Is riocht sláinte í Scolóis, ina mbíonn cuar cliathánach i láthair sa dromlach From Wikipedia, the free encyclopedia
Déanann an téarma scolóis cur síos ar chuar cliathánach de níos mó ná 10 gcéim a bhíonn i láthair sa dromlach.[1][2] Tagann an téarma ón fhocal Ghréigis skoliosis, a chiallaíonn ‘lúbadh’.[1] Tá an mhíchuma scolóis luaite sa taifead is luaithe atá ar fáil i stair an leighis. Le himeacht na mblianta, bhí réimse de chúiseanna éagsúla luaite le scolóis, bhí an taobh meicniúil ann a deir go mbaintear barraíocht úsáide as an lámh dheas agus dar leis an choincheap nua-aimseartha gur togracht oidhreachtúil atá i gceist. Cé nach bhfuil saineolaithe leighis go fóill ar an eolas faoin chúis chruinn a bhaineann le scolóis, tá tuigmheál níos cruinne acu ar chúis, an stair nádúrtha, agus ar éifeacht an chóireáil le blianta beaga anuas.[1]
Cineál | bone structure disease (en) , galar dromlaigh, abnormal spinal curvature (en) agus comhartha cliniciúil |
---|---|
Speisialtacht leighis | ortaipéide |
Aicmiú | |
ICD-10 | M41 agus M41.9 |
ICD-9 | 737.43 |
CIAP | L85 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0229616 |
DiseasesDB | 26545 |
MedlinePlus | 001241 |
MeSH | D012600 |
UMLS CUI | C0036439 |
DOID | DOID:0060249 |
Déantar scolóis ideapatach a rangú i dtrí chatagóir ag brath ar an aois a dhéantar an t-othar a dhiagnóisiú le Scolóis.
Tá ráta minicíochta de 0.5% go 10% ag scolóis ideapatach ar fud na cruinne, agus tá sé ar cheann de na míchumaí is coitianta ina bhfuil bainteach leis an dromlach.[2]
Den chuid is mó, is dhá phríomhchineál cuar a bhíonn i gceist le scolóis, sé sin cuar ar dhéanamh 'C' agus i gcásanna ina mbíonn dhá chuar i láthair i ndromlach an t-othar, is cuar ar dhéanamh 'S' a bhíonn i gceist.[3]
Braitheann déine an scolóis ar an stádas a bhíonn ag céim an cuar, go mion minic bíonn céim an cuar seasmhach maidir leis an dul chun cinn, ach i gcásanna eile, tagann méadú ar dhéine an cuar thar thréimhse ama. Is féidir le cásanna troma de scolóis tionchar mór a bheith aige ar chúrsaí análú an t-othar ach go hiondúil, ní bhíonn mórán fadhbanna i gceist le cásanna éadrom do Scolóis den chuid is mó.[4] De ghnáth, ní bhíonn pian ar bith i gceist i gcásanna éadroma den chuar.[5] Rinneadh staidéar cohóirt ar 332 othar ideapatach a bhí ag fulaingt le scolóis ach nach raibh cóir leighis faighte acu ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, cuireadh torthaí an staidéar i bhfoirm tuairisc a foilsíodh sa bhliain 2003. Rinneadh cur síos sa tuairisc nach raibh difríocht shuntasach ar bith ar dhóchúlacht mheasta mhaireachtála idir grúpa na hothair ina ghlac páirt sa scrúdú agus an daonra ginearálta atá ar bharr a cuid sláinte. Rinneadh torthaí dul chun cinn cuair éagsúla a mhíniú sa tuairisc chomh maith agus fuarthas amach go ndéanann cuair a bhíonn idir 30 agus 50 céim dul chun cinn ar mheáin 10 go 15 céim thar thréimhse an tsaolré. Dar leis an tuairisc, déanann cuair atá níos airde ná 50 céim atá lán aibí, dul chun cinn seasta ag ráta de chéim amháin go bliantúil. Déanann cuar a bhíonn ag othair a dhiagnóisíodh i dtréimhse a hógánach dul chun cinn trom i rith tréimhse a saolré i gcomparáid le hothar ina bhfuil cás scolóise níos éadroma.
