peileadóir hAirgintíne From Wikipedia, the free encyclopedia
Is iarimreoir agus traenálaí peile ón Airgintín é Diego Armando Maradona, a rugadh in Buenos Aires ar an 30 Deireadh Fómhair, 1960 - 25 Samhain 2020). Bhí sé ar dhuine de na himreoirí is fearr agus is cáiliúla riamh,[1] a d'imir le roinnt de na chlubanna is mó ar domhan agus a bhí ina chaptaen nuair a bhuaigh an fhoireann náisiúnta Corn an Domhain sa bhliain 1986. Roghnaíodh mar Imreoir an Chomórtais é, agus na rudaí a chuimhnítear is mó ná an cúl iontach a fuair sé in aghaidh Shasana, agus an cúl conspóideach "Lámh Dé" sa chluiche céanna.
Rugadh Maradona sa chathair Lanús taobh amuigh de Buenos Aires i 1960, de chine mheasctha. Tógadh i Villa Fiorito é - sluma ar imeall theas Bhuenos Aires. Is eisean an chéad de triúr mac agus triúr iníon a rugadh le tuismitheoirí bochta, arbh as Cúige Corrientes dóibh ó dhúchas. Bhí a bheirt dheartháir, Hugo (nó el Turco mar atá aithne air) agus Eduardo (Lalo) - ina bpeileadóirí gairmiúla chomh maith.
Agus é deich mbliana d'aois, tugadh faoi deara ag scabhta é agus é ag imirt le club a chomharsanachta Estrella Roja. Bhuaigh sé ait rialta i bhfoireann sóisir de chuid Argentinos Juniors as Bhuenos Aires, Los Cebollitas ('Na hOinniúin Beaga') mar a ghlaoitear orthu. Bhíodh Maradona de nós aige, mar bhuachaill liathróide óg dhá bhliain d'aois, a chumas agus chleasacha peile a thaispeáint don lucht féachana ag leath ama sna cluichí móra.
Thiar sa bhliain 1976 a thosaigh Maradona ag imirt le Argentina Juniors, sular bhog sé ar aghaidh chuig Boca Juniors, áit inar bhuaigh sé craobh sa bhliain 1980.
Thóg Maradona céim an-mhór sa bhliain 1981 nuair a d'aistrigh sé go F.C. Barcelona sa Spáinn. Nuair a cheannaigh Barcelona é ar luach £5 milliún,[3] ba é sin an tsuim airgid ba mhó a caitheadh ar aon imreoir sacair go dtí sin.[1] Ba churiarracht domhanda a bhí sa táille a thug go Barceolona é
Bhain sé an Copa del Rey amach le Barça, ach chuir gortuithe go mór as dó, agus níor éirigh rómhaith leis ann.
Sa bhliain 1984, shínigh Maradona le Napoli, club Iodálach gan bhua in aon chomórtas le seasca bliain.
Ba ar an 5 Iúil 1984 a chur tuairim is 85,000 duine den lucht leanta fáilte roimhe i Stadio San Paolo sa gcathair.[4] Mheas lucht na háite, a raibh dearcadh ciníoch, uasal le híseal ag lucht an tuaiscirt orthu, go raibh a slánaitheoir tagtha.
Is le Napoli san Iodáil is mó a bhain Maradona cáil amach agus é ag imirt san Eoraip agus is ansin a shroich Maradona bhuaic a ghairmréime. Tháinig an tuar faoin tairngreacht nuair a thug siad an scudetto leo don chéad uair riamh i 1986-1987. Dheineadar an bheart arís i 1989-1990, agus bhuaigh Napol an Corn UEFA i 1989, an Coppa Italia i 1987 agus an Supercopa Italiana i 1990. Bhí forlámhas phiardaí móra an tuaiscirt, Juventus agus an dá Milan, briste.
Tharraing Maradona conspóid go minic agus é san Iodáil agus tháinig deireadh lena sheal i Napoli nuair a theip air i dtástáil drugaí.
