polaiteoir Albanach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is polaiteoir Albanach í Ceit Fhoirbeis nó :Kate Forbes; a rugadh ar 6 Aibreán 1990) atá ina ball de Pháirtí Náisiúnta na hAlban (SNP) agus atá ina ball Pharlaimint na hAlban do thoghcheantar An Oileán Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach ó 2016.[1] Ar an 17 Feabhra 2020, ceapadh Forbes mar Rúnaí Comh-Aireachta Airgeadais i Rialtas na hAlban.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Aibreán 1990 34 bliana d'aois Inbhir Pheofharain, Scotland |
Rúnaí Comh-Aireachta um Airgeadas agus an Geilleagar | |
18 Bealtaine 2021 – Ball de chomh-aireacht: Rialtas 6ú Parlaimint na hAlban | |
Ball de 6ú Parlaimint na hAlban | |
6 Bealtaine 2021 – Toghcheantar: An t-Eilean Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach Toghadh i: olltoghchán Pharlaimint na hAlban 2021 | |
Ball de 5ú Parlaimint na hAlban | |
5 Bealtaine 2016 – 5 Bealtaine 2021 (díscaoileadh na parlaiminte) ← Dave Thompson Téarma parlaiminte: 5ú Parlaimint na hAlban Toghcheantar: An t-Eilean Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach Toghadh i: olltoghchán Pharlaimint na hAlban 2016 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Acadamaidh Inbhir Pheofharain Coláiste Selwyn, Cambridge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba |
Teangacha | Béarla agus Gaeilge na hAlban |
Rugadh Ceit i Inbhir Pheofharain i Ros agus Cromba i dtuaisceart na hAlban.[2] Chaith sí trí bliana san India agus í ina páiste, ansin múineadh i nGaelscoil Albanach í.[3] D’fhill sí ar an India lena teaghlach agus í 10 mbliana d'aois agus bhí cónaí uirthi ansin go dtí go raibh sí 15. Agus iad ansin bhí a hathair bainteach le cúram sláinte a sholáthar do dhaoine nach raibh sé ar acmhainn acu díol as.[2] Nuair a d’fhill sí ar Albain chríochnaigh sí a cuid scolaíochta in Acadamaidh Inbhir Pheofharain .
Rinne sí staidéar ar an stair i gColáiste Selwyn, Cambridge i Sasana agus bhain sí BA amach i 2011.
D'oibrigh sí mar chuntasóir ar feadh tamaill.[2][4] Ina dhiaidh sin, rinne sí staidéar in Ollscoil Dhún Éideann, agus bhain sí ceim MSc amach i 2013, i Stair Diaspóra agus Imirce.[2]
I Lúnasa 2015, roghnaigh baill áitiúla den SNP Ceit ó ghearrliosta gan ach mná amháin air mar a n-iarrthóir do thoghcheantar An Oileán Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach [4] Bhí sí mar chuid d’fheachtas an SNP chun aghaidh a thabhairt ar an bhearna pá inscne i bhfostaíocht i nGaeltacht na hAlban.[5] Toghadh i dtoghchán Pharlaimint na hAlban 2016 í.[6]
Go dtí gur tugadh ardú céime chuig Rialtas na hAlban dí, bhí sí ina cathaoirleach ar Ghrúpa Traspháirtí Pharlaimint na hAlban ar Ghaeilge na hAlban agus labhair sí i bhfabhar stádas Oidhreachta Cultúrtha doláimhsithe UNESCO mar bhealach indéanta leis an teanga a chosaint.[7],[8]
I mí an Mhárta 2018, thug sí óráid iomlán don Pharlaimint i nGaeilge na hAlban le linn díospóireacht ar an teanga.[9][10]
An 27 Meitheamh 2018, ceapadh í go Rialtas na hAlban mar Aire um Airgeadais Phoiblí agus an Gheilleagar Digiteach, mar chuid d’athchóiriú níos leithne a d’fhógair an Chéad-Aire, Nicola Sturgeon.[11]
Ar an 6 Feabhra 2020, ba í an chéad bhean a thug Buiséad na hAlban nuair a d'éirí Derek Mackay as mar Rúnaí Comh-Aireachta um Airgeadas, Geilleagar agus Obair Chóir. Roimhe seo, níor thug aon bhean Buiséad i bParlaimint na hAlban ná i Westminster, cé go ndearna siad i dTionóil na Breataine Bige agus i dTionól na Sé Chontae.[12]
Ar an 17 Feabhra 2020, ceapadh mar Rúnaí Comh-Aireachta Airgeadais í. Is í an chéad bhean sa phost.[13]
Mar bhall de Eaglais Shaor na hAlban[14], d'iarr Forbes ar an Rialtas ligeann do pháistí a gcreideamh a chleachtadh ar scoil 'gan magadh'. I mí na Bealtaine 2018, dúirt sí go raibh sí "ag iarraidh a thabhairt faoi deara gur chóir go mbeadh cead ag daltaí an éagsúlacht chreidimh in Albain a phléigh, a fhorbairt agus a thuigbhéail"[15]
Phós Forbes Alasdair "Ali" MacLennan (a rugadh in 1980) sa bhliain 2021 in Inbhir Pheofharain,Ros agus Cromba.[16] Rugadh iníon dóibh an bhliain dár gcionn. Bhí MacLennan pósta cheanna. Fuair a bhean, Priya, bás tobann in 2014, agus triúr iníonacha acu. Is leasmháthair í anois Forbes.[17]
D'fhoghlaim Forbes Gàidhlig nuair a bhí sí ag freastal ar an mbunscoil.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.