Cuirtear scolóis ideapatach ar scolóis nach bhfuil an chúis a bhaineann leis ar an eolas, tá seo coitianta in thart fa 8 in achan 10 gcás. Níl baint ar bith ag scolóis ideapatach le réim bhia, drochstaidiúir nó an aclaíocht a bhíonn a dhéanamh ag an othar agus ní féidir é a chosc. Go mion minic, bíonn scolóis ideapatach oidhreachtúil, mar sin tá seans mór an go bhfaighidh tú é mar gheall ar do chuid géinte.[6]
Áfach, is féidir le cúiseanna faoi leith a bheith bainteach le cásanna scolóis nach bhfuil go coitianta:
Tá trí chineál cóireáil ar fáil do hothair a bhíonn ag fulaingt le scolóis sé sin - breathnóireacht, teanntáin, agus máinliacht.[7] Áfach, braitheann an chóireáil ar chéim, suíomh agus cúis an cuar [8] agus molann an dochtúir an chóireáil a bheadh oiriúnach don othar maidir le déine an cuar agus a cuid aibíocht fhisiceach.[7] I gcásanna le cuar éadrom, is féidir súil a choinneáil ar an cuar go tráthrialta.[8]
Bíonn thart ar 2% de dhaonra iomlán na hÉireann ag fulaingt le cuaire an dromlaigh, ach is cásanna éadroime de scolóis den chuid is mó a bhíonn i gceist agus tá siad iontach coitianta i measc muintir na hÉireann. Áfach, bíonn cásanna níos troime de scolóis go fóill feiceálach i measc an daonra agus bíonn duine amháin in achan míle duine ag fulaingt le cuar trom.[9] Den chuid is mó, déantar othair a dhiagnóisiú le scolóis ideapatach agus iad idir 10 agus 18 bliana d'aois.[10] Tagann méadú níos suntasaí ar chéim agus méid an cuar i measc mná na hÉireann, cé go bhfuil cóimheas de 1:1 idir fir agus mná agus iad a dhiagnóisiú le cuair atá éadrom.[11]
Sa chóras sláinte in Éirinn, tá costas de €30,000-€50,000 an duine ar mháinliacht scolóise, de réir Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte.[12] Baintear úsáid as teanntáin droma scolóise fhad agus atá othar ag fanacht le máinliacht a chosnaíonn thart ar €2,500-€3,500.[13]
I gcuar den chineál seo, lúbtar an dromlach i dtreo amháin go dtí an taobh. De bharr an lúbadh go léir foirmítear cuar sa dromlach a bhíonn ar dhéanamh 'C' . Is féidir leis an chuar seo foirmiú ar shuíomh ar bith sa dromlach agus tá trí phríomhchineál a bhíonn bainteach leis an chineál seo scolóis:
Níl scolóis ina mbíonn cuar ar dhéanamh 'S' go coitianta leis an chuar atá ar dhéanamh 'C'. Sa chineál seo scolóis, lúbann an dromlach i dtreonna éagsúla a chruthaíonn dhá chuar sa dromlach, cuar amháin a bhíonn suite in uachtar an droma agus an cuar eile in íochtar an droma. Cuirtear mór-chuar dúbailte ar an chineál seo chuar ina bhfuil an cuar lumbach agus an cuar tóracsach i láthair.[3]
Na comharthaí a bhaineann leis an scolóis:
Na siomptóim a bhaineann leis an scolóis:
Tá fadhbanna análú iontach coitianta i measc othair a bhíonn ag fulaingt le scolóis. Is féidir le creat na heasnacha casadh chomh maith leis an dromlach a chruthaíonn fadhbanna móra agus laghdú tagtha ar an spás atá timpeall na scamhóga. Mar gheall ar an easpa spáis atá ag na scamhóga, is minic a bhrúnn cnámha in éadan na scamhóga a chruthaíonn fadhbanna análú.
Is féidir leis an chasadh a bhíonn a dhéanamh ag creat na heasnacha de bharr an chuair an spás atá thart timpeall an chroí a laghdú chomh maith. Is féidir leis an easpa spáis seo deacrachtaí móra a chruthú maidir leis an chroí mura bhfuil an cumas aige fuil a chaidéalú timpeall an choirp.
