Cathair mór i gCeanada From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Montréal an chathair is mó i Québec, Ceanada. Tá sí suite ar Oileán Montréal ag cumar dhá abhainn, an Saint-Laurent agus an Outaouais. Is oileán de chuid oileánra Hochelaga é oileán Montréal. De réir fianaise na seandálaíochta tá cónaí ar dhaoine sa cheantar le timpeall trí mhíle bliain. Timpeall ceithre mhilliún duine a chónaíonn ann agus is í an Fhraincis an phríomhtheanga. Is í an tríú cathair is mó Fraincise sa domhan í (Páras agus Kinshasa na cinn is mó).
Montréal | |||||
---|---|---|---|---|---|
Montréal (fr) Molian (abe) Mooniyang (oj) Tiohtià:ke (moh) Tiohtiake (moh) | |||||
|
|||||
Mana | «Concordia Salus» | ||||
Ainmnithe in ómós | Mount Royal (en) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Ceanada | ||||
Cúige Cheanada | Québec | ||||
Réigiún riaracháin in Québec | Montréal | ||||
Equivalent territory (en) | Urban agglomeration of Montreal (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,762,949 (2021) | ||||
• Dlús | 3,540.06 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Greater Montreal (en) Urban agglomeration of Montreal (en) | ||||
Achar dromchla | 498 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Rivière des Prairies (en) , Abhainn Saint Lawrence, St. Lawrence Seaway (en) , Lake of Two Mountains (en) agus Lac Saint-Louis (en) | ||||
Airde | 31 m | ||||
Ar theorainn le | Longueuil Candiac (en) Sainte-Anne-de-Bellevue (en) Sainte-Catherine (en) Laval Dorval (en) Hampstead (en) Montréal-Est (en) Mount Royal (en) Saint-Lambert (en) Westmount Kirkland (en) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ville Marie de Montréal (en) | ||||
Bunaitheoir(í) | Paul de Chomedey, Sieur de Maisonneuve agus Jeanne Mance | ||||
Cruthú | 17 Bealtaine 1642 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Montreal City Council (en) | ||||
• Mayor of Montreal (en) | Valérie Plante (2017–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | H | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 514, 438 agus 263 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | montreal.ca | ||||
Thug an taiscéalaí Francach Jacques Cartier cuairt ar cheantar Montréal don chéad uair, áit a raibh muintir Huron ag an am, i 1635. Bhaist sé Mont Royal (An Sliabh Ríoga) ar shliabh a bhí crochta os cionn abhainn an St Laurence.
D'aimsigh Samuel de Champlain an suíomh[1]. D'fhill Cartier sa bhliain 1642, in éineacht le Paul Chomedey de Maisonneuve, agus sagairt agus coilínigh ('Société Notre-Dame de Montréal') agus bunaíodh an sráidbhaile Ville Marie.
Ba ann a cuireadh an chéad ospidéal i Meiriceá Thuaidh ar bun, ar 17 Bealtaine 1642 (l’Hôtel-Dieu de Montréal).
Neartaigh Paul de Chomedey, Sieur de Maisonneuve an baile sa bhliain chéanna. Chuir an troid in aghaidh na nIroquois agus na Sasanach bac ar fhás na cathrach ar feadh tamaill.
Sa bhliain 1701 rinne na dúchasaigh conradh síochána leis na Francaigh agus d'fhás sí mar ionad tráchtála de réir a chéile. Fionnadh a bhí á easpórtáil chun na hEorpa. D'fhan an chathair i seilbh na bhFrancach go dtí 1761. Tháinig forbairt mhear ar Montréal nuair a críochnaíodh canáil Lachine.
Timpeall 9000 duine a bhí i Montréal in 1801 ach d'fhás an daonra go mear go timpeall ceathrú milliún faoi dheireadh an naoú haois déag. Bhí parlaimint Cheanada Aontaithe lonnaithe sa chathair idir 1844 agus 1949. Ba sa bhliain 1833 a rinne corporáidiú ar an gcathair a d'fhás ar an oileán agus ar bhruacha na habhann. Montréal an t-ainm oifigiúil a bhí ar an gcathair ó shin i leith.
As sin go dtí na 1960í ba í Montréal an chathair ba mhó agus ba thábhachtaí i gCeanada, ach nuair a tháinig an réabhlóid chiúin (gluaiseacht a d'éiligh cearta do lucht labhartha na Fraincise, agus fiú neamhspleáchas do Québec) thosaigh na Béarlóirí ag imeacht amach as an chathair agus as an chúige agus ó shin i leith is í Toronto an chathair is mó sa tír. Ba ardú meanmna do mhuintir Québec cuairt Charles de Gaulle i 1967, ach neartaigh sé imní na mBéarlóirí.
Bhí na Cluichí Oilimpeacha i Montréal i 1976.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.