ceimiceoir agus fisiceoir Briotanach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba cheimiceoir, fisiceoir agus meitéareolaí[1] Sasanach é John Dalton FRS (5 nó 6 Meán Fómhair 1766 – 27 Iúil 1844). Is fearr aithne air as an teoiric adamhach a thabhairt isteach sa cheimic, agus as an taighde a rinne sé ar dhathdhaille, riocht a bhí air. Tugtar Daltúnachas ar dhathdhaille i dteangacha éagsúla, a bheith ainmnithe ina dhiaidh.
Ainm sa teanga dhúchais | (en) John Daltonn |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 6 Meán Fómhair 1766 Cumberland, England |
Bás | 27 Iúil 1844 77 bliana d'aois Manchain, England |
Uachtarán Manchester Literary and Philosophical Society (en) | |
1816 – 1844 | |
Rúnaí Manchester Literary and Philosophical Society (en) | |
1800 – 1809 | |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceimic, fisic agus meitéareolaíocht |
Gairm | fisiceoir, ceimiceoir, meitéareolaí, matamaiticeoir, luibheolaí |
Fostóir | Ollscoil Oxford |
Ball de | |
Spéis aige/aici i | Dathamharc |
Mac/iníon léinn de chuid | John Gough |
Mac/iníon léinn | James Prescott Joule |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla agus an Ghearmáinis |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Giorrúchán luibheolaíochta | Jn.Dalton |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | Joseph Dalton agus Deborah Greenup |
Gradam a fuarthas | |
Sna blianta 1808-1810 chuir Dalton a theoiric adamhach le chéile, agus rinne eolaíocht chainníochtúil sa cheimic[2]. Thóg sé clár meáchan adamhach.
Rinne sé taighde ar mheascáin gás go príomha, fórsa gaile, leaisteachas gaile agus forbairt theirmeach gás.
D'fhionn sé dlí ("dlí Dalton" inniu) ar pháirtbhrúnna, go bhfeidhmíonn gach gás ar leith, i meascán gás i soitheach, an brú céanna is a d'fheidhmeodh sé dá mbeadh sé ina aonar sa toirt sin, agus mar sin go bhfeidhmíonn páirtbhrú i gcomhréir le codán an gháis sin sa mheascán.
Feidhmíonn na gáis uile neamhspleách ar a chéile. Mar shampla, cuimsíonn an t-atmaisféar 80% nítrigine, a bheag nó a mhór, agus mar sin feidhmíonn an nítrigin 80% de bhrú an atmaisféir.
Le hobair John Dalton ar an teoiric adamhach, tháinig an cheimic chun tosaigh ina heolaíocht chainníochtúil sa 19ú haois.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.