I gcásanna ina mbíonn an t-othar ag fulaingt le cuar trom, is féidir leis an othar bheith ag fulaingt le pian throm ag an am céanna mar gheall ar fhreangaí pianmhara sna matáin. Má bhíonn an cuar ag cur barraíocht brú ar na matáin, is féidir le hathlasadh forbairt sna fíocháin timpeall na matáin a chruthaíonn pian iontach dian fosta.
Bíonn tionchar ag scolóis ar ábaltacht gluaiseachta an t-othar. Nuair a bhíonn othar ag fulaingt le scolóis bíonn deacrachtaí móra acu maidir le bheith ag lúbadh agus ag cromadh síos.
Bíonn tionchar ag cuaire an dromlaigh ar an ailíniú na cromáin mar gheall ar an as ailíniú bíonn athruithe déanta maidir le siúl an duine agus iad ar sliú.[15]
Cé gur cuaire an dromlaigh atá i gceist le scolóis, bíonn tionchar aige ar an chorp iomlán. Go mion minic, bíonn tionchar mór ag an chuar ar struchtúr gualainne, muineál, cromáin, cosa agus lámha an t-othar. I gcásanna scolóis nach bhfuil go dian, ní bhíonn an oiread contúirt i gceist maidir leis na horgáin inmheánach agus a bheadh i gcásanna níos troma. In othair a bhíonn ag fulaingt le cásanna troma do scolóis, is cinnte go mbíonn tionchar ag an chuar ar an dromlach agus ar chreat na heasnacha, ach ní amháin sin, is féidir leis tionchar mór a bheith aige ar na horgáin inmheánach ina theannta sin, go háirithe na scamhóga agus an chroí.[16]
I gcásanna ina mbíonn an t-othar ag fulaingt le scolóis throm, is minic a bhíonn na scamhóga buailte agus tionchar mór ag an chuar orthu.[16] I gcásanna ina mbíonn an cuar tharr 50 céim bíonn go leor othair ag fulaingt le gearranáil agus deacracht acu a hanáil a tharraingt, ach i gcásanna ina mbíonn an cuar níos airde ná 90 céim cruthaítear fadhbanna i bhfad níos suntasaí maidir leis na scamhóga agus deacrachtaí anála.[17] I measc na ndeacrachtaí anála, is féidir le suíomh an píobán broinceach a bheith bogtha de bharr lúbadh an dromlach, a chruthaíonn fadhbanna suntasach maidir leis an análú.[16] Bíonn tionchar mór ag scolóis ar ghéilliúlacht balla an cliabhrach a dhéanann é a laghdú go díreach. Laghdaítear géilliúlacht na scamhóga go hindíreach de dheasca na scolóise chomh maith agus cuidiú a thabhairt ag ghaisteoireachta aer agus ataileachtáis atá ag dul in olcas. Mar gheall ar na himpleachtaí seo agus ar laigeacht an mhatáin riospráide, bíonn fadhbanna suntasach análú ag an othar agus cuireann na fadhbanna go mór le cliseadh ainsealach riospráide.[18]
Bíonn impleachtaí móra agus tionchar mór ag cásanna scolóise ina mbíonn an cuar os cionn 70 céim ar an chroí. An fhadhb is mó a bhíonn i gceist nó go mbogann creat na heasnacha fhad agus a bhíonn an dromlach ag lúbadh agus cruthaíonn an lúbadh easpa spás do chreat na heasnacha agus an chroí. Mar gheall ar an easpa spáis seo, bíonn go leor othair scolóise ag fulaingt le pianta cliabhraigh go mion minic mar go mbíonn na heasnacha ag brú in éadan an chroí. Cruthaíonn seo brú mór ar an chroí go ginearálta agus an tasc mór a bhíonn le déanamh aige sé sin fola a phumpáil thart timpeall an choirp.[19] Tá contúirtí móra i gceist le hothair ina bhfuil ag fulaingt le scolóis thóracsach agus ina raibh ag fulaingt le bun fhadhbanna croí cheana féin.[16]
