From Wikipedia, the free encyclopedia
Grúpa oileán é Ceantar na nOileán agus é le fáil idir Cuan Chill Chiaráin agus Cuan an Fhir Mhóir. Tá Ceantar na nOileán suite i gConamara in iarthar na Gaillimhe san fhíor-Ghaeltacht, 56km siar ó chathair na Gaillimhe[1]. Tá Gaeilge ag 85% de mhuintir an cheantair, de réir an daonáirimh.
Ceantar na nOileán | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Tá na hoileáin ceangailte den mhórthír le droichid a tógadh ag deireadh an chéid seo caite. Is iad Eanach Mheáin, Leitir Móir, Garumna agus Leitir Mealláin na príomhoileáin agus tá oileáin bheaga eile ag síneadh amach uathu. Is í an Ghaeilge teanga labhartha na ndaoine. Tá an ceantar seo ar cheann de na ceantair is saibhre teanga agus cultúr sa Ghaeltacht.
Cé gur leaca móra d'aolchloch a chlúdaíonn cuid mhór de na hoileáin i gcónaí, cruthaíodh a lán talún in am an ghátair le feamainn, gaineamh, agus cré a baineadh as na scoilteanna idir na leaca móra. Fásann glasraí ar nós fataí, cairéidí agus meacain go láidir, ach is tógáil eallaigh agus caoire is mó atá ar siúl ann faoi láthair.
Turasóireacht agus iascaireacht na príomhshlite beatha ar na hoileáin. Tá an talamh an-bhocht, ach bhí ceangal daingean ag na hoileánaigh i gcónaí leis an bhfarraige. San am atá thart, bhí an-tábhacht le baint na feamainne ar na hoileáin, go háirithe i gcóir táirgeadh iaidín.
I dteannta an tsaibhris chultúrtha seo, tá áilleacht nádúrtha dá cuid féin ag baint leis an gceantar seo. Thug TG4 léargas ar chultúr ceoil ó Ceantar na nOileán in 2009[2].
Thréig a lán na hoileáin ó thús an 20ú haois ar aghaidh, le dul ar an mórthír nó ar imirce. Ar Stáit Aontaithe Mheiriceá a thug a lán acu a n-aghaidh.
Rugadh Darach Ó Catháin sa cheantar (1922), ach d'aistrigh a mhuintir go Ráth Chairn i gContae na Mí in 1935.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.