amhránaí Ceanadach From Wikipedia, the free encyclopedia
B'fhile agus amhránaí as Ceanada é Leonard Norman Cohen (21 Meán Fómhair 1934 - 7 Samhain 2016) dathúil, tallannach, agus de chúlra gustalach Giúdach. "Oirfideach míorúilteach ar stáitse ab ea é ach seasann go leor de na liricí ar pár chomh maith".[1] Aitheanta i measc na scríbhneoirí ceoil is fearr agus is bisiúla ar domhan ar feadh 60 bliain, is liosta le háireamh iad na hamhráin chumhachtacha atá cumtha aige ó thosaigh sé amach sna 1950í, leithéidí ‘Halleljuah’, ‘So Long, Marianne’ agus ‘Suzanne’.[2]
Thug mórán daoine aitheantas dá stór ceoil, a bhí leathan agus éagsúil, agus fuair sé gradaim agus ardmholadh ó léirmheastóirí, agus bhí lucht éisteachta aige ó gach cearn ar domhan.[3]
D’fhoghlaim sé go leor óna chathair dhúchais, Montreal, cathair mhór shofaisticiúil. Bhí Fraincis ar a thoil aige agus Gréigis cuibheasach maith aige leis de réir dealraimh.
Ba í Marianne Ihlen a Bhé inspioráide agus bhí siad le chéile sa Ghréig, ar oileán Hydra, ar feadh cuid mhaith de na 60idí.
Bhí Suzanne Elrod an dara bean ina shaol, máthair na bpáistí aige.
Banaí ba ea Cohen, agus lán d'aer an tsaoil. Dúirt sé mar shampla, "I love hotels to which, at four a.m., you can bring along a midget, a bear and four ladies, drag them to your room and no one cares about it at all.”[4]
B’fhile é Cohen sular thosaigh sé ar an cheol (d’aithin sé nach raibh airgead ar bith ag dul leis an fhilíocht).[6]
Ghoid a bhainisteoir Kelley Lynch $9 milliún uaidh, agus mar sin bhí Cohen ar an mbóthar go minic agus é ag dul in aois.
Ina chuid amhrán buan, chuir Leonard Cohen in iúl ní hamháin mothúcháin an uaignis agus an chaillteanais, ach chomh maith leis sin, croí na beatha daonna: an grá, an áille, an greann, chomh maith leis an bpáirtíocht shóisialta agus pholaitíochta.[3]
Thuig Cohen go raibh galair an aonchineálachais ag leathnú ar fud an domhain agus ghaibhnigh sé féiniúlacht uathúil dó féin ina chuid amhrán, amhráin a chuimsigh an misteachas Giúdach, an t-earótachas agus an pholaitíocht.. Is cinnte go bhfuil duairceas in an-chuid de na hamhráin mhóra aige, Suzanne, cuir i gcás.[1]
Is cuid lárnach dá stíl é an guth; bhí guth aige mar screadadh cait don dhaoine áirithe.
Bhí tionchar mór ag William Butler Yeats ar Cohen agus bhí caidreamh gnaíúil aige lena lucht éisteachta in Éirinn.
Sna 2010idí, d’aistrigh na filí Gabriel Rosenstock agus Liam Ó Muirthile cuid de liricí Cohen go Gaeilge mar chuid den fhéile litríochta IMRAM agus chan Liam Ó Maonlaí, David Blake, Hilary Bow agus an Brad Pitt Light Orchestra iad ag ócáid speisialta le linn na féile.[8]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.