From Wikipedia, the free encyclopedia
Aistriú fuil duine amháin isteach i gcolainn duine eile is ea fuilaistriú, mar shampla, chun cabhrú le duine a chaill cuid mhaith fola trí ghortú.[1] Déantar an fhuil i gcomhair fuilaistrithe a scagthástáil chun tarchur oibreán ionfhabhtaithe a sheachaint.[2]
Is dainséar é galar Creutzfeld-Jakob, agus galair eile, SEIF mar shampla, don chóras fuilaistriúcháin.
Baintear mí-úsáid as fuilaistrithe mar dhruga a chuireann leis an bhfeidhmiú sa spórt. Déanann seo líon na bhfuilchealla dearga a mhéadú agus sa tslí seo an méid ocsaigine a iompraítear san fhuil a ardú.
Rinneadh a leithéid den chéad uair go luath sa 19ú céad, ach torthaí marfacha a bhí air go minic. Rinne James Blundell, obstatraí i Londain, an chéad fhuilaistriú ar an 25 Meán Fómhair 1818.[3] D'éirigh cuibheasach maith leis. Ach níorbh théidir fuilaistriú slán áisiúil a dhéanamh go cliniciúil go bhfuarthas amach mar gheall ar thíopáil fola agus an gá le comhoiriúnacht idir tíopaí an thaighteora is an deontóra.[4] Níor thángthas ar na fuilghrúpaí roimh 1900.[5] Bronnadh Duais Nobel an Leighis ar Dr Landsteiner. don fhionnachtain sin sa bhliain 1930.[6]
Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí gá le méid ollmhór fola le haghaidh fuilaistriúchán do dhaoine gortaithe. Ina dhiaidh sin saothraíodh bealaí chun fuil ó dheontóirí a stóráil le húsáid níos déanaí.