Bíonn tionchar mór ag cásanna troma de scolóis ar ailíniú agus iompair an choirp a chruthaíonn go leor athruithe i measc othair ina mbíonn ag fulaingt leis an mhíchuma.[16] Is minic a uchtaíonn othair scolóise staidiúir úra le hiarracht a dhéanamh an tionchar a bhíonn ag an chuar a cheartú agus a chur i bhfolach.[16] I measc na himpleachtaí, bíonn tionchar ag an chuar ar ailt cóngaracha an choirp, agus ar airdí na cromáin, na gualainne agus na lámha agus ar shuíomh agus airde na slinneáin ina theannta sin. Tagann athrú ar an suíomh a bhíonn ag creat na heasnacha sa chorp agus sa chuid is mó de chásanna scolóis, bíonn taobh amháin de chreat na heasnacha níos mó chun tosaigh ná an taobh eile. I go leor cásanna, bíonn éifeacht mhór ag an chuar ar leibhéal na cromáin agus an pheilbheas, cuireann seo isteach go mór ar iompar an choirp mar go mbíonn an pheilbheas agus na cromáin as ailíniú agus bíonn tionchair aige ar struchtúr siúl an t-othar faoi dheoidh.[20] Mar atá luaite thuas, uchtaíonn go leor othair scolóise staidiúir úra, i measc na staidiúir úra sin claonann na hothair a gcuid coirp ar thaobh amháin, cromann siad a gcuid gualainne agus claonann siad a gcuid chloigeann le hiarracht a dhéanamh feabhas a chur ar iompar a gcuid coirp.[16]
Deirtear go bhfuil baint oidhreachtúil i gceist le scolóis ideapatach mar go bhfuil fianaise i láthair go ritheann an neamhord ó ghlúin go glúin i dteaghlaigh. É sin ráite, níl dochtúirí go fóill go hiomlán cinnte nó ar an eolas faoin chúis chruinn a bhaineann leis an chuar a fhoirmítear agus scolóis ideapatach ar an othar.[21] Tá trí phríomhchineál scolóis ann:
Ní bhíonn fadhb dhroma nó fadhbanna ar bith i gceist leis an dromlach i scolóis fheidhmiúil. Áfach, de ghnáth bíonn fadhb inteacht i láthair in áit faoi leith sa chorp, agus deirtear gur seo a spreagann an dromlach lúbadh agus cuar mínormalach a fhoirmiú sa dromlach. Go mion minic, bíonn an t-othar ag fulaingt le fadhbanna cosúil le freangaí matánach sa droim nó cos amháin a bheith níos faide ná an chos eile. Creidtear gur féidir leis an dromlach lúbadh de bharr na bhfadhbanna éagsúla seo a bhíonn i láthair i gcoirp an t-othar.
Cruthaítear fadhbanna nuair a theipeann ar chnámha an dromlaigh foirmiú mar is ceart nó mura scarann na cnámha óna chéile agus an fhéatais a fhorbairt sa bhroinn. Mar gheall ar na fadhbanna seo tagann an leanbh ar an tsaol le cuar sa dromlach darbh ainm scolóis néaramháthanach nó scolóis ón bhroinn. De ghnáth, bíonn cásanna den chineál seo scolóis níos measa agus níos déine agus teastaíonn cóireáil ar na hothair go mion minic. Is féidir le hothar le neamhord éagsúla a bheith ag fulaingt le Scolóis ón bhroinn chomh maith mar shampla othair le neamhord cosúil le siondróm marfan, le héalang ón bhroinn, pairilis cheirbreach nó le diostróife mhátanach. Sa chuid is mó de na neamhoird seo, bíonn fadhbanna ag na hothair maidir le matáin laga sa droim mar sin go mion minic forbraíonn cuar ar dhéanamh 'C' ar na hothair seo.
