innealtóir Sasanach From Wikipedia, the free encyclopedia
Deartháir le Laurence Parsons, agus mac le William is Mary, innealtóir a rugadh i Londain ab ea an Ridire Charles Algernon Parsons (13 Meitheamh 1854 – 11 Feabhra 1931). Tógadh agus oileadh Parsons i gContae Uíbh Fhailí in Éirinn.
Sa bhliain 1884 shaothraigh sé an chéad tuirbín éifeachtach gaile ardluais chun leictreachas a ghiniúint, agus d'aithin a chumas i gcomhair tiomáint loinge. I 1897 thóg sé an chéad long a bhí tiomáinte ag inneall tuirbín gaile, an Turbinia, a bhí in ann taisteal ag 34 mhuirmhíle, i bhfad níos mó ná uasluas longa gaile go dtí sin. Bhí sé seo réabhlóideach in iompar muirí. Tógadh an chéad scriostóir a bhí fuinnmhithe le tuirbín, an Dreadnought, i 1906, rud a chuir gach long chogaidh eile i léig. Athchóiríodh nó athnuadh longa cogaidh uile na Breataine leis an tiomáint seo. Cuireadh i longa paisinéirí freisin í, an Lusitania a cuireadh go tóin le toirpéad amach ó Chóbh i 1915, agus an Mauritania a bhuaigh an ribín gorm as an aistear is tapa trasna an Atlantaigh i 1907 is 1929. I 1925 cheangail a chomhlacht Parsons le comhlacht Howard Grubb chun comhlacht nua a bhunú i Newcastle upon Tyne. I gcuan Kingston Iamáice a fuair sé bás sa bhliain 1931.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.