D'fhág Maradona an Iodáil i 1991, ag dul go Sevilla FC sa Spáinn. I 1993 d'fhill sé ar an Airgintín, ag imirt le Newell's Old Boys, roimh dul ar ais go Boca Juniors, áit a d'éirigh sé as an bpeil ar 30 Deireadh Fómhair 1997.
Thabhaigh Maradona an clú agus cháil is mó mar imreoir leis na Albicelestes, foireann idirnáisiúnta na hAirgintíne. Ghlac sé páirt i gceithre Chorn Domhanda as a chéile idir 1982 agus 1994, ag buachan an choirn sa bhliain 1986 agus ag críochnú sa dara háit sa bhliain 1990.
D'imir Maradona a chéad chluiche idirnáisiúnta ag aois a sé dhéag in aghaidh na hUngáire ar an 27 Feabhra 1977. Agus é ocht mbliana d'aois, réalta an chomórtais Craobh Domhanda na nÓg a bhí ann, agus é ag imirt cluiche den scoth sa bhua 3-1 i gcoinne Aontas na Sóivéide sa chluiche ceannais. Ar an 2 Meitheamh 1979, d'aimsigh sé a chéad chúl sinsir sa bhua 3-1 in aghaidh na hAlban i bPáirc Hampden, Glaschú.
Ghlac Maradona áit ina chéad Chorn Domhanda sa Spáinn sa bhliain 1982. Bhí na curaidh Airgintín ag cosaint an choirn a bhuadar sa bhliain 1978, ach chailleadar in éadan na Beilge sa chéad bhabhta. Cé go raibh buanna cuimsitheacha acu in aghaidh na hUngáire agus na Salvadóire chun áit sa dara babhta a bhaint amach, fuair an Bhrasaíl agus an Iodáil an ceann is fearr orthu chun bata agus bóthar a thabhairt dóibh. D'imir Maradona gach nóiméad de gach cluiche, ag aimsiú dhá chúl i gcoinne na hUngáire, ach seoladh ón pháirc é le cárta dearg agus iad ag tabhairt aghaidh ar an Bhrasaíl de bharr droch-imirt tromchúiseach.
Bhí Maradona ina chaptaen ar fhoireann na hAirgintíne a bhuaigh Corn an Domhain i Meicsiceo i 1986. D’fhág a chuid taispeántas sa chomórtas sin lucht an tsacair faoi gheasa, ag buachan an chluiche ceannais in aghaidh na Gearmáine Thiar i Meicsiceo.
Le linn an choirn ar fad, chruthaigh Maradona é féin mar shárimreoir fuinniúil an chomórtas. Uair amháin eile, d'imir sé gach nóiméad de chluichí na tíre, ag gnóthú chúig chúl agus ag cruthú chúig chúl do chomh-imreoirí eile. Leis a dhá chúl sa bhua i gcoinne Shasana sa chluiche ceathrú ceannais, bhí Maradona daingnithe mar laoch an spóirt.
Imríodh an cluiche seo le Cogadh Fháclainne mar chúlra idir an Airgintín agus an Ríocht Aontaithe, agus bhí mothúcháin den sórt fós san aer le linn an chluiche ar fad. Bhí an imirt cothrom nuair a bhuail Maradona le liathróid ard sa bhosca, agus críochnaíodh an liathróid in eangach na Sasanach. Bhí na Sasanaigh ar buile mar dealraíodh gur le lámh Maradona a cuireadh an liathróid sa chúl, rud a cruthaíodh níos déanaí. Maidir le Maradona féin, níor admhaigh seisean gur bhain sé feidhm mídhleathach as a lámh, ach mar a dúirt sé "beagán de cloigeann Maradona agus beagán de lámh Dé". "Lamh Dé" a tugadh air as seo amach nó "La mano de Dios." Sheas an cúl in aon chor, rud a chruthaigh clampar i Sasana a mhairfeadh ar feadh na mblianta fada. Sa deireadh, ar an 22 Lúnasa 2005 dúirt Maradona go ndearna sé an feall d'aon ghnó, agus bhí a fhios aige láithreach bonn gur cúl mídhleathach a bhí ann.
