From Wikipedia, the free encyclopedia
Is neamhord fola í an haemaifilia, galar géiniteach a tharlaíonn i bhfireannaigh den chuid is mó, ina moillítear téachtadh na fola as cuimse.[1] Ní bhíonn Fachtóir VIII i láthair i ndaoine a mbíonn haemaifilia clasaiceach orthu, agus ní bhíonn a bhfuil siúd in ann téachtadh. Déantar iad a chóireáil le hinstealladh infhéitheach d'fhachtóir VIII, a scaradh ó fhuil úr.
Cineál | inherited blood coagulation disease (en) , coagulation factor deficiency (en) agus rare hemorrhagic disorder due to a constitutional coagulation factors defect (en) |
---|---|
Speisialtacht leighis | haemaiteolaíocht |
Pataigineas | |
Cúis ghéiniteach | Fachtóir VIII agus F9 |
Aicmiú | |
ICD-10 | D66 agus D68 |
ICD-9 | 286 |
Acmhainní seachtracha | |
OMIM | 306700, 306900 agus 264900 |
DiseasesDB | 5555, 5561 agus 29376 |
MedlinePlus | 000537 |
eMedicine | 779322 |
Orphanet | 448 |
UMLS CUI | C0684275 |
Ceiliúrtar Lá Domhanda Haemaifilia ar an 17 Aibreán gach bliain ó 1989 i leith. Tá sé mar aidhm leis feasacht agus tuiscint an phobail i gcoitinne a mhéadú agus a aird a dhíriú ar na saincheisteanna a bhaineann le haemaifilia agus neamhoird fuilithe eile.[2]
I ngnáthduine, nuair a tharlaíonn créacht, tosaíonn eagar imoibrithe ceimiceacha sa bhfuil a dhéanann gréasán den phróitéin ar a dtugtar fibrin, agus cabhraíonn an téachtán fola seo le bac a chur le cailleadh na fola agus an chréacht a chneasú.
I nduine le haemaifilia, bíonn ceimiceán amháin is gá do na himoibrithe seo as láthair, Fachtóir VIII, agus moillítear an téachtadh nó stoptar ar fad é.
Is féidir go gcuirfidh an haemaifiliach a chuid fola go bás, as créacht cuibheasach beag, fiú.
Is é an chóir leighis ar haemaifilia ná Fachtóir VIII a fháil trí fhuilaistriú. Tá haemaifilia eile ann a tharlaíonn go hannamh ina mbíonn fachtóir eile as láthair, fachtóir IX, agus déantar cóireáil air cosúil le hinstealladh fachtóir IX.
Is í Haemaifilia A an cineál haemaifilia is coitianta i measc an phobail. Bíonn fadhbanna níos minice i bhfir, do dhuine amháin as gach 5,000 go gach 10,000 fear.
Meastar, a dúirt an tAire Sláinte sa bhliain 2019, "go bhfuil na seirbhísí a sholáthraítear in Ionaid Chúraim Chuimsithigh i measc na seirbhísí is fearr ar domhan. Is iad na hionaid sin an tIonad Náisiúnta Téachta in Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath; an tIonad Téachta in Ospidéal Ollscoile Chorcaí; agus Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn."[2]
Seans go leigheasfar haemaifiliaigh le géinteiripe amach anseo, ionas gur féidir lena gcolainneacha a bhfachtóir VIII féin a dhéanamh.[3]
Sa bhliain 2014, bhí cumann Haemaifilia na hÉireann ag éileamh go gcuirfí cógas leighis nua ar fáil go luath do 350 duine a bhfuil an víreas Heipitíteas C orthu agus atá go dona tinn dá bharr.[4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.