Tagann an cineál seo scolóis chun cinn i ndromlaigh ina bhfuil ballnaisc laga agus fíocháin bhoga ar an othar. Den chuid is mó, is othar a bhíonn siar i mblianta a bhíonn ag fulaingt le scolóis mheathlúcháin. Tagann athruithe móra ar an dromlach de bharr ar airtríteas a chuirtear spondalóis ar agus de bharr oistéapóróis chomh maith. Is féidir leis na hathruithe seo a bheith mar chúis de scolóis mheathlúcháin ina theannta sin.[22]
Bíonn cúpla céim i gceist agus scolóis a dhiagnóisiú, i measc na gcéimeanna scrúdaithe atá i gceist le cuidiú an mhíchuma a dheimhniú tá, scrúdú fisiceach, x-gha, íomháú athshondais mhaighnéadaigh agus scanadh CT. Nuair atá an scolóis deimhnithe, déanann dochtúirí céim an cuar a thomhais agus úsáid a bhaint acu as an Mhodh Cobb.[23]
Déanann scrúdú lúbthachta Adam scrúdú go príomhúil ar chasadh an dromlach agus le súil a chaitheamh ar mhínormalachtaí ar bith a bheadh i láthair. Go hiondúil, is é seo an chéad chéim scrúdaithe a bhaintear úsáid as i bpróiseas dhiagnóisiú na scolóise.[15] Cé nach bhfuil sé ina nós in Éirinn go fóill, baintear úsáid as scrúdú lúbthachta Adam go minic i scoileanna i Meiriceá le scrúdú a dhéanamh ar dhaltaí scoile.[24] An aidhm is mó a bhíonn i gceist agus scrúdú lúbthachta Adam a dhéanamh ar an othar nó scolóis struchtúrach nó scolóis fheidhmiúil a aimsiú.[25] I rith an scrúdú, cuirtear ceist ar an othar cromadh chun tosaigh fhad agus atá siad ábalta, cuirfidh an ghné seo den scrúdú ábaltacht ghluaiseachta an t-othar in iúl chomh maith.[26] Má tá tréithe de scolóis níos feiceálaí nuair a chromann an t-othar chun tosaigh, is cosúil gur scolóis fheidhmiúil atá i gceist. Má fhanann tréithe na scolóise mar an gcéanna fhad agus atá an t-othar ina sheasamh díreach, is cosúil gur scolóis struchtúrach atá i gceist.[25] Má fheictear go bhfuil creat na heasnacha ar airdí difriúla óna chéile nó ag gobadh amach níos faide ar thaobh amháin, tá dóchúlacht mhór gur chomhartha de scolóis atá i gceist.[27] Má mheastar le linn an scrúdú lúbthachta Adam go bhfuil cuar ar a laghad 5 céim i láthair i ndromlach an t-othar, cuirtear an t-othar ar aghaidh le dochtúir a fheiceáil le scrúdú níos doimhne a fháil agus le x-gha a fháil le céim an cuar a thomhais go cruinn agus an scolóis a dheimhniú go hoifigiúil.[15]
Glactar íomhá den dromlach le linn scrúdú x-ghathaithe ina mbaintear úsáid as meaisín x-ghathaithe leis an íomhá a thaifeadadh agus cuidiú a thabhairt ag méid beag radaíocht le mion íomhánna den dromlach a chruthú. Le linn an phróiséis a bhíonn i gceist, glactar íomhánna den dromlach tóracsach agus den dromlach lumbach ón radharc shaighdeach agus ón radharc cliathánach a bhíonn taifeadta ar ríomhaire speisialta le deis a thabhairt den radaghrafaí an x-gha a léamh. Ní bhíonn pian dá laghad i gceist leis an x-gha agus tá sé iontach sábháilte ar fad.[28]
Tugann na híomhánna a ghlactar le linn an x-gha cuidiú den dochtúir agus an cuar a thomhais aige. Tugann déine an cuar eolas don dochtúir maidir leis an chineál chóireáil a bheidh de dhíth ar an othar. Tugann na híomhánna deis den dochtúir dul chun cinn an cuar a thuar ag brath ar aibíocht an chnámharlaigh agus an cineál scolóis ina bhfuil an t-othar ag fulaingt leis.[28]
