From Wikipedia, the free encyclopedia
Ríocht stairiúil in Éirinn, suite go garbh i gContae an Chabháin an lae inniu, ba ea Bréifne Thoir, nó Bréifne Uí Raghallaigh, níos luaite Muinter Máelmorda, a bhí ann ón mbliain 1256 go dtí 1607. Cuid de Bhréifne, bunaíodh Bréifne Thoir sa bhliain 1256 tar éis chatha ar feadh i bhfad idir rítheaghlach Uí Ruairc agus clann Uí Raghallaigh a bhí ag teacht chun cinn. Cruthaíodh a theorainneacha reatha sa bhliain 1579 nuair a tugadh ainm nua don cheantar, as baile an Chabháin, agus tógtha i gcúige Uladh isteach.
Bréifne Thoir | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Tíreolaíocht | ||||
Ar theorainn le | ||||
Sonraí stairiúla | ||||
Leanann sé/sí | Bréifne | |||
Cruthú | 1256 (Féilire Ghréagóra) | |||
Díscaoileadh | 1607 | |||
Á leanúint ag | Ríoghacht Éireann |
Tá oirthear an Chabháin lonnaithe le 5,000 bliain anuas. Fine Uí Bhriúin, lonnaithe sa cheantar san 8ú haois AD, is ea an dream a bhfuil clann Uí Raghallaigh síolraithe uathu. Tugadh am éigin an t-ainm Muintir Mhaolmhórdha (Meán-Ghaeilge Muintir Maelmordha) orthu, ainmnithe as taoiseach acu a mhair sa 9ú haois.[1] Níor tugadh an sloinne Ó Raghallaigh orthu go dtí go luath san 11ú haois.
Creidtear gur tháinig Muintir Maolmhórdha sa cheantar sa 10ú haois. Feictear iad sna hannála Éireann don chéad uair sa bhliain 1126, lonnaithe i gcríocha beaga thart timpeall Loch Ramhar darbh ainm Machaire Gaileanga, faoi choimirce Uí Ruairc.[2]
Ainm | Réimeas | Athair | Nótaí |
---|---|---|---|
Conchobar | 1256‑1257 | Cathal | |
Matha | 1257-1282 | Domnall | |
Ferghal | 1282-1293 | Domnall | maraithe |
Giolla Iosa Ruaidh | 1293- c. 1327 | Domnall | ar scor |
Maelseachleann | c. 1327-1328 | Giolla Iosa Ruaidh | |
Risdeard | 1328-1349 | Giolla Iosa Ruaidh | |
Cú Chonnacht | 1349-1365 | Giolla Iosa Ruaidh | ar scor |
Pilib | 1365-1384 | Giolla Iosa Ruaidh | |
Tomas Mór | 1384-1392 | Mathgamain Ua Raighillaigh | |
Seoan | 1392-1400 | Pilib | |
Giolla Iosa | 1400 | Pilib | |
Maolmhordha | 1403-1411 | Cú Chonnacht | |
Risdeard | 1411-1418 | Tomas Mór | |
Eoghan na Feosaige | 1418-1449 | Seoan | |
Sean an Einigh | 1449-1460 | Eoghan na Feosaige | |
Cathal | 1460-1467 | Eoghan na Feosaige | |
Toirdhealbhach | 1467-1487 | Sean an Einigh | |
Seaan | 1487-1491 | Toirdhealbhach | |
Seán | 1491-1510 | Cathal | |
Aodh | 1510-1514 | Cathal | |
Eoghan Ruadh | 1514-1526 | Cathal | |
Fearghal | 1526-1534 | Seán | ar scor |
Maolmhordha | 1534-1565 | son of Seán | |
Aodh Connallach | 1565-1583 | Maolmhordha mac Seáin | |
John | 1583-1596 | Aodh Connallach | |
Pilib | 1596 | Aodh Connallach | |
Eamonn | 1596-1601 | Maolmhordha | |
Eoghan | 1601-1603 | son of Aodh Connallach | maraithe |
Maolmhordha | 1603-1607 | Aodh Connallach |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.