Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe ó Dheireadh Fómhair 2022 i leith From Wikipedia, the free encyclopedia
Ilmhilliúnaí agus iar-PríomhAire na Ríochta Aontaithe, de chuid an Pháirtí Choimeádaigh is ea Rishi Sunak (Hiondúis: ऋषि सुनक) (a rugadh i Southampton, Hampshire ar an 12 Bealtaine 1980). Is é Sunak an chéad phríomh-aire ar an Ríocht Aontaithe den chreideamh Hiondúch, an chéad duine de bhunú na hÁise, agus an fear is óige san oifig ó 1812.[1][2][3]
Ar 12 Bealtaine 1980 a rugadh Sunak in Southampton. De shliocht Puinseábach a thuismitheoirí. Dochtúir teaghlaigh ab ea a athair agus bhí cógaslann ag a mháthair, gnó a thug cleachtadh don mhac ar an leabharchoimeád ina óige.
Chuaigh Sunak ar scoil phríobháideach, Winchester College, áit a raibh sé ina phríomhcheannaire.
Fealsúnacht, polaitíocht agus eacnamaíocht (PPE) an chéim a fuair sé in Ollscoil Oxford. Chuaigh sé ansin go hOllscoil Stanford in California mar ar bhain sé céim MBA amach. Is i Stanford freisin a bhuail sé lena bhean chéile, Akshata Murty, iníon le Narayana Murthy, an séú duine is saibhre san India.
Rinne Sunak go maith i gcúrsaí airgeadais, chaith sé le tamall le Goldman Sachs agus tamall ina bhainisteoir ar chistí fálaithe. Bhí a shaibhreas déanta aige agus gan é ach sna luath-thríochaidí nuair a shocraigh sé tabhairt faoi chúrsaí polaitíochta.
In 2014 roghnaíodh Sunak mar iarrthóir do shuíochán Caomhach an-sábháilte i Richmond in Yorkshire Thuaidh. Toghadh é sa suíochán sin in 2015, in ionad William Hague, iarcheannaire ar an bpáirtí Caomhach.[4]
Sa reifreann ar an mBreatimeacht in 2016, vótáil Sunak ar son imeacht as an Aontas Eorpach.
Ceapadh Sunak mar an Seansailéir na Státchiste sa bhliain 2020 i rialtas Boris Johnson.
Ba é Sunak a bhí ar an stiúir sa lag trá eacnamaíochta a spreag paindéim an choróinvíris. Caomhach den seandéanamh é Sunak, cáin íseal agus an státchóras agus a fhreagrachtaí a choinneáil beag. Ach b’éigean an port sin a leasú le linn na paindéime agus na billiúin punt a chur ar fáil ón státchiste le teacht i gcabhair ar ghnóthaí agus oibrithe a bhí buailte go dona ag Covid-19.
Níos déanaí cáineadh go géar Sunak agus é á chur ina leith gur támáilte go maith a bhí sé ag déileáil leis an ngéarchéim costas maireachtála sa mBreatain le linn 2021-2022.[4]
Chuir na póilíní fíneáil ar Sunak mar gur fhreastail sé ar chóisir i Sráid Downing Meitheamh 2020, tráth a raibh an dianghlasáil curtha i bhfeidhm ag an rialtas.
Sa bhliain 2021/2022, cáineadh Sunak nuair a tháinig sé chun solais gur sheachain a bhean, Akshata Murthy, cáin a íoc ar an ioncam a shaothraigh sí thar lear.
Ar 5 Iúil 2022, thug Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid le tuiscint go raibh siad ag éirí as; ní raibh muinín acu a thuilleadh as Boris Johnson.[5] Bhí cáineadh go leor orthu ina bpáirtí féin ag an am. Ach ag an am céanna, lean plód feisirí eile sampla Sunak, rud nár fhág aon rogha ag Boris Johnson ach géilleadh do na héilimh ar fad go n-éireodh sé as a phost.
I mí Lúnasa 2022, le linn an rása cheannaireachta in aghaidh Liz Truss, dúirt Sunak nach raibh sna geallúintí a bhí ag Truss agus iarrthóirí eile, go laghdóidís cánacha ar an toirt, ach “finscéalta”.
Chruthaigh an chaoi ar thit an tóin as sterling chomh luath agus a thug Truss agus Kwarteng isteach an mionbhuiséad inar gearradh cánacha gan aon mhaoiniú do na ciorruithe sin a bheith á lua, go raibh an ceart ag Sunak. Chruthaigh polasaithe Truss cíor thuathail láithreach sna margaí.[6]
Ar 24 Deireadh Fómhair 2022, fuair Sunak an ceann is fearr a fháil ar Boris Johnson[7] agus Penny Mordaunt le teacht i gcomharbacht ar Liz Truss in Uimhir a 10 Sráid Downing. D’éirigh Johnson agus Mordaunt as an rás roimh an vóta.
Fógraíodh ceannaireacht Sunak ar lá féile mhór na Hiondúch, Díbheálaí,[8] nó Féile na Soilse.[4] B'iontach an t-athrú é i scéal Sunak a chaill rás ceannaireachta na dTóraithe in aghaidh Liz Truss i mí Mheán Fómhair 2022.[9] Sa bhfeachtas seo, chuir Sunak é féin in iúl mar iarrthóir nach ngabhfadh anonn ná anall leis an bhfírinne faoin drochbhail atá ar chúrsaí airgeadais na Breataine.
Bhí Sunak ceaptha ina Phríomh-Aire ar an mBreatain ar 25 Deireadh Fómhair 2022. Chuir Sunak tús lena thréimhse ceannaireachta tráth a raibh an saol in Westminster sách corrach agus cúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta ina gcíor thuathail.[4] D’áitigh sé gurb é an chéad rud a bhí le déanamh ná an boilsciú a chur faoi smacht. Thug sé le fios go mbeadh air "cinntí míthaitneamhacha" a dhéanamh chun "dul i ngleic leis an ngéarchéim mhór eacnamaíochta" agus go gcuirfeadh sé ina gceart na botúin a rinne a réamhtheachtaí Liz Truss.[10]
Ar 21 Aibreán 2023, d'éirigh a Leas-Príomhaire, Dominic Raab as, an tríú haire sinsearach le héirí as rialtas Sunak idir Samhain 2022-Aib. 2023 de bharr drochiompair phearsanta. B'údar náire é seo do Sunak, a ghlac oifig mar Phríomh-aire na Breataine faoi ghealltanas go mbeadh ionracas agus macántacht ag baint lena rialtas. Tháinig an scannal seo sna sála ar na conspóidí uilig a bhain le tréimhse Boris Johnson mar phríomh-aire agus ar an gclampar a bhain le polasaithe eacnamaíochta tubaisteacha Liz Truss le linn a tréimhse giorra i gceannas.[11]
Ar an 5 Iúil 2024, d'fhógair Sunak, agus tocht ina ghlór aige, go raibh sé ag éirí as mar cheannaire dá dheoin féin tar éis don phobal é a chur amach in Olltoghchán 2024.[12]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.