Remove ads
ionad daonra i gContae na Gaillimhe From Wikipedia, the free encyclopedia
Oileán beag is ea Leitir Mealláin[1] ar chósta thiar na hÉireann i gConamara, Contae na Gaillimhe. Tá an t-oileán suite sa Ghaeltacht timpeall 36 míle ó chathair na Gaillimhe i Loch Lurgan agus thart ar 14 míle ón gCeathrú Rua. Ceann de thrí oileán is ea Leitir Mealláin i nGarmna, agus tá na hoileáin eile, Tír an Fhia agus Leitir Móir, suite ar an taobh thoir de.
(ga) Leitir Mealláin | ||||
Cineál | Oileán agus an Ghaeltacht | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 1413598 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae na Gaillimhe, Éire | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 1 m | |||
Ciallaíonn Leitir 'taobh cnoic'. Bhí Leitir Mealláin i seilbh Loingsigh Bhearna tráth. Ghlac na Comerford seilbh ar an áit thart ar an mbliain 1840. Bhí thart ar 1700 acra agus 77 teach ar an oileán ag an am.
Tá Leitir Mealláin suite i gcróilár Ghaeltacht Chonamar agus tá an Ghaeilge fós mar theanga an phobail ann. I ndaonáireamh 2016 dúirt 93.8% de mhuintir an oileáin go raibh Gaeilge acu agus dúirt 85.3% den ndaonra go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá.
Ní hé an cuairteoir thar droichead anoir amháin a bhainfidh sásamh agus stair as an ionad oidhreachta seo. Níor mhór cúpla uair a chaitheamh istigh sa tseodlann Ionad Oidhreachta. Ansin buail isteach go dtí Ionad na Feamainne agus sín siar ó chluais go drioball sa tobán feamainne.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.