From Wikipedia, the free encyclopedia
Ard-ríocht nó 'cúige' ab ea Bréifne in Éirinn na meánaoise, suite tráth i gContae Liatroma, Contae an Chabháin agus codanna de contaethe buailte leo, agus ar chomhchríoch a bheadh nó a mhór le Deoise Chill Mhór.
Faoin 10ú haois, bhí Bréifne tags amach mar chónaidhm túath, i gceannas rí ruire roghnaithe as Uí Bhriúin Bhréifne. Sa 13ú haois, scoilt Bréifne ina dhá leath, Bréifne Thiar faoin Uí Ruairc, agus Bréifne Thoir faoin Uí Raghallaigh. Sa 16ú haois, ainmníodh iad siúd faoi seach Liatroim, a cuireadh ar ais i gCúige Connacht, agus Cabhán, a cuireadh i gCúige Uladh.
Connacht | Uí Ruairc Bréifne Thiar |
Uí Raghallaigh Bréifne Thoir |
Uladh |
Deirtear go bhfuil an t-ainm Bréifne[1] fréamhaithe ó sheanfhocal le ciall "cnocach", mar is oiriúnach don chuid seo den tír.[2] Glaodh 'trian garbh na gConnacht' uirthi. Mar mhalairt air sin, insítear i ndán de chuid an Dinnseanchais Aoi go bhfuil an focal gaolta le Bréifne iníon Beoan mhic Bheathaigh, banlaoch cróga.[3]
I laethanta ársa, deirtear go raibh na tailte thar timpeall Loch Éirne ina mbeadh an Bhréifne lonnaithe ag na hErdini, as Gaeilge 'Earnaigh'.
Timpeall am theacht na Críostaíochta go hÉirinn (c. 5ú – 6ú haoiseanna), i measc dreamanna a chreidtear a bhí i mBréifne féin nó gar di, bhí na Glasraighe, Masraige, Dartraige, Armhaighe, Gallraighe, na Fir Manach, agus Gailenga.
Timpeall na 6ú haois, creidtear gur bhog dream darbh ainm Conmhaicne Réin ó thuaidh ó Dhún Mór i gContae na Gaillimhe agus gur lonnaigh siad i Maigh Réin (an ceantar thart ar Fíonach). As seo anall, lonnaigh siad Liatroim Theas, ar a glaodh ansin Maigh Réin, agus a lonnaitheoirí Conmhaicne Mhaigh Réin. I measc na gclann, bhí Muintir Eolais, Muintir Cearbhalláin (O Mulvey), agus Cineál Luacháin, srl.
Timpeall na 8ú haoise, chloígh Uí Bhriúin, géag rítheaghlach na gConnacht, an ceantar aitheanta as sin mar Bhréifne. Lonnaigh Uí Bhriúin i Liatroim ar dtús, agus ansin soir i gCabhán isteach.
Faoin 9ú haois, bhí Uí Ruairc curtha ar a mboinn féin mar ríthe Bhréifne.
Sna 10ú agus 11ú haoiseanna, bhí Uí Ruairc ríthe Bhréifne in iomaíocht bheith ina rí Chonnacht, agus bhain ceithre ríthe éagsúla an teideal úd amach.
Bhain Bréifne a buaic amach le linn na 12ú haoise agus Tighearnán Ua Ruairc i gcoróin. Dúradh go raibh sa ríocht mar chríocha ansin an chuid is mó de chontaetha Liatroma agus Cabháin, agus codanna de chontaetha Longfoirt, Mí, Fhear Manach agus Shligigh. Le linn an chuid deiridh dá réimse, sheas Bréifne ar an bhfís in éadan na Normannach. Tar éis dá fheallmharú sa bhliain 1172, tharla achrann comharbais idir Uí Ruairc agus Uí Raghallaigh.
I ndiaidh Chath Mhaigh Sleacht sa bhliain 1256, scoilteadh Bréifne ina dá leath: Bréifne Thoir, faoin Uí Raghallaigh; agus Bréifne Thiar faoin Uí Ruairc.
Sa 16ú haois, faoi Eilís I, rinneadh Contae Liatroma de Bhréifne Ó Ruairc, agus fágadh i gcúige Chonnacht é, agus rinneadh Contae an Chabháin de Bhréifne Ó Raghallaigh, agus cuireadh i gcúige Uladh é.
Bhí na críocha a leanas mar chuid den Bhréifne:
Deirtear gurbh é Aodh Fionn mac Feargna an chéad rí Bhréifne, agus Conchúr Ó Ruairc an rí deireanach, i réim 1250 – 1256. Bhíodh príomhchathair acu ag Droim Dhá Thiar.
Bronnadh an teideal cúirtéise Prionsa Bhréifne ar Thaoiseach Ó Ruairc sa bhliain 1994 ag Oifig an Phríomh-Arailt. Sa bhliain 2003, ámh, d'éirigh an Príomh-Aralt as teideal dá leithéid a thabhairt amach, de bharr scannal faoi Mhac Cárthaigh Mór.
Prionsaí Bhréifne
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.