From Wikipedia, the free encyclopedia
Go bunúsach, roth cothromaithe le líon maith lann ar thrasghearradh eiteoige, suite go gathach ar a fhleasc. Nuair a ritheann sreabhán go haiseach thar na lanna sin, cuireann sé sin an roth ag rothlú ar a sheafta. Is féidir an rothlú seo a úsáid chun obair fhóinteach sheachtrach a dhéanamh. Nuair is galuisce an sreabhán, tugtar tuirbín gaile ar an inneall. Le huisce mar shreabhán, is tuirbín uisce é. In eitleán turbascairde, suitear an gástuirbín ionas go bhfaightear sá chun tosaigh ó dhíbirt na sceithghás ar gcúl. In eitleán turbailiáin, tiomáineann na sceithgháis tuirbín le comhsheafta le lián, rud a fheabhsaíonn a éifeacht ag luasanna ísle thar éifeacht na scairde amháin.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.