Uachtarán na Pacastáine ó 2001 go 2008 From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba ea 10ú Uachtarán na Pacastáine é Pervez Musharraf (Urdais: پرويز مشرف), a rugadh ar 11 Lúnasa1943 i nDeilí, san India agus a fuair bás ar 5 Feabhra 2023 ar deoraíocht i Dubai.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
D'éirigh Musharraf ina cheann foirne (Ginearál 4*) san arm Phacastánach sa bhliain 1998. Thug sé na pleananna chun tosaigh ionsaithe ar an India in Kashmir a dhéanamh. Troideadh an "Cogadh Kargil'[1] cogadh in aghaidh India, idir Bealtaine - Iúil 1999.
Bhí Musharraf i mbun coup d’état ar 12 Deireadh Fómhair1999 in aghaidh Nawaz Sharif (tofa ar bhonn daonlathach sa bhliain 1997). Ceapadh Musharraf mar phríomhfheidhmeannach na Pacastáine. Ansin ceapadh Musharraf mar 10ú Uachtarán na Pacastáine ar 20 Meitheamh2001, tar éis. D'éirigh sé as a phost ar an 18 Lúnasa2008.[2]
Choinnigh Musharraf greim daingean ar an gcumhacht go dtí 2007. D'fhógair sé staid éigeandála sa tír i Samhain 2007. Feallmharaíodh Benazir Bhutto, ceannaire an fhreasúra, ar 27 Nollaig 2007.
Eagraíodh olltoghchán sa bhliain 2008 agus bhí ar Musharraf éirí as, rud a rinne sé ar 18 Lúnasa 2008, ag dul ar deoraíocht thar lear níos déanaí.