Tír í an Pholainn (Polainnis: Polska), nó Poblacht na Polainne (Polainnis: Rzeczpospolita Polska), mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, atá suite ar chósta theas Mhuir Bhailt. Tá sí ag críochantacht leis an nGearmáin, le Poblacht na Seice, leis an tSlóvaic, leis an Úcráin, leis an mBílearúis agus leis an Liotuáin. Thairis sin, tá ceantar Kaliningrad, ar leis an Rúis é, suite idir an Liotuáin agus an Pholainn.
An Pholainn | |||||
---|---|---|---|---|---|
Rzeczpospolita Polska (pl) Polska (pl) | |||||
|
|||||
Aintiún | Mazurek Dąbrowskiego (26 Feabhra 1927) | ||||
Mana | «Move your imagination» «Dychmyga!» | ||||
Ainmnithe in ómós | Polans (en) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Vársá | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 38,382,576 (2019) | ||||
• Dlús | 122.75 hab./km² | ||||
Déamainm | Polannach | ||||
Teanga oifigiúil | an Pholainnis (teanga oifigiúil) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Eoraip Láir Oirthear na hEorpa an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an tAontas Eorpach (2004–) | ||||
Achar dromchla | 312,683 km² | ||||
• Uisce | 2.6 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Bhailt, An Oder, Lusatian Nysa (en) , Jizera, Divoká Orlice (en) , Opava, Olza, Orava (en) , Białka, Dunajec, Poprad, Western Bug (en) , An Viostúile agus Noteć | ||||
Pointe is airde | Rysy (en) (2,499 m) | ||||
Pointe is ísle | Żuławy Wiślane (en) (−1.8 m) | ||||
Ar theorainn le | an Ghearmáin an Rúis (1991–) an Liotuáin (1991, 1918–1939) an Úcráin (1991–) an Bhealarúis (1991–) an tSlóvaic (1993–) Poblacht na Seice (1993–) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Congress Poland (en) , Regency Council (en) , Poblacht Tarnobrzeg, Rada Narodowa Księstwa Cieszyńskiego (en) agus Daonphoblacht na Polainne | ||||
Cruthú | 11 Samhain 1918: Stát ceannasach | ||||
Saoire phoiblí | National Independence Day (en) (11 Samhain) An Athbhliain (1 Eanáir) Eipeafáine (6 Eanáir) Luan Cásca (Easter + 1 day (en) ) Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe (1 Bealtaine) Cincís (An Cháisc + 49 lá) An Nollaig (25 Nollaig) Féilte Chorp Chríost (Easter + 60 days (en) ) May 3rd Constitution Day (en) (3 Bealtaine) Lá Fhéile Stiofán (26 Nollaig) Armed Forces Day (en) (15 Lúnasa) | ||||
Éarlamh | Adalbert of Prague (en) agus Stanislaus of Szczepanów (en) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | córas parlaiminteach, stát aonadach agus semi-presidential system (en) | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Council of Ministers (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na Polainne | ||||
• Uachtarán na Polainne | Wojciech Jaruzelski (1989–1990) | ||||
• Príomh-Aire na Polainne | Donald Tusk (2023–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach na Polainne | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 679,441,900,611 $ (2021) | ||||
Airgeadra | złoty | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .pl | ||||
Glaochód | +48 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 986, 998, 999 agus 997 | ||||
Cód tíre | PL | ||||
Cód NUTS | PL | ||||
Ainm na tíre
Tugann na Polannaigh féin Polska ar a dtír dhúchais ina dteanga féin. Tá an t-ainm seo bunaithe ar Polanie, is é sin, treibh de Shlavaigh a raibh cónaí orthu ar mhachairí móra na tíre fadó. Ciallaíonn an focal féin pole "páirc" nó "machaire" sa teanga. Tá ainmneacha na tíre i dteangacha eile fréamhaithe ón tamhan céanna, cé is moite de chúpla eisceacht: Lehistan a thugtar ar an bPolainn sa Tuircis, Lengyelország san Ungáiris, agus Lenkija sa Liotuáinis. Tá na hainmneacha seo bunaithe ar ainm treibhe eile, mar atá, Lędzianie. Bhí an treibh seo ag cur fúithi i gcríocha oirthuaisceartacha na Polainne de réir mar a bhreathnaíonn an tír inniu.
