From Wikipedia, the free encyclopedia
Ar 29 Nollaig 2023, thug an Afraic Theas cás dlí in aghaidh na nIosraelach faoin gcinedhíothú a mhaítear ar Phalaistínigh Gaza,[1][2] An Afraic Theas v. Iosrael (Coinbhinsiún um Chinedhíothú).[3][4] Tá sé curtha i leith na nIosraelach ag an Afraic Theas go bhfuil cinedhíothú ar bun acu in Gaza.[5] Tá an Afraic Theas á mhaíomh gurb é rún Iosrael in Gaza ná “cuid mhór de ghrúpa náisiúnta, eitneach agus cine Palaistíneach a scrios”.[6]
Cineál | cás dlí |
---|---|
Dáta foilsithe | 29 Nollaig 2023 |
Príomhábhar | genocide in Gaza (en) |
Rannpháirtí | |
Gearánaí | an Afraic Theas |
Cosantóir | |
Cúiseamh | cinedhíothú |
Cúirt | an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta |
Croineolaíocht | |
11 Eanáir 2024 | |
12 Eanáir 2024 | |
26 Eanáir 2024 | Interim judgment by ICJ in the case of South Africa against Israel (en) |
Dar leis an Afraic Theas go bhfuil Airteagal 2 den Choinbhinsiún maidir le Cinedhíothú (1948) sáraithe ag na hIosraelaigh san iamhchríoch Phalaistíneach. Deir an Afraic Theas go bhfuil patrún córasach le feiceáil in iompar na nIosraelach in Gaza ar féidir a mhaíomh dá bhíthin gur cinedhíothú atá ar bun acu ann.[5]
De réir réamhordú ar an 26 Eanáir 2024 sa Háig, d’fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza.[7][8][9] Ciallaíonn na téarmaí a úsáideach go gceaptar go bhfuil sé inchreidte go bhfuil cinedhíothú tar éis tarlú.
Tabharfaidh an CBI a bhreithiúnas críochnúil i gcúpla bliain.
Bhí cásanna eile ar siúl ag an am céanna: Scrúdú na Cúirte Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le forghabháil na Iosraelach ar chríocha Palaistíneacha agus Imscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Phalaistín.
Chuir an Afraic Theas i leith Iosrael gur cinedhíothú an aidhm réamhbheartaithe a bhí lena gcuid gníomhartha in Gaza.[10] “Léiríonn na gníomhartha seo ar fad, ina n-aonar agus i dteannta a chéile, patrún iompair réamhbheartaithe ag Iosrael a chuireann cuspóir cindhíothach in iúl,” a dúirt Adila Hassim, abhcóide de chuid Ard-Chúirt na hAfraice Theas. "“Gach uile lá táthar ag cur le líon na marbh agus leis an scrios ar mhaoin, dínit agus daonnacht phobal na Palaistíne, scrios nach féidir a chur ina cheart go brách.”[6] Dar léi, mar fhianaise ar rún cinedhíothach :
Bhí an Afraic Theas ag iarraidh go n-ordófaí d’Iosrael éirí as an gcogadh láithreach agus an cogadh i nGaza a chur ar fionraí láithreach.[10]
Mhaígh cosaint Iosrael go raibh údar dlisteanach lena n-ionsaithe ar Gaza i bhfianaise ionradh Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair.[14]
Dúirt Iosrael nach raibh an IDF (Israel Defence Forces nó Airm Iosrael)[15] ag díriú ar shibhialtaigh, agus níor áiríodh sibhialtaigh mar thargaidí.
D’fhógair an CBI go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza. De réir an rialaithe, a tugadh sa Háig, tá ar Iosrael a dhícheall a dhéanamh gan cinedhíothú a ligean, agus gan fianaise gur tharla cinedhíothú a scriosadh.[7][8][9]
Ciallaíonn na téarmaí a úsáideach go gceaptar go bhfuil sé inchreidte go bhfuil cinedhíothú tar éis tarlú.
Chuir ionadaithe ón Afraic Theas, a thug an cás os comhair na Cúirte, fáilte roimh an bhreithiúnas.
Cháin airí ó Iosrael cinneadh agus údarás na Cúirte.
Tá tairseach sách ard ag baint le breithiúnas go bhfuil cinedhíothú á dhéanamh, agus tá gach éinne gafa leis an gceist cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an tairseach sin bainte amach ag Iosrael in Gaza. Tá go leor coireanna eile atá bainteach le cinedhíothú go bhféadfaí Iosrael a chiontú iontu – comhcheilg chun cinedhíothú a dhéanamh, gríosú chun cinedhíothú a dhéanamh, iarracht chun cinedhíothú a dhéanamh nó claonpháirtíocht i gcinedhíothú. [16]
Ag an am céanna, bhí Netanyahu agus a leithéid ag súil le líomhain an fhrithSheimíteachais a úsáid mar sciath chosanta.[16]
Ar an 24 Bealtaine 2024, thug an CBI ordú d'Iosrael deireadh a chur láithreach bonn leis an mórionsaí ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza. Soilsíodh sa rialú an easpa bia, uisce, saoráidí sláinteachais agus cógas leighis a bhí san iamhchríoch. Bhí an CBI den tuairim nach bhfuil na hIosraelaigh ag tabhairt aghaidh mar is ceart ar an ngéarchéim dhaonnúil. Chuir an Afraic Theas i leith go bhfuil Iosrael ag baint úsáid as an ngorta mar uirlis chogaidh agus an daonra sa Stráice i mbéal an bháis leis an ocras. Fuair níos mó ná 35,000 Palaistíneach marbh ó thús an chogaidh i nDeireadh Fómhair 2023 go dtí Bealtaine 2024.[17]
Trí bhreitheamh dhéag a ghlac leis an rialú (as 15). Is as Uganda agus Iosrael féin an bheirt a chuir ina aghaidh.[17]
Ní ag tacú le cás na hAfraice Theas ná ag cur ina aghaidh a bheas Rialtas na hÉireann.[5] D'fhógair an Tánaiste Micheál Martin ar 27 Márta 2024 go bhfuil Éire chun "idirghabháil a dhéanamh" sa chás faoi dheireadh, rud a rinne tíortha go leor eile roimh Éire.[18][19]
Tá Blinne Ní Ghrálaigh mar chuid d’fhoireann na hAfraice Theas. Dar léi, tá muintir Gaza ar an gcéad dream riamh a raibh a gcinedhíothú á chraoladh ar fud an domhain acu de réir mar a bhí sé ag tarlú.[6]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.