sraith theilifíse ar TG4 From Wikipedia, the free encyclopedia
Sraith TG4 ó 2009 agus 2011 a thugann léargas ar chultúr ceoil agus siamsaíochta ó oileáin éagsúla fad cósta na hÉireann, an chaoi ar fhorbair an traidisiún sin i rith na mblianta agus an staid ina bhfuil sé inniu. Tá an tírdhreach sonrach a bhaineann le gach oileán mar eilimint ghníomhach i ngach clár agus taispeánadh íomhánna tarraingteacha ó thimpeallacht an oileáin le cur le mothúcháin an phíosa ceoil nó an amhráin atá faoi chaibidil. Mar aon leis an gceol, tá radhairc iontacha ó thírdhreach na n-oileán féin.
Stiúrthóir | Máirín Seoighe |
---|---|
Léiritheoir | Máirín Seoighe |
Tír | Éire |
Bunteanga | an Ghaeilge |
Bealach teilifíse | TG4 |
An chéad eipeasóid | 20 Meán Fómhair 2009 |
Bhí Ceol na nOileán léirithe le Scannáin Dobharchú[1], agus Máirín Seoighe.
I measc na rannpháirtithe bhí Clann Uí Mhaoilchiaráin, Micheál Ó hAlmhain, Deirdre Ní Chonghaile, Lasairfhíona Ní Chonghaile, Micheál Ó hAlmhain agus Treasa Ní Mhiolláin. ‘’An úsáid a bhainfí as an gceol ná bheith ag rince leis. Ní raibh aon mhaitheas an ceol a chur amú gan bheith ag damhsa leis,’’ a dúirt Micheál Ó hAlmhain ag cur síos ar cheol Arainn.
I measc daoine áitiúla a bhí páirteach sa gclár seo, bhí an Dr. Ríonach Uí Ógáin, Feargal Mac Amhlaoibh, Maidhc Dainín Ó Sé, Áine Uí Laoithe, Eilín Ní Chearna agus Aoife Granville. ‘’Bhí ceol mar chuid de shaol an oileáin. Bhí sé mar a bheith ag ithe, mar a bheith ag dul a chodladh.’’ Sin mar a chuireann Feargal Mac Amhlaoibh síos ar thábhacht an cheoil sa Bhlascaod.
Páirteach sa gclár bhí Lillis Ó Laoire, Pól Mac Ruairí, Treasa Nic Laifeartaigh, Noel Ó Dúgáin, Peatsaí Dan Mac Ruairí agus damhsóirí agus ceoltóirí óga an oileáin. Dúirt Pól Mac Ruairí, is é ag cur síos ar na buntáistí a bhain le bheith id’ cheoltóir i dToraigh, “Cuirim I gcás dá mbeadh gála mór ag teacht aniar, nuair a bheifeá ag seinm ceoil istigh sa teach ní chloisfeá gaoth mhór ar bith”.
Páirteach sa gclár bhí Seán Mac Conmara, Conal Mac Conmara, Cáit Nic Suibhne, Cleamairí an Chorráin, Donncha Óg Ó Gallchobhair, Des Mc Cafferky agus Banna Píb an Cheoil. Dúirt an píobaire Conal Mac Conmara is é ag cur síos ar sheinnt le banna píb in Acaill ‘’Faigheann tú ‘serious goosebumps’ agus tú ag siúl isteach sa séipéal Lá Fhéile Pádraig nuair atá do bhanna ag dul go maith’’.
Ag glacadh páirt sa gclár bhí Sharon Shannon, Mary Staunton, Dessie agus Vincent O Halloran, Reg Hall, Banna Céilí Inis Bó Finne, Geraldine, Peadar agus Liam King. Dúirt Mary Staunton ‘’Tá an ceol an-ionraic cosúil leis na daoine iad féin agus téann sé i bhfeidhm ormsa agus ar cheoltóirí eile a théann go dtí an t-oileán.’’
Páirteach sa gclár bhí Nan Tom Taimín, Meaití Jo Shéamuis, Máirtín Tom Shéainín, Johnny agus Cóil Connolly, Máire Áine Ní Iarnáin, Seán Óg Ó Flaitheartha, Fionn Ó Céide agus Micheál Seoighe. Dúirt Meaití Jo Shéamuis ‘’Deirtear go mbíonn na hoileánaigh iontach maith ar rithim. Níl aon teoiric agamsa air sin ach go bhfuil siad faoi thionchar rithim na farraige agus ceol na n-éan atá le fáil go binn ar oileáin.’’
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.