Conmhaicne Mheánmhaigh
From Wikipedia, the free encyclopedia
From Wikipedia, the free encyclopedia
Dream agus tuath i gcúige Chonnacht ba ea Conmhaicne Mheánmhaighe (Sean-Ghaeilge Conmaicne Máenmaige, nó Conmaícne Mhéin, Conmaícne Críche Meic Erca).
Gaolta b'fhéidir leis na Laigin ba ea na Conmhaicne, a scaip ar fud na tíre, ag lonnú i gcúige Chonnacht agus an Longfort.[1][2][3]
Glaoitear scaití ar an tuath sna hannála Conmhaícne Máenmaige, Máenmag, Machaire Maenmuighe agus Trícha Máenmaige.
Áit a bhíodh an tuath, tá barúntacht Bhaile Locha Riach anois ann. Tá téacs ar marthain ón mbliain 1333 a thugann na paróistí a leanas mar chuid dá críocha: Cill Chon Iarainn, Cill Tulach, Cill Íomair Uí Dhálaigh, An Ghráinseach, Cillín a Díoma, An Leac Dhearg agus Baile Locha Riach, san áireamh sa cheann deireanach na paróistí Cill Chonaicne, Cill tSeiscill agus Cill Chúile. Bhíodh an fós Cill Leáin, An Ballán, Cill Rícill agus Cill Mhian. Agus na hAnglo-Norman i réim, cantred a bhí inti.
Bhí Conmhaicne Mheánmhaighe faoi cheannas Uí Fhiachrach Fhionn, níos deireanaí Uí Mhaine. Bhí Uí Neachtain agus Uí Mhaolalaidh ina rítheaghlaigh.
Glaodh Cú Chulainn Chonmhaicne ar Neide mac Onchu mac Finnlugh i dtuairisc Chath Ard Raithin, a tharla timpeall na bliana 800.
Chaith Conchobar Maenmaige Ua Cellaigh, rí Uí Mhaine (bás 1180) agus a mac altrama, Conchobar Maenmaige Ua Conchobair, rí Chonnacht (1186-1189) beirt a gcuid óige i Meánmhaigh.
Ceann na Fine ba ea Seán Ó Maolalaidh (beo 1419–1480) agus taoiseach Uí Mhaolalaidh deiridh a bhí cónaí air sa cheantar.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.