Montréal

Cathair mór i gCeanada From Wikipedia, the free encyclopedia

Montréal

Is í Montréal an chathair is mó i Québec, Ceanada. Tá sí suite ar Oileán Montréal ag cumar dhá abhainn, an Saint-Laurent agus an Outaouais. Is oileán de chuid oileánra Hochelaga é oileán Montréal. De réir fianaise na seandálaíochta tá cónaí ar dhaoine sa cheantar le timpeall trí mhíle bliain. Timpeall ceithre mhilliún duine a chónaíonn ann agus is í an Fhraincis an phríomhtheanga. Is í an tríú cathair is mó Fraincise sa domhan í (Páras agus Kinshasa na cinn is mó).

Fíricí Gasta Mana, Ainmnithe in ómós ...
Montréal
Montréal (fr)
Molian (abe)
Mooniyang (oj)
Tiohtià:ke (moh)
Tiohtiake (moh)
Thumb Thumb
Bratach Armas
Thumb

Mana«Concordia Salus»
Ainmnithe in ómósMount Royal (en)
Suíomh
Thumb Thumb
 45° 30′ 12″ N, 73° 35′ 13″ O
Stát ceannasachCeanada
Cúige CheanadaQuébec
Réigiún riaracháin in QuébecMontréal
Equivalent territory (en) Urban agglomeration of Montreal (en)
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán1,762,949 (2021)
 Dlús3,540.06 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deGreater Montreal (en)
Urban agglomeration of Montreal (en)
Achar dromchla498 km²
Suite i nó in aice le limistéar uisceRivière des Prairies (en) , Abhainn Saint Lawrence, St. Lawrence Seaway (en) , Lake of Two Mountains (en) agus Lac Saint-Louis (en)
Airde31 m
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síVille Marie de Montréal (en)
Bunaitheoir(í)Paul de Chomedey, Sieur de Maisonneuve agus Jeanne Mance
Cruthú17 Bealtaine 1642
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachMontreal City Council (en)
 Mayor of Montreal (en) Valérie Plante (2017–)
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistH
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód514, 438 agus 263
Eile

Suíomh gréasáinmontreal.ca

Dún

Stair

Thumb

Thug an taiscéalaí Francach Jacques Cartier cuairt ar cheantar Montréal don chéad uair, áit a raibh muintir Huron ag an am, i 1635. Bhaist sé Mont Royal (An Sliabh Ríoga) ar shliabh a bhí crochta os cionn abhainn an St Laurence.

D'aimsigh Samuel de Champlain an suíomh[1]. D'fhill Cartier sa bhliain 1642, in éineacht le Paul Chomedey de Maisonneuve, agus sagairt agus coilínigh ('Société Notre-Dame de Montréal') agus bunaíodh an sráidbhaile Ville Marie.

Ba ann a cuireadh an chéad ospidéal i Meiriceá Thuaidh ar bun, ar 17 Bealtaine 1642 (l’Hôtel-Dieu de Montréal).

Neartaigh Paul de Chomedey, Sieur de Maisonneuve an baile sa bhliain chéanna. Chuir an troid in aghaidh na nIroquois agus na Sasanach bac ar fhás na cathrach ar feadh tamaill.

Sa bhliain 1701 rinne na dúchasaigh conradh síochána leis na Francaigh agus d'fhás sí mar ionad tráchtála de réir a chéile. Fionnadh a bhí á easpórtáil chun na hEorpa. D'fhan an chathair i seilbh na bhFrancach go dtí 1761. Tháinig forbairt mhear ar Montréal nuair a críochnaíodh canáil Lachine.

Timpeall 9000 duine a bhí i Montréal in 1801 ach d'fhás an daonra go mear go timpeall ceathrú milliún faoi dheireadh an naoú haois déag. Bhí parlaimint Cheanada Aontaithe lonnaithe sa chathair idir 1844 agus 1949. Ba sa bhliain 1833 a rinne corporáidiú ar an gcathair a d'fhás ar an oileán agus ar bhruacha na habhann. Montréal an t-ainm oifigiúil a bhí ar an gcathair ó shin i leith.

Thumb
Rue Duluth, Montréal 2005

As sin go dtí na 1960í ba í Montréal an chathair ba mhó agus ba thábhachtaí i gCeanada, ach nuair a tháinig an réabhlóid chiúin (gluaiseacht a d'éiligh cearta do lucht labhartha na Fraincise, agus fiú neamhspleáchas do Québec) thosaigh na Béarlóirí ag imeacht amach as an chathair agus as an chúige agus ó shin i leith is í Toronto an chathair is mó sa tír. Ba ardú meanmna do mhuintir Québec cuairt Charles de Gaulle i 1967, ach neartaigh sé imní na mBéarlóirí.

Bhí na Cluichí Oilimpeacha i Montréal i 1976.

Cultúr

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.