Déantar an x-gha a athdhéanamh go tráthrialta achan 3-12 mhí le monatóireacht dhlúth a dhéanamh ar dhéine agus dul chun cinn an cuar. Má bhíonn cóireáil a fháil ag an othar, cuidíonn an x-gha seo a ghlactar go tráthrialta tionchar an chóireáil a thomhais, mar shampla má tá teanntáin a chaitheamh ag an othar. Tugann an x-gha tuilleadh deis don dochtúir súil a choinneáil ar chóras néareolaíoch an t-othar, agus má tá iontas air faoi mhínormáltacht ar bith, bíonn scrúdú dian de dhíth ar chorda an dromlaigh a dhéantar le híomháú athshondais mhaighnéadaigh.[28]
Baintear úsáid as modh thomhais an uillinn Cobb le cuar cliathánach an dromlaigh a thomhais agus a mhíniú. Baintear úsáid as íomhá x-gha den dromlach iomlán agus modh an uillinn cobb a úsáid. Ag baint úsáid as an íomhá x-gha ansin, tarraingítear líne ingearach ón veirteabra is claonta sa dromlach díreach os cionn rinn an cuar cliathánach, agus líne ingearach eile ón veirteabra is claonta faoin rinn. Cuirtear uillinn cobb ar an bpointe a bhuaileann an dá líne le chéile nuair a fhoirmítear an uillinn, a chuidíonn céim an cuar a thomhais.[15]
Tá trí chineál mhodh bainistíochta nó cóireáil i gceist le hiarracht a dhéanamh cuaire an dromlaigh a cheartú. Braitheann an cineál chóireáil ar dhéine an cuar agus ar fhéidearthacht dul chun cinn an cuar sa todhchaí. Is é na trí chineál atá i gceist nó:
Moltar d'othair ina mbíonn ag fulaingt le cuar atá 50 céim ná níos airde dul ar aghaidh le máinliacht scolóise a fháil le hiarracht a dhéanamh dul chun cinn an cuar a chosc agus a laghdú sula ndéanann sé tuilleadh dochair don chorp. Sula gcuirtear an t-othar ar aghaidh le dul faoi scian, cuireann dochtúir suíomh agus déine an cuar atá i láthair sa dromlach san áireamh agus cóireáil éifeachtach a phleanáil aige. Déantar scrúdú ar aibíocht an chnámharlaigh ina theannta sin mar go bhfuil aois an t-othar tharr a bheith tábhachtach mar go mbeidh éifeacht ag an chóireáil ar chorp an t-othar má tá an dromlach go fóill ag fás agus ag forbairt nuair a théann sé faoi scian. Mura bhfuil aibíocht chnámharlaigh bainte amach ag an othar, d'fhéadfadh an dochtúir cóireáil éagsúla eile a phlé leis an othar in áit an mháinliacht.[29]
I gcásanna éadroma de scolóis ina mbíonn an uillinn Cobb níos lú ná 20 céim, ní bhíonn cóir leighis de dhíth ar an othar. I gcuid cásanna ina mbíonn an cuar éadrom, cuidíonn aclaíochta faoi leith ar nós ióga na matáin atá timpeall an dhromlaigh a láidriú.[30]
Rangaítear cuair a bhíonn idir 40 agus 45 céim mar scolóis mheánach agus is féidir le scolóis den chineál seo forbairt ar aghaidh go scolóis níos troime. Má dhéanann an cuar dul chun cinn suntasach, bíonn ar an othar dhul faoi scian leis an chuar a cheartú. Áfach, i gcásanna ina bhfuil an scolóis mheánach sheasmhach, is féidir le haclaíochta éagsúla cuidiú mór a thabhairt don dromlach.[30]
Go hiondúil an chéad chéim a bhíonn i gceist le cúrsaí bainistíochta na scolóise ideapatach ná an bhreathnóireacht. Bíonn próiseas do mheastóireacht chliniciúil I gceist leis an bhreathnóireacht a chiallaíonn go gcaithfidh an t-othar coinne breathnóireachta a bheith acu go tráthrialta achan cúpla mhí ag brath ar dhul chun cinn an cuar.[31]
Le linn próiseas na breathnóireachta, glactar x-gha do dhromlach an t-othar in eatraimh do sé mhí le súil dhian a choinneáil ar chéim an cuar agus ar shuíomh chorda an dromlaigh. Is déagóirí den chuid is mó a bhíonn ag freastal ar choinne bhreathnóireachta sa dóigh agus go mbeidh an dochtúir ábalta monatóireacht dhlúth a dhéanamh ar dhéine agus dul chun cinn an cuar i gcásanna éadroma tharr tréimhse ama.[32]