Is é ainm oifigiúil na tíre ná Rzeczpospolita Polska. Ní úsáidtear an focal dúchasach sin rzeczpospolita mar théarma Polainnise ar phoblacht ach le tagairt a dhéanamh do phoblacht na Polainne. Na poblachtaí eile, cosúil le hÉirinn, tugtar republika orthu. Le fírinne, níl i rzeczpospolita féin ach aistriú focal ar fhocal ar respublica na Laidine, nó ciallaíonn an dá fhocal gnó poiblí.
An Córas Polaitíochta
I ndiaidh bhlianta fada an Chumannachais, d'éirigh leis na Polannaigh daonlathas ceart a chur ar bun faoi dheoidh i dtús na nóchaidí. Is poblacht pharlaiminteach í an tír inniu, agus dhá theach - Sejm (an dáil, nó teach na dteachtaí) agus Senat (an seanad) - sa pharlaimint. Tá 460 feisire ar Sejm, agus na saoránaigh ag caitheamh a vótaí sna holltoghcháin uair in aghaidh na gceithre mbliana. Tá 100 Seanadóir ann, agus iad á dtoghadh sna holltoghcháin chomh maith. Tugtar Zgromadzenie Narodowe nó an Comhthionól Náisiúnta ar dhá theach na parlaiminte in éineacht - ar an Oireachtas, i dtéarmaí Éireannacha.
Bhí páirtithe éagsúla sa pharlaimint i mblianta an Chumannachais féin, cosúil le páirtí na bhfeirmeoirí (SL - Stronnictwo Ludowe nó Páirtí an Phobail) agus páirtí oifigiúil na gCaitliceach (PAX). Ba é an Páirtí Cumannach, nó Polska Zjednoczona Partia Robotnicza - "Páirtí Aontaithe Lucht Oibre na Polainne" - a bhí i mbun na gcúrsaí dháiríre, áfach. Ba é an ficsean oifigiúil go raibh an páirtí sin cruthaithe ag na Cumannaigh agus ag na Sóisialaigh Dhaonlathacha in éineacht - sin é an chúis go raibh an t-ainm sin air.
Tá tionchar nach beag ag na hiar-Chumannaigh i gcónaí ar an saol polaitiúil sa Pholainn. Níor éirigh leis na mionpháirtithe a tháinig ar an bhfód i ndiaidh athbhreith an daonlathais iad féin a bhuanú, agus sa lá atá inniu ann, bíonn na páirtithe nua ag teacht agus ag imeacht, toghchán i ndiaidh a chéile. Bíonn cuid mhór de na Polannaigh sách éiginnte i gcónaí faoina ndearcadh polaitiúil féin, agus grúpaí beaga tuathghríosóireachta coitianta go leor ar fud na sochaí.
Muintir agus Cultúr na Polainne
Roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí an Pholainn lán mionlaigh mhóra eitneacha, agus bruíonachas ar siúl go minic idir na mionlaigh agus na náisiúnaithe antoisceacha Polannacha. I ndiaidh an chogaidh, áfach, tá an Pholainn iontach aonchineálach ó thaobh an daonra de.
Is í an Pholainnis teanga oifigiúil na tíre, agus í ó dhúchas ag 96 % den 38 milliún duine atá ag cur fúthu sa tír. Is teanga Shlavach í an Pholainnis, agus is iad an tSeicis, an tSlóvaicis agus an tSorbais, teanga neamhfhorleathan a labhraítear in oirthear na Gearmáine, is gaolmhaire léi. An ceithre faoin gcéad eile, tá siad ag labhairt Úcráinis, Bílearúisis, Liotuáinis, Giúdais (teanga atá fréamhaithe ón tsean-Ghearmáinis), Gearmáinis nó Tatairis. Is Caitlicigh iad lucht labhartha na Polainnise de ghnáth. Bíonn creideamh mionlaigh éigin ag dul leis an teanga nó leis an dúchas mionlaigh go minic. Mar shampla, bíonn an creideamh Protastúnach ag baint leis an nGearmáinis. Na hÚcráinigh, arís, is dual dóibh urraim a thabhairt dá n-eaglais Chaitliceach Oirthearach, eaglais a chloíonn leis na deasghnátha Gréigeacha, cé go dtugann sí aitheantas don Phápa. Is Ceartchreidmhigh Oirthearacha iad na Bílearúisigh, agus na Tataraigh ina Moslamaigh. I ndiaidh an ródaigh a rinne Uileloscadh na Naitsithe ar phobal mór millteanach na nGiúdach sa Pholainn, ní mhaireann ach dornán acu beo sa tír. Bíonn an Ghiúdais á labhairt ag an tseanghlúin, ach dealraíonn sé nach mbacann na Giúdaigh óga leis an teanga seo a thuilleadh. Giúdach Polannach ab ea an Dr Ludwig Zamenhof, a thionscain an teanga idirnáisiúnta Esperanto i gcathair Vársá sa bhliain 1887.
