From Wikipedia, the free encyclopedia
Neamhord is ea pairilis cheirbreach a tharlaíonn mar thoradh ar dhamáiste don inchinn le linn forbartha sa bhroinn nó le linn naíonachta.
Cineál | einceifealapaite, meathlú ceirbreach, pairilis agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | néareolaíocht agus péidiatraic |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | preab, toe walking (en) , ríog, muscle rigidity (en) agus neamhord urlabhra |
Scrúduithe | scrúdú fisiciúil, stair leighis, scanadh ultrafhuaime, íomháú athshondais mhaighnéadaigh agus genetic testing (en) |
Cóireáil | tenotomy (en) |
Cógais | |
Pataigineas | |
Cúis | asphyxia neonatorum (en) , einceifealapaite agus hiopocsa |
Aicmiú | |
ICD-10 | G80 agus G80.9 |
ICD-9 | 343.8 agus 343.9 |
Acmhainní seachtracha | |
OMIM | 603513 |
DiseasesDB | 2232 |
MedlinePlus | 000716 |
eMedicine | 1179555 agus 310740 |
Patient UK | cerebral-palsy |
MeSH | D002547 |
UMLS CUI | C0029806 agus C0007789 |
DOID | DOID:1969 |
Tá grúpa riochtaí casta a ghoilleann ar ghluaiseacht agus staidiúir toisc go bhfuil damáiste nó teip ann i bhforbairt chuid den inchinn a rialaíonn gluaiseacht. Tarlaíonn sé seo sula mbeirtear an leanbh, le linn breithe nó le linn luath-óige sula sroicheann fás na hinchinne leibhéal aibíochta áirithe.[1]
Meastar go gcuireann pairilis cheirbreach isteach ar 1 as 400 dalta in Éirinn.
Ceiliúrtar an Lá Domhanda Feasachta ar Phairilis Cheirbreach ar 6 Deireadh Fómhair.
Bíonn saghsanna éagsúla damáiste don inchinn taobh thiar den neamhord seo, galair na máthar le linn an toirchis, easpa ocsaigine le linn beirthe, ionfhabhtaithe víreasacha le linn naíonachta is eile ina measc. Ach ní bhíonn an chúis ar eolas de ghnáth.
Tá éagsúlacht mhór sa tionchar a bhíonn ag pairilis cheirbreach ó dhuine go duine. D’fhéadfadh an duine óg bheith míshuaimhneach, corrach.[2] Tugtar neamhluail air seo. D’fhéadfaí gur chúis deacrachtaí fisiceacha agus tearc-chaidrimh shóisialta í pairilis cheirbreach; is féidir difríochtaí ollmhóra a bheith idir beirt ógánach ar bith a bhfuil an riocht seo orthu.
Go ginearálta, is iad seo na saintréithe a bhaineann le pairilis cheirbreach: gluaiseachtaí preabacha agus easpa comhordú gluaiseachtaí ainneonacha, droch-chothromaíocht choirp, matáin spasmacha agus máchail chainte (agus uaireanta pairilis, righneas).
Aithnítear mórán cineálacha de phairilis cheirbreach anois agus déantar cur síos orthu mar seo:
Ní thagann athrú ar an bpairilis cheirbreach go hiondúil,. Ach bíonn daoine aonair in ann déileáil níos fearr lena gcuid deacrachtaí de réir mar a théann siad in aois, mar shampla Christy Brown sa 20ú haois in Éirinn.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.