Nuair a chuirtear ar othar teanntáin droma a chaitheamh, cuidíonn sé dul chun cinn an cuar a mhoilliú agus den chuid is mó ní bhíonn ar an othar dul ar aghaidh agus dul faoi scian nuair a chríochnaíonn an cnámharlach ag fás. Má mholann an dochtúir go bhfuil teanntáin le caitheamh ag an othar, bíonn orthu an gléas a fháil feistithe sa dóigh agus go mbeidh sé oiriúnach do chorp an t-othar. Clúdaíonn an teanntán cabhail an t-othar nuair a bhíonn sé a chaitheamh agus iarracht a dhéanamh aige an cuar a chosc.[33]
Tá dhá phríomhchineál teanntáin ar fáil d'othair scolóise ag brath ar mhéid agus dul chun cinn an cuar sé sin, teanntáin a chaitear go lánaimseartha, ar feadh 16 go 23 uair an chloig sa lá agus teanntáin a chaitear san oíche fhad agus atá an t-othar ina chodladh ar feadh 8 go 10 n-uair an chloig. Braitheann an teanntán a mholann an dochtúir ar an méid brú a chuirfidh an teanntán ar easnacha agus dromlach an t-othar, leis an chuar a chosc nó a mhoilliú agus le ham a cheannach dóibh sula dtéann siad ar aghaidh le dul faoi scian.[34]
Is teanntáin tríthoiseach atá i dteanntáin Bhostúin atá saincheaptha ó shnaithínghloine nó plaisteach. Tá teanntáin Bhostúin ar an chineál teanntáin is coitianta i measc othair a bhíonn ag fulaingt le scolóis. De ghnáth, bíonn spás breise curtha ar fáil sa teanntán do mheicnic análú agus do cheartúchán rothlaithe.[35] Nuair a bhíonn teanntáin Bhostúin a chaitheamh ag an othar, oibríonn sé de réir meascán d'fhórsaí a chuidíonn plána córonach, transnach agus saighdeach an dromlaigh a bhogadh agus iarracht a dhéanamh aige cuaire an dromlaigh a cheartú nó a mhoilliú.[36][35] Má ordaítear don othar teanntán Bhostúin a chaitheamh, bá cheart dóibh é a chaitheamh ar feadh idir 18 agus 23 uair an chloig sa lá ar feadh tréimhse de trí go cúig bliana. Áfach, tá cead ag an othar an teanntán a bhaint dóibh ar feadh cúpla uair an chloig sa lá le cith folctha a bheith acu, nó le spórt éagsúla a dhéanamh. Ba cheart d'uillinn cobb an cuar a bheith 50% níos ísle nuair a bhíonn an teanntán a chaitheamh ag an othar i gcomparáid le céim an cuar nuair nach bhfuil an teanntán a chaitheamh ag an othar.[37]
Cé go bhfuil teanntán Wilmington iontach coitianta i measc othair Scolóis chomh maith, tá sé rud beag éagsúil ó theanntáin Bhostúin maidir lena struchtúr. Is saindhéanta ó chásálach a thógtar don othar agus iad ina luí díreach ar a droim atá teanntáin Wilmington. Sula mbíonn an teanntán go hiomlán críochnaithe, cuirtear fórsaí ceartúcháin éagsúla leis atá le hiarracht a dhéanamh cuar pearsanta an t-othar a cheartú.[34] Má mholtar d'othar teanntáin Wilmington a chaitheamh atá ar nós seaicéad teannta ann, caithfear é a chaitheamh ar feadh 23 uair an chloig achan lá.[34][38]
