iarpholaiteoir Éireannach as Dún Geanainn From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir agus gníomhaí cearta sibhialta i dTuaisceart Éireann ab ea Austin Currie nó Aibhistín Ó Comhraí (11 Deireadh Fómhair 1939 - 9 Samhain 2021),[1]
Fuair Austin Currie a chuid oideachais i nDún Geanainn i gContae Thír Eoghain agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Ó 1964 go dtí 1972, bhí sé ina Fheisire Parlaiminte i Stormont.
Bhain Austin Currie cáil amach i 1968 nuair a chuir sé in aghaidh chinneadh na n-údarás áitiúil i gCo Thír Eoghain teach cónaithe a chur ar fáil do bhean shingil. Bhí an bhean, 19 bliain d'aois, ag obair do pholaiteoir aontachtach, cé gur mhó an riachtanas a bhí ar theaghlaigh Chaitliceacha sa cheantar.[2][3]
Ina dhiaidh sin, i 1970, bhí Austin Currie ar dhuine de bhunaitheoirí an SDLP in éindí le John Hume, Ivan Cooper, Gerry Fitt, Paddy Devlin agus Paddy O'Hanlon. Bhí sé ina bhall den Tionól, Tuaisceart na hÉireann, idir 1973 - 1975.
Chuaigh sé chun cónaithe i gCo Chill Dara sna hochtóidí agus bhí sé ina iarrthóir ag Fine Gael i dtoghchán na hUachtaránachta i 1990.
Toghadh ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath é agus bhí sé ina Aire Stáit i ranna éagsúla idir 1994 agus 1997.
Chaill sé a shuíochán san olltoghchán in 2002 agus d'éirigh sé as an bpolaitíocht.
Bhí cúigear clainne air, a n-iníon an Seanadóir Emer Currie ina measc.[2]
Fuair Austin Currie bás ina chodladh ag a theach cónaithe i nDoire an Mhuillinn i gCo. Chill Dara ar 9 Samhain 2021, agus é ina 82 bhliain.[4] Tá sé curtha in Éadan na dTorc[5] i dTír Eoghain.
Dúirt an tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn, ar bhás Austin Currie, "Tá polaiteoir tiomanta, macánta, an-dúthrachtach caillte ag Éirinn, fear a raibh ionchur suntasach aige i saol an iliomad daoine ar fud na hÉireann le linn gairmréim éagsúil agus dhúshlánach."[6]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.