Cathair i gcomhphobal féinrialaitheach na hAndalúise i ndeisceart na Spáinne is ea Cordoba suite san Andalúis agus í mar phríomhchathair ar an gcúige Córdoba. Suite taobh ó thuaidh den Guadalquivir. Bhí 325,916 daoine ina gcónaí ann sa bhliain 2017. Bhunaigh Claudius Marcellus í in aimsir na Rómhánaigh agus thóg na Moslamaigh an chathair san 8ú haois. Bhí sí mar phríomhchathair Éimíríocht Ioslamach agus ansin Cailifeacht Córdoba agus mar sin an Spáinn Moslamach. I rith na téimhse seo bhí sé mar lárionad oideachais agus foghlaim, agus faoin 10ú haois bhí sé b'fhéidir an chathair is mó san Eoraip le 500,000 cloigne. Ath-thóg fórsaí na Críostaíochta í sa bhliain 1236, i rith an Reconquista.
Córdoba | |||||
---|---|---|---|---|---|
Leasainm | La Ciudad Califal agus Córdoba la Llana | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Comhphobal féinrialaitheach de chuid na Spáinne | An Andalúis | ||||
Cúige de chuid na Spáinne | Córdoba | ||||
Príomhchathair de | |||||
Príomhchathair | Córdoba | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 323,763 (2023) | ||||
• Dlús | 258.39 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Comarca de Córdoba (en) Red de Juderías de España | ||||
Achar dromchla | 1,253 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Guadalquivir agus Arroyo de Cantarranas (en) | ||||
Airde | 120 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Éarlamh | Naomh Raiféal, Acisclus (en) , Victoria (en) agus Acisclus and Victoria (en) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Córdoba | José María Bellido (2019–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 14000–14999 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
INE municipality code (en) | 14021 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | cordoba.es |
Is díol suntais í fós sa lá atá inniu ann ó thaobh ailtireacht Múrach mar shampla an Mezquita, atá mar Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO ón mbliain 1984, agus é faoi láthair in úsáid mar Ardeaglis. Tá an stádas sin ó UNESCO anois ag tagairt do lár stairiúil na Cathrach. Is cathair measartha mór sa lá atá inniu ann í, agus chuireann foirgnimh ársa na cathrach, an am a chuaigh thart i gcuimhne dúinn go háirithe an Alcázar agus an droichead Rómhánach.
Ó thaobh an aimsir de bíonn an teocht is airde sa Spáinn agus san Eoraip ag Córdoba i rithe an tsamhraidh go minic ag 37 °C i mí Iúil agus mí Lúnasa. Bíonn an Gheimhreadh níos fuaire ná cathracha eile íseal na Spáinne toisc go bhfuil an chathair intíre.
Tá an chathair suite ar bruach na habhainn Guadalquivir agus i ngleann na habhainn. Ó thuaidh tá Sliabhraon Sierra Morena a soláthraíonn mianraí tábhachtach; gual, luaidhe agus sinc. Is é an sliabhraon seo teorainn an chontae.
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.