tír in Oirthear na hEorpa From Wikipedia, the free encyclopedia
Tír is ea an Úcráin (Úcráinis: Україна, rómhánaithe: Ukrayina [ʊkrɐˈjinɐ]) suite in Oirthear na hEorpa.
An Úcráin | |||||
---|---|---|---|---|---|
Україна (uk) | |||||
|
|||||
Aintiún | Shche ne Vmerla Ukrainy i Slava, i volia | ||||
Ainmnithe in ómós | name of Ukraine (en) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Cív | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 41,167,335 (2022) | ||||
• Dlús | 68.21 hab./km² | ||||
Déamainm | Úcránach | ||||
Teanga oifigiúil | an Úcráinis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Oirthear na hEorpa stáit iar-Shóivéadacha an Eoraip | ||||
Achar dromchla | 603,550 km² | ||||
Pointe is airde | Hoverla (en) (2,061 m) | ||||
Pointe is ísle | Inbhear Kuyalnik (−5 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine, Daon-Phoblacht na hÚcráine agus an tAontas Sóivéadach | ||||
Cruthú | 9 haois: Kievan Rus' 1199: Kingdom of Galicia–Volhynia (en) 1648: Cossack Hetmanate (en) 7 Samhain 1917 (Iúlach): Daon-Phoblacht na hÚcráine 10 Márta 1919: Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine 24 Lúnasa 1991: cúis leis seo Iarracht ar coup d'état san APSS i 1991 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | semi-presidential system (en) | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Cabinet of Ministers of Ukraine (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Verkhovna Rada (en) | ||||
• Uachtarán na hÚcráine | Leonid Kravchuk (1991–1994) | ||||
• Príomh-Aire na hÚcráine | Denys Shmyhal (2020–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach na hÚcráine | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 199,765,856,765 $ (2021) | ||||
Airgeadra | hryvnia na hÚcráine | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ua agus .укр | ||||
Glaochód | +380 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 101, 102 agus 103 | ||||
Cód tíre | UA | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | ukraine.ua | ||||
Tá teoiricí éagsúla ann maidir le bunús sanasaíoch an ainm Úcráin, ach is é an ceann is coitinne ná gur tháinig sé ó shean-nath Slavach le haghaidh "talamh críche, teorainn" .i. ó Sean-Slavais Oirthearach оукраина, díorthaithe ó na focail оy (u, "ag") + краи (krai, "imeall"), nó край (kraj, "talamh").
Tá an Úcráin ag críochantacht leis An Rúis, ar an taobh thoir agus thuaidh, leis An Bhealarúis san iarthuaisceart, leis An Pholainn, leis An tSlóvaic, leis An Ungáir ar an taobh thiar, leis An Rómáin, agus leis An Mholdóiv ar an taobh thiar theas, agus an Mhuir Dhubh agus an Mhuir Mheoid san deisceart agus san oirdheisceart faoi seach.
Tá achar de 603,628 km2 (233,062 míle cearnach) aici, rud a chiallaíonn gurb í an tír is mó í atá go hiomlán laistigh den Eoraip.
Bhí 42.5 milliún duine ina gcónaí sa tír sa bhliain 2008, 77.8 % díobh ina Úcránaigh eitneacha, le mionlaigh shuntasacha eile; Rúisigh eitneacha (17 %), Bealarúisigh, Tataraigh agus Rómánaigh.
Is í an Úcráinis teanga oifigiúil na hÚcráine, agus í scríofa san aibítir Choireallach.
Bíonn Rúisis á labhairt go forleathan freisin.
Is í an Chríostaíocht Cheartchreidmheach Oirthearach an reiligiún ceannasach, agus chuaigh sé go mór i gcion ar ailtireacht, litríocht agus ceol na hÚcráine.
Is é 24 Lúnasa Lá Náisiúnta na hÚcráine, a dhéanann comóradh ar neamhspleáchas na tíre ón Rúis.[1]
Tá daoine ina gcónaí i gcríoch na hÚcráine ar a laghad ar feadh 44,000 bliain. Tá seans maith ann gur thosaigh ceansú an chapaill anseo, agus freisin gur tír thionscnaimh na teangan Prota-Ind-Eorpaise í.
Sna meánaoiseanna, ba limistéar lárnach í de chultúr na nOir-Shlavach í, mar shampla, an stát cumhachtach 'Cív na Rúise'.
Tar éis í a bheith ilroinnte sa 13ú haois, bhí an Úcráin faoi réir coimhlinte, forlámhais agus deighilte ag cumhachtaí éagsúla. Tháinig Poblacht Chosacach chun cinn le linn na 17ú agus an 18ú haoiseanna, ach, thairis sin, d'fhan an Úcráin roinnte go dtí a comhdhlúthú isteach sa phoblacht Sóivéadach sa bhfichiú haois.
Bhain an Úcráin a neamhspleáchas amach ar 24 Lúnasa 1991.[1]
Tar éis gur tharla díscaoileadh an Aontais Shóivéadaigh, lean an Úcráin ag coimeád an dara fórsa míleata is mó san Eoraip, i ndiaidh na Rúise, nuair a chuirtear cúltacaí agus pearsanra paraimíleata san áireamh.
Ghabh an Rúis an Chrimé isteach inti féin sa bhliain 2014, ar cuid den Úcráin í ó cheart, go mídhleathach, gníomh a cháin an tAontas Eorpach.[2]
Chuir Parlaimint na hÚcráine a hUachtarán as oifig ar 22 Feabhra 2014 tar éis na míonna d'agóidí agus de chorraíl i measc an phobail. Thosaigh tréimhse fhada éiginnteachta de dhroim chaidreamh na hÚcráine leis an Aontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus leis an Rúis, ar an taobh eile.
Ar an 25 Samhain 2018, rinne an Rúis ionradh armtha ar thrí longa cogaidh de chuid na hÚcráine i gcaolas Ceirts.[3] Ghabh an Rúis smacht ar an Mhuir Mheoid mar sin, gníomh a cháin an tAontas Eorpach aon uair arís.
Ar adhmhaidin an 24ú Feabra 2022, d'fhógair Vladimir Putin, uachtarán na Rúise, "oibríocht mhíleata" leis an Úcráin a "dhímhíleatú".[4][5]
Is poblacht í an Úcráin, faoi chóras leath - uachtaránachta le craobhacha reachtacha, feidhmiúcháin, agus breithiúnacha ar leith.
Is stát aonadach é an Úcráin atá comhdhéanta de 24 oblast (cúige), agus cathair a bhfuil stádas speisialta aici: Cív, an phríomhchathair agus an chathair is mó,
Roimh 2014, bhí poblacht uathrialach amháin (an Chrimé) agus cathair a raibh stádas speisialta aici Sevastopol, ina mbíonn leaba ancaire in áirithe, faoi chomhaontú léasaithe, ag Cabhlach Rúiseach na Mara Duibhe.
Le fada, bhí an Úcráin ina ciseán aráin domhanda, mar gheall ar an ithir shaibhir. Sa bhliain 2011, bhí an Úcráin san tríú háit ar domhan i dtaobh onnmhairithe gráinne. Ina theannta sin, tá earnáil déantúsaíochta dea-fhorbartha aici, go háirithe i réimse an aeraspáis agus trealaimh thionsclaíochta.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.