I mblianta an Chumannachais, chuir dream réasúnta mór de dhídeanaithe Cumannacha ón nGréig fúthu sa Pholainn, agus iad ag iarraidh saol cultúrtha dá gcuid féin agus ina dteanga féin a choinneáil ag imeacht. De réir chosúlachta, áfach, ní raibh teacht aniar sa Ghréigis mar theanga mhionlaigh sa Pholainn, nó tá an teanga ag imeacht go tiubh téirimeach i measc shliocht sleachta na ndídeanaithe inniu, agus iad ag dul leis an bPolainnis agus le nósanna na bPolannach go breá sásta.
Cúigí na Polainne
Tá sé chúig déag sa Pholainn. Województwa a thugtar ar na cúigí, is é sin, vóvadachtaí - tá gaol ag an bhfocal le hainm na Vóvaidíne sa tSeirbia. Is é an powiat nó an contae an chéad leibhéal riaracháin taobh thíos den chúige, agus tá 379 bpowiat sa Pholainn ar fad. Tá na powiaty (sin é an uimhir iolra sa Pholainnis) roinnte ina ngminy (uimhir uatha: gmina), a bhféadfaí paróistí a thabhairt orthu as Gaeilge (tá an focal féin bunaithe ar Gemeinde na Gearmáinise, focal a chiallaíonn paróiste). Tá 2479 ngmina sa Pholainn.
Is iad na cúigí nó na województwa ná:
- Pomorskie, príomhchathair: Gdańsk
- Zachodniopomorskie, príomhchathair: Szczecin
- Lubuskie, príomhchathair: Zielona Góra
- Wielkopolskie, príomhchathair: Poznań
- Dolnośląskie, príomhchathair: Wrocław
- Opolskie, príomhchathair: Opole
- Śląskie, príomhchathair: Katowice
- Małopolskie, príomhchathair: Kraków
- Świętokrzyskie, príomhchathair: Kielce
- Lubelskie, príomhchathair: Lublin
- Mazowieckie, príomhchathair: Vársá
- Łódzkie, príomhchathair: Łódź
- Kujawsko-Pomorskie, príomhchathracha: Bydgoszcz (áit a bhfuil cónaí ar an vóvad, is é sin, ar ghobharnóir an chúige) agus Toruń (áit a mbíonn Comhairle an Chúige ag tionól)
- Warmińsko-Mazurskie, príomhchathair: Olsztyn
- Podlaskie, príomhchathair: Białystok
- Podkarpackie, príomhchathair: Rzeszów
Stair
Tháinig na treibheanna Slavacha go dtí limistéar na Polainne i mblianta Imirce Mhór na Náisiún, sna sálacha ag na Teotanaigh agus na Húnaigh a rinne spior spear d'Impireacht na hIar-Róimhe i dtús na Meánaoiseanna. Thosaigh an t-eagar ceart polaitiúil ag teacht ar an bPolainn sa deichiú haois, faoi stiúir an rítheaghlaigh atá ainmnithe as Piast, sinsear finscéalach na clainne nach raibh ann ar dtús ach treabhdóir bocht.
Eacnamaíocht
Úsáidtear an złoty mar airgeadra sa Pholainn. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Polainne an 24ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 24ú ceann freisin de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 47ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an bPolainn, é ar $29,251 don chónaitheach.
De réir Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2019 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 27ú tír is forbartha ar domhan í an Pholainn, as 150 tír a tomhaiseadh.[1] Cuireann sé sin í mar an 16ú tír is forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh. I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Pholainn an 42ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí Eanáir 2020, is ag 2.9% a bhí ráta dífhostaithe na tíre, an dara leibhéal is ísle san Aontas Eorpach, i ndiaidh na Seice ach amháin.[2]
Radharcra
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.