Cé gur chothaigh an chéad chúl an-díospóireacht agus conspóide, bhí gach duine ar aon tuairim faoin dara chúl, a roghnaíodh níos déanaí mar an ceann is fearr riamh i stair an choirn. Ní raibh cúrsaí socraithe síos fós nuair a ghlac Maradona seilbh ar an liathróid thiar ina leath féin. Thiontaigh sé go tapa sular rith sé níos mó ná leath den ghort leis an liathróid faoi smacht aige, ag druibleáil thar chúigéar imreoirí Sasanacha (Peter Beardsley, Steve Hodge, Peter Reid, Terry Butcher, agus Terry Fenwick) sular bhuail sé an liathróid thar Peter Shilton sa chúl. Vótáladh mar "Chúl na hAoise" ag pobalbhreith de chuid FIFA sa bhliain 2002.
Maítear go dtugann an dá chúl i gcoinne Shasana léargas ar mheon an duine a scóráil iad. An cúblálaí a fuair an chéad cheann, an draoi a fuair an dara ceann.[5]
Bhí Maradona ar an bhfoireann a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais Chorn Domhanda 1990.
Tháinig deireadh míchlúiteach lena ré leis an bhfoireann náisiúnta nuair a theip sé i dtástáil drugaí sa bhliain 1994 i Meiriceá. Cé nach ndéantar mórán trácht ar an eachtra sin, ba é buille maraithe na muice dó mar imreoir. Chroch Maradona a sheolta.
Chaith Maradona seal ina bhainisteoir ar an Airgintín idir 2008 agus 2010. Bhain an fhoireann áit amach ag Corn Domhanda 2010 faoina cheannas, nuair a chuaigh siad chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais.
Bhí Maradona ina bhainisteoir ar chumann Gimnasia i Meicsiceo 2019-2020.
Bhásaigh Maradona ar 25 Samhain 2020, agus ní raibh ach bhí 60 bliain d’aois slánaithe aige. Bhí trí lá bróin fógartha ina thír dhúchais. Ba gheall le Dia é ina thír dhúchais agus i Napoli na hIodáile.
Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn,
"...déarfadh roinnt daoine faoi gurbh é an t-imreoir sacair ab fhearr riamh ar domhan é. Cuimhneoidh lucht leanúna peile ar fud an domhain ar Maradona, ní hamháin mar gheall ar an mbua iontach a bhí aige smacht a choimeád ar an liathróid, í a phasáil agus a dhriobláil, ach mar gheall ar a thaispeántas ar an bpáirc agus ar an áthas a thug sé don iliomad daoine. B’inspioráid a bhí ann don iliomad páistí óga a d’imir sacar. Ba theist ar an ardmheas a bhí ag lucht leanúna an tsacair air, agus a bheidh air fós amach anseo, an gradam a fuair sé mar ‘Imreoir FIFA an Chéid’ sa bhliain 1999 – gradam a roinn sé le Pelé".[6]
D'éag Maradona i dteach a bhí ar cíos aige i mbruchbhaile Benavidez, ó thuaidh de Buenos Aires. Taom croí an tsiocair a tugadh lena bhás agus é ag téarnamh sa mbaile ó obráid a cuireadh ar a inchinn ar an 3 Samhain 2020.
Tuairiscítear gur éirigh go breá leis an obráid sin ach go raibh Maradona ag fulaingt go mór agus é ag staonadh ón alcól a raibh sé tugtha dó.
Rinne Asif Kapadia scannán faisnéise ar shaol Maradona sa bhliain 2019.[5] Tugann an saothar seo le fios go minic gur beirt éagsúil atá i gceist aon uair go ndéantar trácht ar Diego Maradona. Tá Diego ann, an duine lách, geanúil a thug aire na huibhe dá mhuintir; agus tá Maradona ann, an laoch sacair mórchúiseach, mustrach a tharraing achrann ar féin dé shíor.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.