tír in Oirthear na hEorpa From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír thalamhiata í an Mholdóiv nó an Mholdáiv, nó Poblacht na Moldóive go hoifigiúil, in Oirthear na hEorpa, suite idir an Rómáin agus an Úcráin. Is í Císineá príomhchathair na tíre.
An Mholdóiv | |||||
---|---|---|---|---|---|
Moldova (ro) | |||||
|
|||||
Aintiún | Limba noastră | ||||
Mana | «Discover the routes of life» «Dewch i Ddarganfod Taith Bywyd» | ||||
Ainmnithe in ómós | Prionsacht na Moldáive | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Císineá | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,603,813 (2022) | ||||
• Dlús | 76.94 hab./km² | ||||
Déamainm | Moldóvach | ||||
Teanga oifigiúil | an Rómáinis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Oirdheisceart na hEorpa Oirthear na hEorpa | ||||
Achar dromchla | 33,843.5 km² | ||||
Pointe is airde | Bălănești Hill (en) (430 m) | ||||
Pointe is ísle | An Dnístir (2 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Moldáive agus an tAontas Sóivéadach | ||||
Cruthú | 27 Lúnasa 1991 | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint Phoblacht na Moldóive | ||||
• Uachtarán na Moldóive | Mircea Snegur (1990–1997) | ||||
• Príomh-Aire na Moldóive | Dorin Recean (2023–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 13,692,230,147 $ (2021) | ||||
Airgeadra | leu na Moldóive | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .md | ||||
Glaochód | +373 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 | ||||
Cód tíre | MD | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | moldova.md |
D'fhógair an Mholdóiv a neamhspleáchas ar an 27 Lúnasa 1991, mar chuid de dhíscaoileadh an tAontas Sóivéadach. Ghlacadh le Bunreacht na Moldóive i 1994. Tá stráice críocha Moldóvach ar bhruach thoir na habhann Dniester faoi cheannas de facto rialtas Tras-dnístria ó 1990.
Mar gheall ar laghdú i dtáirgeacht tionsclaíochta agus talmhaíochta i ndiaidh díscaoileadh an tAontas Sóivéadach, tá earnáil na seirbhísí tar éis fás agus anois is é os cionn 60% de olltáirgeacht (OTI) na tíre. Tá ceann de na geilleagar is boichte san Eoraip sa Moldóiv.
Is poblacht pharlaiminteach í an Mholdóiv le uachtarán mar cheann stáit agus príomh-aire mar cheannaire rialtais. Is ballstáit í sna Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht Domhanda Trádála, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhair san Eoraip (ENASCE) agus Comhlathas na Stát Neamhspleách. Tá sí ag iarraidh a bheith mar bhallstáit san Aontas Eorpach.
Tagann an t-ainm 'an Mholdóiv' ó Abhainn na Moldóive; úsáideadh gleann na habhann seo mar ionad pholaitíochta ag an am inar bhunaíodh Prionsacht na Moldóive i 1359. Níl a fhios againn bunús ainm na habhann. De réir an fhinscéil a d'inis na croiniceoirí Moldóiví Dimitrie Cantemir agus Grigore Ureche, bhronn an Prionsa Dragos an ainm ar an abhainn tar éis gur bheir sé ar áracsanna; i ndiaidh na tóraíochta bádh cú spíonta an Phrionsa, Molda, san abhainn.
Ar feadh tamaill ghairid i rith na 1990idí, ag bunú Comhlathais na Stát Neamhspleách, litríodh ainm Poblacht na Moldóive mar "an Mholdáiv" chomh maith. I ndiaidh déscaoileadh an Aontais Shóivéadaigh, thosaigh an tír ag úsáid an ainm Románaigh, Moldova. Ach bhronn na Náisiúin Aontaithe an t-ainm Poblacht na Moldóive ar an tír.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.