Tá an próiseas ina ndéantar teanntáin lúbthachta Charleston mar a ba chéanna le teanntáin Wilmington mar go bhfuil sé saindhéanta bunaithe ar cásálach a thógtar ó chabhail an t-othar chomh maith. Cuirtear fórsaí ceartúcháin leis an teanntán seo fosta le feabhas a chur ar an chuar agus le hé a mhoilliú. Faightear eolas éagsúla ó íomhá x-gha an dromlach a chuidíonn na fórsaí ceartúcháin cearta a chur sa teanntán le hoibriú ar an suíomh ceart sa dromlach. Tá teanntáin lúbthachta Charleston ar an teanntán a ba choitianta a chaitear san oíche.[34] Déanann othair scolóise teanntáin lúbthachta Charleston a chaitheamh achan oíche ar feadh ocht go deich n-uaire agus iad ina luí díreach ar a gcuid droim.[34][39] Ba chóir go gcaitear an teanntán seo go dtí go mbeidh aibíocht an chnámharlaigh bainte amach agus tabharfaidh x-gha le linn coinne bhreathnóireachta le hinsint nuair atá an aibíocht chnámharlaigh seo bainte amach ag an othar.[39]
Is comhtháthú dromlaigh a thugtar ar an mháinliacht a cheartaíonn scolóis. Le linn na máinliachta, cuirtear an veirteabra ar ais ina shuíomh ceart agus déantar é a chomhtháthú le chéile sa suíomh sin go dtí go gcneasaínn an dromlach mar chnámh shingil amháin. De ghnáth, déanann máinlianna scolóise othair ina mbíonn ag fulaingt le cuar a bhíonn idir nó níos airde ná 45 agus 50 céim a chur ar aghaidh le dul faoi scian leis an chuar a cheartú. Déantar an cuar a fheabhsú go héifeachtach sa chuid is mó de na cásanna agus cuidiú a thabhairt ag an teicneolaíocht nua-aimseartha agus na huirlisí éagsúla a bhíonn a úsáid ag máinlianna na haoise seo.[40]
Sula gcuirtear an t-othar faoi scian bíonn trí sprioc ag an mháinlia agus ag an dochtúir maidir le toradh an mháinliacht:
Is féidir le máinlia scolóise casadh mínormalach an dromlach a athchasadh chomh maith le ceartúcháin de 50% go 70% a dhéanamh ar chuar cliathánach an dromlach ag brath ar sholúbthacht an dromlaigh sula dtéann an t-othar faoi scian. Cé go bhfuil na hathruithe seo iontach suntasach ar fad maidir le struchtúr an dromlach agus an droim, cuireann sé feabhas mór ar staidiúir an t-othar ina theannta sin mar go mbíonn siad ábalta seasamh i bhfad níos dírigh gan a bheith ar sliú agus déantar cruit na heasnacha a bhíonn iontach feiceálach sa droim a laghdú go héifeachtach.
Déantar cuar an dromlaigh atá ag dul in olcas a chosc agus a cheartú le linn máinliacht scolóise mar gur sin an fáth go gcuirtear an t-othar ar aghaidh le dul faoi scian sa chead áit.
Cé go ndéanann máinlia scolóise an méid is mó de chuar an dromlaigh a cheartú le linn máinliacht scolóise, déanann sé an chuid is mó den chuar nádúrtha i dtosach agus i gcúl an dromlaigh a choinneáil le linn an mháinliacht sa dóigh agus go mbeidh ailíniú an corp chomh cothrom agus is féidir i ndiaidh na máinliachta, mar shampla fad na cosa agus leibhéal na cromáin chomh a bheith chomh cothrom agus is féidir i ndiaidh na máinliachta.[41]
Tá sé dodhéanta go mbeadh an máinlia ábalta an cuar a cheartú go hiomlán agus bíonn cuar iontach mion go fóill i láthair i ndromlach an t-othar i ndiaidh na máinliachta. Áfach, bíonn ceartúcháin iontach éifeachtach ar fad bainte amach sa dromlach de ghnáth agus bíonn othair scolóise iontach sásta leis an cheartúchán.[42] Le linn próiseas na máinliachta scolóise a mhaireann suas le hocht n-uaire an chloig, cuirtear slat iarann ar dhá thaobh an dromlach agus déantar an dá shlat a cheangail den dromlach le scriú agus boltaí le hiarracht a dhéanamh an dromlach a dhíriú agus le réitigh a fháil den chuar. Cuirtear nódaigh ó pheilbheas an t-othar ar bharr an dromlach le cuidiú leis comhtháthú ina suíomh ceart i gcnámh dhaingean amháin.[43]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.