Uirlis cheoil
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá in uirlis cheoil (nó gléas ceoil) ná feiste chun fuaimeanna ceolmhara a dhéanamh, i measc na lámhdhéantúsán cultúrtha is ársa dá bhfuil ann. Athraíodh is forbraíodh iad thar na cianta le forbairtí teicniúla, teacht chun cinn ábhar nua, agus intleacht a ndéantóirí is na gcumadóirí ceoil. Tá cuid mhaith acu imithe i léig, bíodh is go dtugtar ar ais iad ó am go chéile, chun luathcheol a sheinm, mar shampla.

Roinntear na gléasanna sa cheolfhoireann shiansach nua-aoiseach i 4 shaghas—gaothuirlisí adhmaid is práis, cnaguirlisí, agus téaduirlisí — agus rangaítear mar sin iad sna scóir ceoil. Bealach eile chun gléasanna a rangú, de réir an bhealaigh a seinntear iad: le bogha, séideadh, bualadh, tarraingt, méarú, nó tadhall amháin.
Glactar mar chaighdeán anois le rangú a thairg na ceoleolaithe Erich von Hornbostel (1877-1935) is Kurt Sachs (1881-1959) i 1914, bunaithe ar shaothar Charles Victor Mahillon (1841-1924). Roinn siad na gléasanna i 4 phríomhrang de réir airíonna fisiciúla foinse na fuaime (is é sin, airíonna an ghníomhaí chreathaigh): aerafóin (an t-aer ag creathadh), cordafóin (téad nó téada ag creathadh), ideafóin (corp an ghléis féin ag creathadh), agus scannánafóin (scannán rite ag creathadh). Ó shin cuireadh an 5ú rang leis: an leictreafón (ina gcritheann leictreamaighnéad, ascaltóir nó feiste eile leictreach nó leictreonach). Is féidir gach rang a fhoroinnt de réir airíonna eile.
Catagóirí
Déanann uirlisí ceoil fuaimeanna ar bhealaí difriúla[1]. Ní sheinneann gach uirlis cheoil gach nóta atá sa tiúin.
Cnaguirlisí nó Uirlisí Tuargana
Buailtear uirlisí chun fuaimeanna a chruthú. Mar shampla, is uirlisí tuargana iad na drumaí. Nuair a bhuailtear iad, creathann an "craiceann" agus cruthaíonn sé fuaim. Is é an guth daonna an uirlis cheoil is sine ar domhan.
Uirlisí Téad
Nuair a chreathann na téada, déanann na huirlisí ceol.
- Is féidir na téada a phiocadh, mar shampla an bainseó.
- is féidir bogha a úsáid ar na téada, mar shampla an Dordveidhil.
- Is féidir na téada a bhualadh le casúr, mar shampla taobh istigh de phianó.
Gaothuirlisí
Déanann gaothuirlisí ceol nuair a shéidtear isteach iontu is creathann an t-aer atá istigh iontu.[2] Mar shampla, is uirlisí tuargana iad na fliúit.
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.