Rinne na míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí mór, gan choinne, ar Iosrael ar 7 Deireadh Fómhair 2023.[1][2] Mar fhrithbheart, d’fhógair rialtas Iosrael cogadh ar Hamas, agus léigear iomlán ar Stráice Gaza.[3][4] Ar 28 Deireadh Fómhair, rinne Iosrael ionradh talún ar Gaza.[5][6] Ní raibh meas ná aird ag Iosrael ar an mbeatha, agus neamhshuim iomlán den dlí idirnáisiúnta, rud a tharraing conspóid.[7] Faoi dheireadh Nollaig 2023 bhí 70% de thithe Gaza scriosta ag buamaí Iosrael.[8]
Fíricí Gasta Lipéad sa teanga dhúchais, Cineál ...
Meastar 37,000 duine ar a laghad a bheith maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le hocht mí, Deireadh Fómhair 2023 - Meitheamh 2024, gan na mílte corp atá folaithe ag an smionagar a chomhaireamh, ná na daoine a bhfuil éalang fágtha orthu, ná na milliúin atá curtha ar an lár lom agus bainte as a greim.[9]
As Eabhrais, tugtar תגובות בין-לאומיות למלחמת חרבות ברזל ar "Cogadh Iosrael-Gaza" nó "Cogadh na gclaimhte gan trua gan taise", agus fonn mallaithe díoltais ar Rialtas na hIosrael, rialtas i bhfad amach ar an eite dheis, agus rinne na Náisiúin Aontaithe cáineadh géar ar gach taobh.[10]
Ar 7 Deireadh Fómhair, cuireadh tús leis an aighneas nuair a chuaigh míleataigh armtha de chuid Hamas trasna na teorainn as Gaza agus déanadh ionsaí gan choinne ar Iosraelaigh. Thug lucht Hamas 'Oibríocht Dhíle d'al-Aqsa' (en arabe: عملية طوفان الأقصى, ʿamaliyyat ṭūfān al-ʾAqṣā) air. Mharaigh Hamas thart ar mhíle dhá chéad duine in Iosrael,[11] páistí agus seandaoine ina measc. Maraíodh níos mó ná dhá chéad seasca duine óg a bhí ag freastal ar fhéile cheoil.
Dúirt 'Fórsaí Cosanta Iosrael' gur mharaigh siad níos mó ná míle cúig chéad de na míleataigh Hamas san ionsaí.[3]
Ionsaí ar Gaza
Thosaigh arm Iosrael ag bailiú taobh amuigh d'halla teorann Gaza ar 8 Deireadh Fómhair, agus iad ag fáil réidh le hionsaí talún. Ar 9 Deireadh Fómhair, bhí ordú tugtha ag Aire Cosanta Iosrael Yoav Gallant go ndéanfaí léigear iomlán ar Stráice Gaza. Ghearr siad soláthar de bhia, uisce, leictreachas, leigheas, agus gach ní eile, mar chuid den léigear.[3]
Dar le Roinn Sláinte Gaza, bhí breis agus 30,000 Palaistíneach maraithe idir Deireadh Fómhair - Feabhra 2024. Bhí Stráice Gaza faoi léigear le linn an ama seo agus tharla gorta.[12][13]
Eachtra lámhaigh in Shegaia,15 Nollaig 2023. Scaoil an IDF marbh triúr gialla ainneoin go raibh brat bán ar iompar acu agus gur ghlaoigh siad amach in Eabhrais.
Dúirt na Náisiúin Aontaithe i mí na Samhna 2023 go bhfuair timpeall 5,400 daoine bás san iomlán i ngach coimhlint eile a bhí idir Iosrael agus Hamas ó bhí 2007 ann (am nuair a tháinig Hamas i gcumhacht in Gaza[14])[15] agus an feachtas buamála is faide de chuid Iosrael.[16]