From Wikipedia, the free encyclopedia
Stát i Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea Maryland (AIF: [ˈmæɹ.ɪ.lənd]) atá suite i lár chósta thoir na tíre, i Réigiún an Lár-Atlantaigh. Tá teorainneacha ag Maryland le Pennsylvania ar an taobh ó thuaidh, le Virginia Thiar ar an taobh thiar, le Delaware agus leis an Aigéan Atlantach ar an taobh thoir agus le Virginia ar an taobh ó dheas. Tá teorainn aige freisin leis an gceantar feidearálach Washington, D.C. arb í príomhchathair na tíre í. Ba le Maryland an talamh sin go stairiúil. Ba é Maryland an seachtú stát a dhaingnigh Bunreacht Mheiriceá. Uaireanta, tugtar mar leasainmneacha air The Old Line State agus The Free State.
Maryland | |||||
---|---|---|---|---|---|
State of Maryland (en) | |||||
|
|||||
Aintiún | luach ar iarraidh (2021) | ||||
Mana | «Strong deeds, gentle words» | ||||
Siombail oifigiúil | Óiréal tuaisceartach agus Quercus alba | ||||
Leasainm | Old Line State | ||||
Ainmnithe in ómós | Henrietta Maria na Fraince | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Príomhchathair | Annapolis | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 6,177,224 (2020) | ||||
• Dlús | 192.25 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 2,205,204 (2019) | ||||
Teanga oifigiúil | luach ar iarraidh | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | na Stáit Aontaithe comhtheagmhálacha South Atlantic states (en) Réigiún an Lár-Atlantaigh | ||||
Achar dromchla | 32,131 km² | ||||
• Uisce | 21.8 % | ||||
Imeallbhord | 3,190 mi | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Chesapeake Bay (en) , Potomac, Abhainn Susquehanna, Abhainn Patuxent, Abhainn Anacostia agus an tAigéan Atlantach | ||||
Airde | 105 m-350 ft | ||||
Pointe is airde | Hoye-Crest (en) (3,360 ft) | ||||
Pointe is ísle | an tAigéan Atlantach (0 ft) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Province of Maryland (en) | ||||
Cruthú | 28 Aibreán 1788 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Maryland | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Ginearálta Maryland | ||||
• Gobharnóir Maryland | Wes Moore (2023–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Achomhairc Maryland | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 301, 410, 240, 443 agus 667 | ||||
Cód ISO 3166-2 | US-MD | ||||
ID GNIS | 1714934 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | maryland.gov |
Ba é Maryland an chéad áit i Meiriceá ina raibh an tsaoirse reiligiúnach[1][2][3], prionsabal a tugadh isteach i dtréimhse choilíneach an stáit. Shocraigh George Calvert[2][3], an chéad Tiarna Baltimore, go mbeadh Maryland ina thearmann do Chaitlicigh Shasanacha a bhí faoi ghéarleanúint.
Is é Maryland ceann de na stáit is lú achar agus is dlúithe daonra sna Stáit Aontaithe. Is í Annapolis príomhchathair an stáit ach is í Baltimore an chathair is mó. Cé go maítear go hoifigiúil gur ainmníodh an stát in ómós don Bhanríon Henrietta Maria[4], creideann go leor staraithe gur in ómós do Mhuire, máthair Íosa, a d'ainmnigh George Calvert i ndáiríre é sular bhásaigh sé in 1632.[5] Is é Maryland an stát is rachmasaí sa tír, óir is ann atá an meánioncam teaghlaigh is airde.[6]
32,133.2 ciliméadar cearnach achar Maryland, figiúr is inchomparáide le hachar na Beilge (30,530 km2). Is é an 42ú stát is mó, nó an 9ú stát is lú, beagnach ar cóimhéid le Haváí.
Cé go bhfuil Maryland ar na stáit is lú achar, tá ilghnéitheacht topagrafaíochta agus réimse leathan timpeallachtaí nádúrtha le fáil ann. Tugtar 'Mionsamhail Mheiriceá' nó America in Miniature[7] mar leasainm eile air dá bharr. Tá oileáin fhada chúnga cois cósta agus dumhcha breactha le féar mara. Tá talamh íseal riascach isteach faoin tír agus mórthimpeall an Chesapeake, ceantar atá ag cur thar maoil le fiadhúlra. Is é an Chesapeake an t-inbhear is mó sa tír agus is beag nach ngearrann sé an stát ina dhá leath. The Eastern Shore a thugtar ar na contaetha sin lastoir den bhá. Is ar bhruach thiar na bá atá formhór mór an daonra. I lár an stáit, tá coillte darach agus talamh réchnocach sa réigiún a dtugtar an Píodmantach air. Tá iarthar an stáit lonnaithe sna Sléibhte Apaláiseacha.
Ritheann formhór mór na n-aibhneacha sa stát síos go dtí an Chesapeake, ach is i ndobhardhroim na Mississippi atá cuid d'iarthar Chontae Garrett, an contae is sia siar sa stát. Tá an pointe in airde sa stát, Sliabh Chnámh Droma nó Backbone Mountain, lonnaithe i gcúinne iardheiscirt Chontae Garrett chomh maith, gar d'uiscí uachtair na Potomac.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.