Cláirseach
From Wikipedia, the free encyclopedia
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is uirlis cheoil thriantánach í an chláirseach nó an chruit, a sheinntear trí na sreanga ingearacha a phiocadh leis na méara.[1][2] Téaduirlis atá ann. Is féidir feidhm a bhaint as mar chnaguirlis chomh maith. Bíonn caol, athshonadóir agus téada ar gach cláirseach, agus déantar na téada as níolón, snáithe caoláin, sreang nó síoda.
Cineál | plucked string instrument (en) , composite chordophone (en) , rud ábhartha saorga agus uirlis cheoil |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 322 |
Raon seinm |
Seinntear an chláirseach ar an nglúin, nó ar an talamh: braitheann sé ar airde na huirlise. Cláirseoir nó cruitire a thugtar ar cheoltóir a sheinneann an chláirseach.
Tá an chláirseach Ghaelach[3] ina comhartha suaitheantais ag Rialtas na hÉireann, Uachtarán na hÉireann agus ar bhoinn Éireannach an euro. Tá an chláirseach mar lógó ag an gcomhlacht Guinness freisin, branda a shamhlaítear le hÉirinn ar fud an domhain mhóir, agus samhlaítear í le carachtair thábhachtacha i stair agus seanchas na hÉireann, leithéidí Bhriain Bhóirmhe, Ard-Rí Éireann, agus Toirdhealbhach Ó Cearrbhalláin ‘An Cláirseoir Caoch’.[4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.