gur Phoblachtach liobrálach a bhí ann, ach tharraing sé faomhadh na heite deise sa pháirtí de réir a chéile, mar gheall ar an gcáineadh géar a rinne sé ar ngluaiseacht cearta sibhialta agus ar lucht agóide i gcoinne Chogadh Vítneam agus an bhéim a chuir sé ar riail agus reacht.[1]
I dtoghcháin 1968, 1970 agus 1972 agus sna idirthréimhsí, bhain An tUachtarán Nixon feidhm as Agnew den chuid is mó chun an eite dheas a mhealladh, go mór mór na toghthóirí bruachbhailteacha a bhí ag éirí ní ba choimeádaí, le teachtaireacht agus le roscaireacht ar fhan Nixon glan go hiondúil.
Thar aon ní eile, tharraing Agnew aird an phobail mar gheall ar an gcáineadh géar a rinne sé ar na meáin i SAM, a raibh claonadh liobrálach acu, dar leis, i gcoinne an riaracháin agus i gcoinne luachanna traidisiúnta Mheiriceá i gcoitinne.[1]
Cuireadh deireadh le Agnew mar pholaiteoir mar gheall ar líomhaintí éillithe a bhaineann lena chuid ama mar Ghobharnóir. Ar an 10 Deireadh Fómhair 1973 ghlac sé leis an gciontú as cúis feileonachta (imghabháil cánach) agus thairg sé éirí as oifig mar Leas-Uachtarán. Mhaígh sé go raibh sé neamhchiontach i ngach cúis ina choinne, ag rá go bhfuil an Teach Bán tar éis iallach a chur air ina phléadáil.
Díbharraíodh é, i mí Bealtaine 1974 agus shaothraigh sé gníomhaíochtaí gnó éagsúla ina dhiaidh sin.
Tá raon tuairimí le cloisteáil maidir le Agnew; tá an dearcadh ann go raibh sé ina cheannródaí de choimeádachais den chineál pobalach géar a shocraigh, ar an iomlán cad is polaitíocht Mheiriceánach ann sa leathchéad bliain ina dhiaidh. Ach tá an bharúil ann nárbh ach giolla bruachbhailteach de chuid an pháirtí é, a ardaíodh, go hamaideach, i bhfad níos faide ná leibhéal na hábaltachta polaitíochta a bhí aige.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.